Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Salm 34 - An Bíobla Naofa 1981


Eagla Dé

1 [Salm de chuid] Dáiví nuair a lig sé air bheith as a mheabhair i bhfianaise Aibímeilic nuair a chuir seisean an ruaig air.

2 Beannóidh mé an Tiarna i dtólamh beidh a mholadh i mo bhéal i gcónaí.

3 Bíonn m'anam ag déanamh mórtais as an Tiarna: éistfidh daoine ísle agus beidh áthas orthu.

4 Móraigí an Tiarna mar aon liom: tugaimis adhradh dá ainm in éineacht.

5 Bhí mé ag lorg an Tiarna agus d'éist sé liom agus d'fhuascail sé ó m'eagla go léir mé.

6 Féachaigí chuige agus loinnir oraibh ‘s na bíodh luisne na náire in bhur leicne.

7 Nuair a scairt an t‑ainniseoir seo d'éist an Tiarna, agus shaor sé óna chúngaigh go léir é.

8 Bíonn aingeal an Tiarna i gcampa thart ar lucht a eaglaithe, á bhfuascailt.

9 Blaisigí is féachaigí a fheabhas atá an Tiarna: is aoibhinn dá dtagann faoina dhídean.

10 A dhaoine naofa an Tiarna, bíodh a eagla oraibh; ní bhíonn díth ar an dream lenarb eagal é.

11 Bíonn easpa agus ocras ar leoin óga: ní bhíonn aon easpa ar lucht iarrtha an Tiarna.

12 Téanaigí, a chlann ó, agus éistigí liom go múinfidh mé eagla an Tiarna daoibh.

13 Cé hé an duine a shantaíonn an bheatha? agus fad saoil faoi shéan is faoi shonas?

14 Coinnigh do theanga ón olc agus do bhéal ó bhriathra éithigh.

15 Seachain an t‑olc agus déan an mhaith; bí ag lorg na síochána agus lean di.

16 Bíonn súile an Tiarna ar na fíréin agus tugann sé aird ar a n‑achainí.

17 Iompaíonn an Tiarna ó lucht déanta an oilc d'fhonn a gcuimhne a scriosadh den talamh.

18 Éisteann an Tiarna nuair a ghlaonn na fíréin air: fuasclaíonn sé óna gcúngaigh go léir iad.

19 Bíonn an Tiarna i ngar don lucht coscartha agus tarrthaíonn sé an dream atá do-mheanmnach.

20 Is iomaí sin buairt ar an bhfíréan, ach fuasclaíonn an Tiarna orthu uile é;

21 cosnaíonn sé a chnámha go léir; ní bhrisfear oiread is aon cheann amháin acu.

22 Tiománfaidh an t‑olc an t‑éagráifeach chun a bháis, agus daorfar lucht fuatha an fhíréin.

23 Fuasclaíonn an Tiarna anamacha a shearbhóntaí: ní dhaorfar a dtéann faoina choimirce.

An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.

An Sagart
Lean orainn:



Fógraí