Matha 16:21 - An Bíobla Naofa 198121 Ón uair sin amach, thosaigh Íosa á thaispeáint dá dheisceabail nárbh fholáir dó dul go Iarúsailéim agus mórán a fhulaingt ó na seanóirí agus ó uachtaráin na sagart agus ó na scríobhaithe, agus a chur chun báis, agus éirí an treas lá. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)21 Ón am sin amach thosaigh Íosa ar a nochtadh dá dheisceabail go gcaithfeadh sé dul go hlarúsailéim agus a liacht a bhí le fulaingt aige ó na seanóirí agus na hardsagairt agus na scríobhaithe, agus bheith á chur chun báis, agus bheith á thógáil an tríú lá. Féach an chaibidilNa Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara21 Ó’n am sin amach thoisigh Íosa a léiriughadh dá dheisciobail go gcaithfeadh sé dul go h-Ierusalem, agus mórán neithe d’fhulang ó na seanóirí, agus ó na Scríobhaidhthe, agus ó uachtaráin na sagart, agus bás d’fhulang, agus éirghe arís ar an treas lá. Féach an chaibidilTiomna Nua 1951 (de Siúnta)21 Ó’n am sin amach do thosnuigh Íosa ar a mhíniú d’á dheisceablaibh gur ab éigean dó dul go h‐Iarúsalem, agus mórán d’fhulang ó na seanóiribh, agus ó na h‐árd‐shagartaibh, agus ó na scríobhaidhthibh, agus go gcuirfidhe é chum báis, agus go n‐aiséireochadh sé an tríomhadh lá. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)21 O a núairsin amach do thionnsgain Iosa a fhoillseaghadh dhá dheisciobluibh, gur ab éigin dó dhul go Híarusaleim, agus mórán dfulang ó na seinnsearuibh agus ó úachdaránaibh na sagart agus ó na sgriobuidhibh, agus bás dfulang, agus eiséirghe an treas lá. Féach an chaibidilNa Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)21 Ansan do thosnuigh Íosa ar a thaisbeáint d’á dheisgiobuil nár bhfoláir é féin a dhul go Ierúsalem agus mórán d’fhulang ós na sínsearaibh agus ós na Sgníbh-neóiríbh agus ó uachtaránaibh na sagart, agus a chur chun báis, agus a aiseirighe an trímhadh lá. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 201221 Ón uair sin amach, thosaigh Íosa dá thaispeáint dá dheisceabail nárbh fholáir dó dul go hIarúsailéim agus mórán a fhulaingt ó na seanóirí agus ó uachtaráin na sagart agus ó na scríobhaithe, agus a chur chun báis, agus éirí an treas lá. Féach an chaibidil |