Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Salm 138 - An Bíobla Naofa 1981


Altú Buíochais
1 Le Dáiví.

1 Le Dáiví. 1 A Thiarna, gabhaim buíochas leat ó chroí; óir d'éist tú le briathra mo bhéil. Seinnfidh mé duit i bhfianaise na n‑aingeal;

2 agus sléachtfaidh mé ag do theampall naofa. Gabhaim buíochas leat as ucht do bhuanghrá agus do dhílse, a sháraíonn ar [ar chualamar riamh fút].

3 D'éist tú liom nuair a ghlaoigh mé ort; agus chuir tú le neart m'anama.

4 Molfaidh ríthe uile na cruinne thú, a Thiarna, nuair a chluinfidh siad briathra do bhéil.

5 Canfaidh siad faoi shlite an Tiarna: “Nach éachtach í glóir an Tiarna!”

6 Dá airde é an Tiarna is cúram dó an t‑íseal; ach breathnaíonn sé an t‑uaibhreach i bhfad uaidh.

7 Bíodh go siúlaim i lár na trioblóide, tugann tú beatha dom in aghaidh fraoch m'eascairde. Síneann tú do lámh chugam do mo shaoradh; agus fóirfidh tú orm le do dheasláimh.

8 Cuirfidh an Tiarna chun cinn a bhfuil tosaithe aige dom. Maireann do bhuanghrá go síoraí, a Thiarna; ná caith dímheas ar shaothar do lámh.

An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.

An Sagart
Lean orainn:



Fógraí