Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 16:4 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

4 Tá fhios agaibh conus gnúis na spéire do bhreithniú; agus nách féidir libh cómharthaí na h-aimsire dh’aithint? Tá sliocht an uilc agus an adhaltranais ag lorg cómhartha; ach ní tabharfar de chómhartha dhóibh ach cómhartha Iónais Fáidh. Agus d’fhág sé ansan iad agus d’imthigh sé.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

4 Tá an drochghlúin adhaltrach ag iarraidh comhartha, ach ní thabharfar aon chomhartha di ach comhartha Ióna.” Agus thug sé a chúl leo agus dʼimigh leis.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

4 Is eol díbh, mar sin, gnúis na spéire a bhreathnugadh: An é nach dtig libh cómharthaí na linne d’aithne? Iarrann droch-ghlúin adhaltrannach cómhartha, acht ní thabharfar cómhartha dí, acht cómhartha Iónais, fáidh. Agus d’fhág sé iad agus d’imthigh sé.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

4 Bíonn droch‐shliocht adhaltrannach ar lorg cómhartha, acht ní tiubharfar cómhartha dhó, acht cómhartha Iónáis. Agus d’fhág sé iad, agus d’imthigh sé.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

4 Iárraidh an droichchineadh adhaltrannach comhartha; agus ní tiobharthar comhartha dhó, achd comhartha Iónás an fáidh, agus ar ndealughadh ríu, do imthigh sé.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

4 Drochghlúin adhaltrach agus í ag lorg comhartha, agus gan de chomhartha le tabhairt di ach comhartha Ióna”–á bhfágáil ansin agus ag imeacht leis.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

4 Drochghlúin adhaltrach agus í ag lorg comhartha, agus gan de chomhartha le tabhairt di ach comhartha Ióna” - a bhfágáil ansin agus ag imeacht leis.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 16:4
15 Tagairtí Cros  

Sgaoilidh leó san; giollaí dalla ag dallaibh iseadh iad; agus má dheineann dall giollacht ar dhall, tuitfid siad araon sa díg.


Agus nuair a tháinig a dheisgiobuil treasna na faraige, dhearmhadadar arán a thabhairt leó.


Agus dhein sé osna ’n-a spioraid, agus dubhairt sé: Cad ab áil leis an sliocht san ag lorg cómhartha? Go deimhin a deirim libh, ní tabharfar cómhartha do’n tsliocht san.


Óir an t-é go mbeidh náire air mar gheall orm-sa agus ar mo bhréithre i láthair an tsleachta so atá adhaltranach peacamhail, beidh náire ar Mhac an Duine uime sin nuair a thiocfaidh sé i nglóire a Athar i bhfochair na n-aingeal naomhtha.


Ach bhí na Iúdaígh ’gha bhréagnú go masluightheach. Ansan do chroth sé a chuid éadaigh agus dubhairt sé: Bíod bhúr gcuid fola ar bhúr gceann féin. Táimse glan.


agus le mórán eile focal bhí sé ag deimhniú’ dhóibh agus ag tathant ortha, agus deiread sé: Cimeádaidh sibh féin saor ó’n sliocht aimhleasta so.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí