Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 16:21 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

21 Ansan do thosnuigh Íosa ar a thaisbeáint d’á dheisgiobuil nár bhfoláir é féin a dhul go Ierúsalem agus mórán d’fhulang ós na sínsearaibh agus ós na Sgníbh-neóiríbh agus ó uachtaránaibh na sagart, agus a chur chun báis, agus a aiseirighe an trímhadh lá.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

21 Ón am sin amach thosaigh Íosa ar a nochtadh dá dheisceabail go gcaithfeadh sé dul go hlarúsailéim agus a liacht a bhí le fulaingt aige ó na seanóirí agus na hardsagairt agus na scríobhaithe, agus bheith á chur chun báis, agus bheith á thógáil an tríú lá.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

21 Ó’n am sin amach thoisigh Íosa a léiriughadh dá dheisciobail go gcaithfeadh sé dul go h-Ierusalem, agus mórán neithe d’fhulang ó na seanóirí, agus ó na Scríobhaidhthe, agus ó uachtaráin na sagart, agus bás d’fhulang, agus éirghe arís ar an treas lá.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

21 Ó’n am sin amach do thosnuigh Íosa ar a mhíniú d’á dheisceablaibh gur ab éigean dó dul go h‐Iarúsalem, agus mórán d’fhulang ó na seanóiribh, agus ó na h‐árd‐shagartaibh, agus ó na scríobhaidhthibh, agus go gcuirfidhe é chum báis, agus go n‐aiséireochadh sé an tríomhadh lá.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

21 O a núairsin amach do thionnsgain Iosa a fhoillseaghadh dhá dheisciobluibh, gur ab éigin dó dhul go Híarusaleim, agus mórán dfulang ó na seinnsearuibh agus ó úachdaránaibh na sagart agus ó na sgriobuidhibh, agus bás dfulang, agus eiséirghe an treas lá.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

21 Ón uair sin amach, thosaigh Íosa dá thaispeáint dá dheisceabail nárbh fholáir dó dul go hIarúsailéim agus mórán a fhulaingt ó na seanóirí agus ó uachtaráin na sagart agus ó na scríobhaithe, agus a chur chun báis, agus éirí an treas lá.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

21 Ón uair sin amach, thosaigh Íosa á thaispeáint dá dheisceabail nárbh fholáir dó dul go Iarúsailéim agus mórán a fhulaingt ó na seanóirí agus ó uachtaráin na sagart agus ó na scríobhaithe, agus a chur chun báis, agus éirí an treas lá.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 16:21
31 Tagairtí Cros  

Óir, fé mar a bhí Iónas trí lá agus trí oidhche i mbolg an mhíolmhóir, beidh Mac an Duine trí lá agus trí oidhche i gcroidhe na talmhan.


Agus do thóg Peadar é, agus chrom sé ar aighneas leis, agus dubhairt sé: Abhfad uait-se sin, a Thighearna. Ní thiocfaidh san ort-sa.


Go deimhin adeirim libh, tá cuid d’á bhfuil ’n-a seasamh anso agus ní bhlaisfid siad bás go bhfeicfid siad Mac an Duine ag teacht ’n-a rígheacht.


Ach deirim-se libh go dtáinig Elias cheana, agus níor aithnigheadar é, ach d’imireadar a dtoil air. Agus sin mar atá le fulang ag Mac an Duine uatha.


Agus ag teacht anuas ó’n gcnoc dóibh dubhairt Íosa leo: Ná h-innsidh d’aoinne an radharc go n-eirighidh Mac an Duine ós na mairbh.


Fé mar nár tháinig Mac an Duine chun seirbhíse dh’fhághail, ach chun seirbhíse thabhairt uaidh, agus chun a anama thabhairt uaidh mar cheannach ar a lán.


Is eól daoibh go mbeidh an Cháisg ann tar éis dhá lá, agus tabharfar Mac an Duine suas chun a chéasda.


Agus é ag rádh na bhfocal san, féach, tháinig Iúdás, duine de’n dáréag, agus sluagh le n-a chois a chuir uachtaráin na sagart agus seanóirí an phobuil leis, agus claidhmhte acu agus bataí.


Agus nuair a chuir uachtaráin na sagart agus na seanóirí neithe ’n-a leith, níos thug sé aon fhreagra ortha.


Agus dubhradar: A Uasail, is cuimhin linn go ndubhairt an feallaire úd nuair a bhí sé bheó: I gceann trí lá eireóchad airís.


Ní’l sé anso: Mar d’aiseirigh sé, fé mar a gheall sé: tagaidh agus féachaidh ar an áit ’n-ar cuireadh an Tighearna.


Agus chrom sé ar a theagasg dóibh nár bhfoláir do Mhac an Duine mórán d’fhulang, agus na seanóirí ’ghá shéanadh, agus uachtaráin na sagart, agus na Sgríbhneóirí; agus go gcurfaí chun báis é, agus tar éis trí lá go n-eíreóchadh sé ó’n mbás.


Ach deirim-se libh-se go dtáinig Elias cheana féin, agus gur imreadar a dtoil air, mar atá sgríobhtha ’n-a thaobh.


Ní foláir dó an dtúis, ámhthach, mórán d’fhulang, agus an tsliocht só ’ghá shéanadh.


Agus dubhairt leó: Sin mar atá sgríobhtha, agus sin mar nár bhfoláir do Chríost fulang, agus aiseirighe ó-s na mairbh an trímhadh lá,


Do chonacthas iad i nglóire, agus do thráchtadar ar a bhas, an bás a bhí aige le críochnú i nIerúsalem.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí