Salm 100 - An Bíobla Naofa 1981Gairdígí don Tiarna 1 Salm buíochais. 1 Salm buíochais. 1 Gairdígí don Tiarna, a thíortha uile; 2 fónaigí don Tiarna go lúcháireach. Tagaigí ina láthair le hamhráin áthais. 3 Bíodh a fhios agaibh gurb é an Tiarna is Dia ann. Eisean a rinne sinn; is leis féin sinn. Sinne a phobal agus caoirigh a pháirce. 4 Gabhaigí buíochas leis ag dul isteach ina dhoirse daoibh. Siúlaigí isteach ina chúirteanna le cainticí. Tugaigí moladh dó agus móraigí a ainm. 5 Nach maith é go deimhin an Tiarna; maireann a bhuanghrá go brách. Is dílis é ó ghlúin go chéile. |
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.
An Sagart