Salm 121 - An Bíobla Naofa 1981Is é an Tiarna ár nDídean 1 Amhrán Oilithreach. 1 Amhrán Oilithreach. 1 Tógaim mo shúile chun na sléibhte. Cad as do mo chúnamh? 2 Is ón Tiarna féin atá mo chúnamh, a rinne neamh agus talamh. 3 Nár lige sé duit tuisliú go deo; nár dhéana do gharda codladh. 4 Féach! ní thitfidh sámhchodladh ná suan ar gharda Iosrael. 5 Is é an Tiarna do gharda is do dhídean, agus é ar do dheis. 6 Ní bhuailfidh an ghrian thú i rith an lae, ná an ré istoíche. 7 Coimeádfaidh an Tiarna ón uile olc thú; coimeádfaidh sé d'anam. 8 Coimeádfaidh an Tiarna thú ag imeacht is ag teacht duit, anois agus choíche. |
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.
An Sagart