A chairde, smaoinigh ar seo: Is tríd an aithrí a thagann an tslánú chugainn. Nuair a dhéanaimid aithrí, glacaimid le Íosa inár saol agus athraímid ár slí bheatha, ag tréigean gach a bhfuil míthaitneamhach do Dhia. Saorann an tslánú, trí Íosa, sinn ó chumhacht an pheaca agus ón mbás spioradálta.
Glaoitear orainn saol naofa a chaitheamh chun bronntanas an tslánaithe a choinneáil. Coinnímid an tslánú trí urnaí, tríd an mBriathar agus trí iompar Críostaí a léiriú os comhair daoine eile.
Bronntanas gan tuilleamh atá sa tslánú. Deir Briathar Dé, agus sinn fós inár bpeacaigh, gur fhaigheadh Críost bás ar ár son go léir. Ní féidir linn an tslánú a fháil ach trí ár dTiarna Íosa Críost.
Mar a deirtear in Gníomhartha na nAspal 4:12, "Níl slánú in aon duine eile; mar níl aon ainm eile faoin spéir, tugtha do dhaoine, trínar féidir linn a bheith slánaithe."
Tuigimis luach an tslánaithe agus an bheatha shíoraí a ghabhann leis. Buíochas le Dia as an deis seo a thabhairt dúinn agus guímis go gcuideoidh sé linn an bronntanas luachmhar seo a choinneáil slán.
Do fhreaguir Iósa agus a dubhairt sé ris, Go deimhin, deimhin, a deirim riot, Muna gheintear duine a rís, nach éidir leis rioghachd Dé dfaicsin.
Do fhreagair Iósa, Go deimhin, deimhin, a deirim riot, Muna raibh neach ar na gheineamhuin ó uisge agus on Spioruid, ní heidir leis dul a sdeach a rioghachd Dé.
Do fhreagair Iósa, Go deimhin, deimhin, a deirim riot, Muna raibh neach ar na gheineamhuin ó uisge agus on Spioruid, ní heidir leis dul a sdeach a rioghachd Dé. An ní atá ar na gheineamhuin on bhfeoil as feoil é; agus an ni ata ar na gheineamhuin on Spiorid is spiorad é.
Eadhon dá nadmha tú ód bhéol an Tighearna Iósa, agus dá gcreide tú ad chróidhe gur thóg Día é ó mharbhuibh, sláinéochthar thú.
Glóir agus moladh do Dhía, eadhon Dathair ar Dtíghearna Iósa Críosd, noch do aithghin sinn do réir a mhórthrócaire chum béomhuinighne tré eiséirghe Iósa Críosd ó mharbhuibh.
Ar a nadhbharsin má atá éunduine a Gcríosd, is créutúr núadh é: do imthigheadar na seinneithe thoruinn; feuch, do rinneadh na huile neithe núadh.
Oír a Níosa Críosd ní bhfuil éifeachd ar bith a dtimchillghearradh, ná a neamhthimchillghearradh, achd sa gcrúthughadh núadh.
Ar mbeith dhibh ar bhur naithghinéamhuin, ó shíol nach truáillighe, achd neamhthruáillighe, tré bhreithir Dé, mhaireas agus chómhnuigheas go síorruidhe.
Agus do fhreagair Peadar iád, Déanuidh aithrighe, agus baisdear gach áonduine agaibh a nainm Iósa Críosd chum maitheamhnuis na bpeacadh, agus géubhtháoi chugaibh tiodhlacadh a Spioruid Naoimh.
Oír asé as tuarasdal don pheacadh bás; achd asé tabhartus De an bheatha mhárrthanach tré Iosa Críosd ar Dtighearna.
Achd an mhéid do ghabh chuca é, tug sé cumhachda dhóibh bheith na gcloinn ag Día, eadhon don droing chreideas ann a ainmsean: Nach bhfuil ar na ngeineamhain ó fhuil, ná ó thoil na colla, ná ó thoil fir achd ó Dhía.
Achd Día, noch atá saidhbhir a dtrócaire, tré na mhórghrádh lér grádhuigh sé sinn, Ar mbéith dhúinn fós marbh tré chionntuibh, do chóimhbheódhuigh sé sinn maille ré Críosd, is lé grásuibh shlánaighthear sibh;
An ní atá ar na gheineamhuin on bhfeoil as feoil é; agus an ni ata ar na gheineamhuin on Spiorid is spiorad é.
Ar a nadhbharsin ní bhfuil damnughadh ar bith a nois don dreim atá a Niósa Críosd, nach siobhlann do réir na féola achd do réir na Spioruide. Agus má atá Críosd ionnuibh, atá an corp go deimhin marbh do thaóibh an pheacuigh; achd is beatha an Spiorad tré fhiréantachd. Achd má chomhnuigheann ionnuibh Spiorad an té do dhúisigh Iósa ó mharbhuibh, an té do dhúisigh Críosd ó mharbhuibh béodhachaigh sé bhar gcuirp shó mharbhthachasa mar an gcéudna tré na Spioruidsion chomhnuigheas ionnuibh. Uime sin, a bráithreacha, ní don fheóil, atámaóid ar bhféitheamhnuibh, ar chor go gcaithfeadhmaóis ar mbeatha do réir na féola. Oír más do réir na féola chaithfidhe bhar mbeatha, do ghéubthaói bás: achd má mharbhthaói gníomhartha na colla leis an Spioruid, do gheubhthaói beatha. Oír an mhéid thréoruighthear lé Spiorud Dé, a síad clann Dé íad. Oír níor ghabhabhair chugaibh Spiorad na seirbhíse a rís chum eagla; achd do ghabhabhair chugaibh Spiorad atharghadh na cloinne, tré ngoirmíd, Abba, a Athair. Do ní an Spioradsa fíadhnuisi lé ar spioriodne, gur clann do Dhía sinn: Agus más clann, is oidhrighe fós sinn; óidhrighe gan amharas do Dhía, agus comhóidhrighe do Chríosd; má fhuilngmíd a néinfheachd ris, ionnus go mbemís a ccómhghlóir ris. Oír measuim nach fíu ná neithe fhuilgemíd sa naimsirse a láthair an ghlóir fhoillséochthar dhúinn. Oír atá feitheamh díthcheallach gach creatúir ag fuireach ré foillsiughadh chloinne Dé. Oír do sháor dligheadh Spioruide na beatha a Níosa Críosd misi ó dligheadh an pheacaidh agus an bháis.
Ní do réir na noibrightheadh bhfiréunnda do rinneamairne, achd do réir a thrócaire féin do sháor sé sinn, tré ionnladh na haithghineamhna, agus tré athnúadhughadh an Spiorad Náoimh;
Uime sin má deirséirghe sibh má ráon ré Críosd, íarruidh na neithe atá shúas, sa nionad ann a bhfuil Críosd na shuídhe ar deis Dé. Agus ó chuireabhair an duine núadh iomuibh, noch atá ar na athnúadhughadh a néolas do réir íomháighe an ti do chrúthaidh é: Mar nach bhfuil Gréugach agus Iúduighe, timchillghearradh agus neamhthimchillghearradh, duine barbartha, agus Scitían, dáor agus sáor: achd Críosd na uile agus ann sna huilibh. Uime sin cuiridh iomuibh, mar chloinn thoghtha, náomhtha ionmhuin Dé, innighe trócaire, cáoine, úmhlachd inntinne, ceandsachd, agus foighid; Ag tabhair íomchair dhá chéile, agus ag maitheamh dhá chéile, má tá gearan ag neach a nadhuigh aroile: amhuil tug Críosd maitheamhnas díbhse, go madh hamhluidh sin dhéunas sibhse. Achd ós cionn na neitheannsa uile biodh aguibh carrthannachd, noch as coimcheangal diongmháltachda ann. Agus bíodh siothcháin Dé ag ríaghlughadh bhur gcroidheadh, chum a bhfuiltí fós ar bhur ngairm a néunchorp; agus bíghidh buidheach. Bíodh bríathar Chríosd na comhnuide ionnuibh go saidhbhir sa nuile éagna; dá bhur múnadh agus dá bhur dteagasg féin a salmuibh agus a bhfonnuibh molta Dé, agus a gcainticibh sbioradálta ag déunamh ceóil don Tíghearna ann bhur gcroidhthibh maillé ré gean. Agus gidh bé ar bith ní dhéuntaói a mbreithir nó a ngníomh, déantar íad uile a nainm an Tíghearna Iósa, ag breith bhuídheachais díbh ré Día eadhon an Tathair thrídsion. A mhnám, bíghidh úmhal da bhur bhfearuibh, mar is cubhaidh sa Dtíghearna. A fhiora, grádhuighe bhur mná, agus ná bíghidh searbh dhóibh. Bíodh bhur ndúil sna neithibh atá shúas, agus ní sna neithibh atá air talamh. A chlann, bíghidh úmhal do bhur naithribh agus do bhur máthribh sna huile neithibh: óir as mór gean an Tíghearna ar so. A aithreacha, na brosduighe bhur gclann chum feirge, deagla a meisnighe do chur ar gcúl. A shearbhfhoghantuighidh, bíghidh úmhal sna huile neithibh don druing is maighisdridhe oruibh do réir na feóla; ní a seirbhís súl, mar luchd do ní toil na ndaóine; achd maille re neamhurchóid chroidhe, ar mbeith eaglach dhíbh roimhe Dhía: Agus gidh bé ar bith ní do ní sibh, déunuidh é ó chroídhe, amhuil don Tíghearna, agus ní do dhaóinibh; Ar mbeith a fheasa aguibh go bhfuighe sibh ón Dtíghearna luáidheachd oighreachda: óir as don Tíghearna Críosd do ní sibh seirbhis. Achd gidh bé ní eúgcoir, do ghéubhuidh sé lúach sáothair na héugcóra do rinne sé: agus ní bhfuil féuchuin do phearsuinn seach a chéile. Oír atá sibh marbh, agus atá bhur mbéatha folaighthe má ráon ré Críosd a Ndía.
Ná biódh ionghadh agad go ndubhairt misi riot, Gur ab éigean dáoibh bhur ngeineamhuin a rís.
Druideam air ar naghaidh maille ré croídhe fírinneach sáirdheimhneach a gcreideamh, ar mbeith dár gcroídhibh ar na ccróthadh ó dhrochchoinnsías, agus ar mbeith dár gcorp ionnailte ré huisge glan.
Agus do aithbhéodhuigh sé sibhse maille rísion, ar mbeith dhíbh marbh a bpeacaidhibh agus a neamhthimchillghearradh bhur bhféola, ag maitheamh a nuile pheacuidh dhíbh;
Oír is mar so do ghrádhuigh Día an domhan, go dtug sé a éighein Meic fein, ionnus gidh bé chreideas ann, nachd rachadh sé a mugha, achd go mbeith an bheatha shiorruidhe aige.
Gidh bé chreideas gur ab é Iósa an Críosd atá sé ar na thuismeadh ó Dhía: agus gach áon ghradhuigheas an tuismightheóir grádhuidhe se mar an gcéudna an tí do tuismeadh úadh.
As dá thoil féin do aithghin sé sinne ré bréithir na fírinne, chum bheith dhúinn ar gcéud tórthuibh dhá chreatúraibhsion.
Achd ní feas don duine nádúrtha na neithe thig ó Spiorad Dé: óir as aimhghliocas ris íad: agus fós ní féidir leis a bhfios do bheith aige, do bhrígh gur go sbioradalta aitheantar iad.
Do céusadh mé má ráon ré Críosd: gidheadh atáim beo; bíodh nach misi feasda, achd Críosd atá béo ionnam: agus an bheatha chaithim a nois sa gcoluinn is tré chreideamh Mhic Dé chaithim í, noch do ghrádhuigh mé, agus tug é féin ar mo shon.
Achd an mhéid do ghabh chuca é, tug sé cumhachda dhóibh bheith na gcloinn ag Día, eadhon don droing chreideas ann a ainmsean:
Agus na cumaidh sibh féin ris an tsáoghalsa: achd cuiridh sibh féin a natharrach crotha ré hathnúadhughadh bhur ninntinne, ionnus go mbíadh a dhearbh aguibh créud í toil mhaith, gheanamhuil, dhiongmhála Dé.
As é an spiorad bheódhaigheas; ní bhfuil tarbha ar bith sa bhfeóil: na bhríathra labhruimsi ribh, is spiorad, agus as beatha iád.
Ní héidir lé neach ar bith teachd chugamsa, muna dtairrnge an Tathair do chuir uádh mé, é: agus dúiséochuidh misi é ann sa lá deigheanach.
Ar a nadhbharsin atámuid adhlaice maráon risean tré bhaisdeadh chum báis: ionnus do réir mar do tógbhadh súas Críosd ó mharbhaibh chum glóire a Náthar, gur mar sin mar an gcéudna do dhéunmais siubhal a núaidheachd beatha.
Achd ní bhfuiltísi do réir na féola, achd do réir na Spioruide, má atá Spiorad Dé na comhnuidhe ionnuibh. Achd gidh bé nach a bhfuil Spiorad Chríosd aige, ní lé Críosd an duine sin.
Go deimhin, deimhin, a deirim ribh, An té éisdeas rém bhréithirse, agus chreideas don té do chuir uádh mé, atá an bheatha mharrthanach aige, agus ní thiocfa sé chum damnuighthel achd datharruigh sé ó bhás go beathaidh.
Agus an duine núadh do chur íomuibh, noch atá ar na chrúthughadh do réir Dé a bhfiréuntachd agus a bhfíornáomhthachd.
Oír amhuil mar gheibhid na huile dhaóine bás a Nádhamh, as mar an gcéudna do dhéuntar íad uile daithbhéodhughadh a Gcríosd.
Gidh bé neach gheintear ó Dhía ní dhéuna sé peacadh; óir do ní a shíolsan comhnuighe ann: agus ní héidir leis peacadh do dhéunamh, do bhrígh go bhfuil sé ar na gheineamhuin ó Dhía.
Ann a bfuilti mar an gcéudna timchillgearrtha ré timchillghearradh nach láimhdhéunta, ag cur chuirp pheacuidh na féola dhíbh tré thimchillghearradh Chríosd:
Achd as chum sléibhe Síon atá sibh ar dteachd, agus chum caithreach Dé bhí, chum na Hierusalém neamhgha, agus chum cuideacha na mílteadh aíngeal, Agus chum an coimhthionóil ghinearalta agus eagluis gacha chéidghine, noch atá sgríobhtha ar neamh, agus chum Dé breitheamh na nuile, agus chum spíorad na bhfiréun ndiongmhálta, Agus chum Iósa eidirmheadhontóir na tiomna nuáidhe, chum na fola do craitheadh, labhrus neithe as fear na é sin Abéil.
Tré a dtug sé dhúinn geallamhnacha ró mhóra morluáidh: ionnus go mbíadh thrítheadh so cumann aguibh ris a nádúir dhíagha, ar mbeith dhibh ag seachna an truáillidhe atá sa tsáoghal tré ainmhían.
Agus a dubhairt sé, Go fírinneach a deirim ribh, Muna bfhilltí, agus muna mbeithí mar leanbána, nach rachdaoi a sdeach do rioghach neamhdha.
Gidh bé chreideas ionnamsa, mar a dubhairt an sgrioptúir, lingfid srotha duisge bhéo as a bhroinn.
Agus do bhrígh go bhfuiltí bhur gcloinn, do chuir Día úadh ann bhur gcroidhthubh Spiorad a Mhic féin, ghoireas, Abbá, Athair.
Agus do aithbhéodhuigh sé sibhse maille rísion, ar mbeith dhíbh marbh a bpeacaidhibh agus a neamhthimchillghearradh bhur bhféola, ag maitheamh a nuile pheacuidh dhíbh; Ar sgríos sgríbhinne na norduigheadh do bhí ar nadhuighne dhó, agus do bhí contrárrdha dhúinne, do thóg se as a tslighe í, ága greamadh don chroich;
Más feasach sibh eision do bheith fíréunta, bíodh fios aguibh gur úadhasan gheintear gach áon leanas don fhiréuntachd.
Ar a nadhbharsin tar éis ar soártha tré chreideamh, atá siothcháin aguinn ré Día tré ar Dtighearna Iósa Críosd: Oir má, réidheadh eadruinne agus Día tré bás a Mhic, a nuáir do bhámar ar náimhdibh, is mó ná sin go mór, ar mbeith a nathmhuinnteardhas dúinn, choimhéadfuighthear sinn tré na bheathasan. Agus ní hé sin amháin, achd már an gcéudna do nímíd máoidheamh a Ndía tré ar Dtighearna Iósa Críosd, tré a bhfúaramar a nois an tathmhuinnteardhas. Ar a nadhbharsin mar tháinic an peacadh air a tsáoghal tré áonduine amhain, agus an bás trés an bpeacadh; is mar sin ráinic an bás na huile dhaóine, ar son gur pheacuigheadar uile: Oír gus an dligheadh do bhí an peacadh ann sa tsáoghal, achd ní cuirthear an peacadh a leith dhuine a nuáir nach mbíonn dligheadh ann. Gidheadh do bhí rioghachd ag an mbás ó Adhamh go Maóisi, ar a ndréim fós nar pheacaigh do réir chosamhlachda easumhlachda Adhuimh, noch atá na fhioghair ag an té úd do bhí chum teachda. Achd ní mar an gcoir, atá an tiodhlacadh. Oir má fúaradar mórán bás tré thuitim áonduine amháin, is romhó na sin do acfuinnigh grás Dé, agus an tiodhlacadh tré ghrás a náonduine Iósa Críosd, do mhórán. Agus ní mar an táonduine do pheacuigh, atá an tabhartas: óir tháinic an bhreitheamhnus tré áonchoir amháin chum dámanta, achd tainic an tabhartus ó iomad cionntadh chum sáortha. Oír más do bhrígh áonchoire amháin do ghabh an bás rioghachd tré áonduine; is mó ná sin go mór do ghéubhá an mhuinntir ghlacas fáirsingi ghrása agus thabhartais na fireantachda rioghachd a mbeatha tré áon, eadhon Iósa Críosd. Ar a nadhbharsin, amhail as tré áonchoir amháin tháinic bréitheamhnus air ná huile dhaóinibh chum damanta; is mar sin tháinic an tabhartus tré áontsáoradh amháin air gach uile dhuine chum sáortha na beatha. Oír mar is tré easúmhlachd éunduine amháin do rinneadh peacuigh do mhórán, is mar sin tré úmhlachd éunduine amháin do dhéantar firéanuigh do mhórán. Tré na bhfúaramar mar an gcéadna slighe trés an gcreideamh chum na ngrása ann a seasmáoid, agus a ndéanmáoid gáirdeachás fá mhuiníghin ghlóire Dé.
Achd as ar neamh atá ar gcoinbhearsáidne; an tionad as a bhfuil súil aguinn fós ré teachd an Tslánaighthéora, an Tíghearna Iósa Críosd:
Noch fós do chuir séula oruinn, agus tug comhartha daingnighthe na Sbioruide ann ar gcroidhthibh.
Oír ní bhfuil náire óram fá shoisgéal Chríosd: do bhrigh gur ab é cúmhachd Dé é chum slánaighe dá gach áon chreideas; don Iúdaighe ar tús, agus fós don Ghréugach. Oír as ann fhoillsighthear fíréuntachd Dé ó chreideamh go creideamh: amhail atá sgríobhtha, Do ghéubhaidh an firéun beatha tre chreideamh.
Oír atá sibh uile bhur gcloinn ag Día tré chreideamh a Niósa Críosd. Oír an mheid aguibh do baisdeadh a Gcríosd do chuireabhair Críosd iomuibh.
Ní thig an gaduidhe, achd do ghoid, agus do mhárbhadh, agus do mhilleadh: tháinig misi ionnus go mbíádh beatha aca agus go mbíadh sí ní is fairsinge aca.
Oír do shoillsigh gras Dé go deallruigheach do bheir slánughadh ris, chum na nuile dháoineadh, Ag tabhairt teagusg dhúinne, fá neamhdhíaghachd agus ainmbían a tsáogháilse do sheachna, agus fa ar mbeatha do chaitheamh dhúinn go measarrgha, agus go cómhthrom, agus godíagha, sa tsáoghalsa a láthair; Ar mbeith dhúinn ag fuireach ris an muinghin bheannuighe, agus re teachd deallruigheach ghloire an Dé mhóir eadhon ar Slánaightheóra Iósa Críosd; Tug é féin air ar son, chum ar bfúasgalta ó gach uile pheacadh, agus chum ar nglanta ionnus go mbeimís ar pobal geanamhuil aige féín, ag leanmhuin go dúthrachdach do dheaghoíbrighibh.
Ar mbeith fhios so aguinn, go bhfuil ar seanduine ar ná chéusadh maráon rision, do chum go sgriosfuidhe corp an pheacaidh, ionnus nách déanamaóis seirbhis ó so súas don pheacadh.
Uime sin ag so an connradh do dhéuna mé ré tigh Israél a ndiáigh na laetheadhsin, a deir an Tíghearna; Cuirfe mé mo dhlighthe ann a ninntinn, agus sgriobhthad íad ann a gcroídhe: agus biáidh mé um Dhía aca, agus béid síadsan na bpobal agumsa.
Noch do sháor sinn ó chúmhachduibh an dorchaduis, agus do atharruigh sinn go rioghachd a Mhic ionmhuin féin:
Agus mar so do bhí cuid agaibhse: achd atá sibh ar bhur nionnladh, achd atá sibh ar bhur náomhadh, achd atá sibh ar bhur sáoradh a nainm an Tighearna Iósa, agus tré Spioraid ar Ndéinne.
Achd is cinéul toghtha sibhse, sagartachd ríogha, cineadh náomhtha, pubal ar leith; ionnus go bhfoillséochadh sibh subháilcidhe an tí do ghoir sibh as dorchadus chum a sholais iongantuigh féín.
A dubháirt Iósa ría, Is misi a neiséirghe, agus an bheatha: gidh be chreideas ionnam, dá mbeith go mbiadh sé tár éis bháis, mairfidh sé: Agus gidh bé mhaireas agus chreideas ionnamsa ní bhfuighe sé bás go bráth. An gcreideann tú so?
Thug sé súas mé mar an gcéadna as an bpoll úathbhásach, as criáidh lathaidh, agus do chuir mo chosa ar charruic, agus do dhaingnidh mo choiscéime.
Do bhéara mé fós croidhe núadh dhibh, cuirfidh mé spiorad núadh a stigh ionnuibh: agus beanfa mé an croidhe clochamhail amach as bhur bhfeóil, agus do bhéara mé croidhe féola dhibh.
Achd gidh bé neach íbheas as an uisge do bhéura misi dhó ní bhía tart air go bráth; achd an tuisge do bhéara me dhó bíaidh sé na thobar uisge fhiuchaigh ann chum na beatha marrthannuighe.
Ar a nadhbharsin sirim dathchuinge oraibh, a dhearbhraithreacha, tré trócaire Dé, bhur gcuirp do thabhairt na bhéo-iodhbairt, náomhtha, geanamhail do Dhía, bhur seirbhís réusúnta.
Noch do sháor sinn, agus do ghoir sinn maille ré gairm náomhtha, ní réir ar noibrightheadh, ahd réir a chinnidh féin agus a ghrás, noch do tugadh dhúinn a Niósa Críosd roimh chrúthughadh an domhuin;
Oír as tré ghrás atá sibh ar bhur slánughadh tré ghrás atá sibh ar bhur slánughadh tré chreideamh; agus ní uáibh féin so: achd tioglacadh Dé: Ní ó oibrighthibh, deagla go ndéanadh áonduine uáill as féin.
Achd atáid so sgríobhtha, ionnus go gcreidfeadh sibh gur ab é Iósa an Críosd, Mac Dé; agus ionnas ar gcreideadh dhíbh go bhfuidheadh sibh beatha tré na ainmsion.
Gidh bé aídmheóchas gur ab é Iósa Mac Dé, atá Día na chomhnuighe ann, agus eision a Ndía.
Is sibhsi solus an domhain. Ní héidir cathair atá ar na suighiughadh ar shlíabh dfolach. Agus ní lasaid dáoine coinneal do, chum go gcuirfidis fa bhéul buiséal í, achd a gcoinnléoir; agus ní sí solas dá a mbíonn a stigh. Go madh mar sin dhealróchus bhur soillsisi a bhfíaghnuisi na ndáione, a gcrúth go bhfaicfidh síad bhur ndeaghoibrighthe, agus do dtiobhruid glóir dá bhur Nathair atá ar neamh.
Achd a sé as toradh don Spiorúid grádh, gáirdeachas, síothcháin, foíghid fhasa, ceannsachd, rún maitheasa do dhéunamh, creideamh, Macántas, measardhachd: ní bhfuil dligheadh a nadhuigh a samhuil sin.
Agus do réimhchinn sé dhúinne bheith aige féin a náit cloinne tré Iósa Críosd ar a shon féin, do réir dheaghfhuinn a thola féin,
Do chuáidh mfeóil agus mo chroidhe a laige: isé Día neart mo chroidhe, agus mo chuid ronna go bráth.
Dá nadmham ar bpeacuidh, atá seision fírinneach agus ceart re ar bpeacuigh do mhaitheamh dhúinn, agus ré ar nglanadh ó anuile neamhfhiréuntachd.
Agus ó chuireabhair an duine núadh iomuibh, noch atá ar na athnúadhughadh a néolas do réir íomháighe an ti do chrúthaidh é:
An tí diomchair ar bpeacuighne ann a chorp féin air an gcrann, ionnus air mbeith dhúinne marbh do na peacuighibh, go mairfemís do nfíréuntachd: an tí agár leigheasadh sibhse ré na chréuchduibh.
Oir má, réidheadh eadruinne agus Día tré bás a Mhic, a nuáir do bhámar ar náimhdibh, is mó ná sin go mór, ar mbeith a nathmhuinnteardhas dúinn, choimhéadfuighthear sinn tré na bheathasan.
Uime sin ní searbhfoghantuidhe thú feasda, achd mac; agus más mac, is oighre thú mar an gcéudna do Dhía tré Chríosd.
¶ Nach cumhain libh na neithe roimhe, nach meastaói na neithe a nallúd. Féuch, do dhéana misi ní núadh; a nois fásfuidh sé amach; nach aitheona sibhse é? eadhon do dhéana mé slighe annsa bhfásach, agus aibhne annsa díothramh.
Agus as í so toil an té do chuir misi uádh, go bhfuighe gach áorr do chí an Mac, agus chreideas ann, an bheatha mharrthanach: agus dúiseóchuidh misi é an lá déigheanach.
Agus a dubhairt Iósa riu, A deirimsi ribh go deimhin, An tráth shuidhfeas Mac an duine a gcaithír a ghlóire féin, go suidhfidh sibhse, do lean misi ann sa naithgheineamhuin mar an gcéadna ar dhá chaithir dhéag, ag breith breithe ar dhá threibh dhéag Israel.
Ionnus ar mbeith dhúinn air ar sáoradh tré na ghrásuibhsion, go ndeuntáoi oighreadha dhínn do réir mhuinighne na beatha marthannuighe.
Ní sibhsi do thog misi, achd misi do thogh sibhsi, agus do chuir mé sibh, ionnus go nimtheochadh sibh agus go dtiubhradh sibh toradh, agus go bhfanfadh bhur dtoradh: ar chor gidh bé ní íarrfuidhe a mainmsi ar a Nathair, go dtiobhradh se dhibh é.
Agus más clann, is oidhrighe fós sinn; óidhrighe gan amharas do Dhía, agus comhóidhrighe do Chríosd; má fhuilngmíd a néinfheachd ris, ionnus go mbemís a ccómhghlóir ris.
Tuguidh dá bhur naire, créd é méud an ghrádha tug an Tathair dhúinne, as a ngoirfidhe clann Dé dhínn: is uime so nach aithnidh don tsáoghal sinn, do bhrígh nach aithnidh dhó eisean.
Agus a sé Día do chrúthuigh sinn chuige so, agus fós tug dhúinn cómhartha daingnighthe na Sbiorúide.
Ionnus go siúbhalfadh sibh mar as cubhaidh don Tíghearna maille ré sa thoil do dhéunamh sna huile neithibh, ag tabhairt toruidh uáibh sa nuile dheaghobair, agus ag fás a néolas Dé;
A né nách ro mhó ná sin dhéunas fuil Chríosd, noch do fhoráil é féin gan cháidhe do Dhía trés an Sbiorúid shíorruidhe, bhur ccoinnsíassa ghlanadh ó oibreachuibh marbha chum seirbhíse do dhéunamh don Día bheó?
Aóinní amháin dathchuingidh mé air an TTIGHEARNA, ag sin a ní íarrfad; mo chomhnuighe a ttigh an TIGHEARNA air feádh láethe mo sháoghail, dféuchuin air scéimh an TIGHEARNA, agus bheith go moch ionа theampall.
Noch do bhásuigheadh air son ar gciontaine, agus do haithbheódhuigheadh chum sinne sháoradh.
Ar a nadhbharsin imthighidhsi, teaguisgidh na huile chineadhacham da mbaisdeadh a nainm a Nathar, agus an Mhic, agus an Spiorad Náoimh: Agus, féuch, do bhí crith mór talmhan ann: Oír ag tuirling daingeal an Tighearna a núas ó neamh, táinic sé, agus diomlait sé an chloch ón dorus, agus do shuigh sé uirrthe. Agus teaguisgidh íad gach uile ní dár, aithín misi dhibh do choimhéud: agus, féuch, a táimsi bhur bhfochair gach éinla go deireadh an tsaoghail. Amen.
Oír measuim nach fíu ná neithe fhuilgemíd sa naimsirse a láthair an ghlóir fhoillséochthar dhúinn.
Oír an drung as le Críosd do cheusadar an cholan maille ré na toil agus ré na míanghusuibh.
An té chreideas ann sa Mhac atá an bheatha mharthanach aige: achd an té bhiós easumhal don Mhac, ní fhaicfe sé an bheatha; achd comhnuighidh fearg Dé air.
Oír beíridh gach ní atá ar na thuismeadh ó Dhía buáidh ar an tsáoghal: agus a sí so an bhuáidh rug buáidh ar a tsáoghal, eadhon ar gcreideamhne.
Tigidh chugamsa, uile a bhfuiltí tuirseach agus fá anúalach trom, agus do bhéaraidh mé fúaradh dháoibh. Tógbhuidh mo chuingsi oraibh, agus foghlamuigh úaim; óir a táim ceannsaighe agus úmhal a gcroidhe: agus do gheabhtháoi súaimhneas dá bhur nanmaibh. A dubhair sé ris, An tusa an té ús do bhí réd atharrach? Oir a tá mo chuingsi sóiomchuir, agus a tá múalach éadtrom.
Connaimh súas mé do réir do bhréithre, agus mairfe me: agus ná náirigh mé fám dhóthchus.
Uime sin má deirséirghe sibh má ráon ré Críosd, íarruidh na neithe atá shúas, sa nionad ann a bhfuil Críosd na shuídhe ar deis Dé.
Oír do sháor dligheadh Spioruide na beatha a Níosa Críosd misi ó dligheadh an pheacaidh agus an bháis.
Ar mbeith dhamh dearbhtha as an ní céudnasa, eadhon an tí do thionnsguin obair mhaith ionnuibh go gcuirfe sé críoch uirrthe go lá Iósa Críosd:
Agus mar an gcéudna is measda dháoibhsi go bhfuilti go deibhin marbh don pheacadh, agus béo do Dhía tré Iósa Críosd ar Dtighearna.
Ar a nadhbharsin, a dhearbhráithre, ó atá sáoirse aguinn ré dhul a steach don naóimhiosdadh tré fhuil Iosa, Nó go deimhin do choisgfeidís dá bheith dhá bhforáil? do bhrígh ar mbeith do luchd na niodhbarthadhsin dforáil ar na nglanadh éunuáir amháin, nach bíadh ní sa mhó coinnsías pheacuigh aca. An tslighe núadh bhéo, noch do ullmhuigh sé dhúinn, trés an mbrat, as ionann sin ré a rádh, agus tré na fheóil féin; Agus tré shagart mór agá bhfuil ceannas thighe Dé; Druideam air ar naghaidh maille ré croídhe fírinneach sáirdheimhneach a gcreideamh, ar mbeith dár gcroídhibh ar na ccróthadh ó dhrochchoinnsías, agus ar mbeith dár gcorp ionnailte ré huisge glan.
Taisbeanfa tú dhamh casáin na beatha: ad lathairsi atá líonmhaireachd lúathgháire; air do láimh dheis atá sáimhe go síothbhúan.
Achd da siubhlam sa tsolas, amhuil atá seision sa tsolas, atá cumann aguinn ré chéíle, agus glanuidh fúil Iósa Críosd a Mhicsion sinn ó nuile pheacadh.
Agus as sí so an beatha mharrthanach, go naithneóchaid síad thusa an táoin Día fírinneach, agus Iósa Críosd, do chuir tú úait,
Oir íona fheirg ní bhfuil acht móiment; iona fhabhar atá beatha: annsa tráthnóna bíodh go mbí gul, tig gáirdeachus air maidin.
Ata Spiorad an Tighearna DIA orumsa; do bhrígh gur ung an TIGHEARNA mé do sheanmóir sgéula maithe do na ceannsuighibh; do chuir sé mé do cheangal súas na ccroidhthe mbriste, dfúagra saóirse do na braighdibh, agus oscuilte an phríusúin don druing atá ceangailte;
Uime sin dá nglana neach ar bith é féin úatha so, biáidh sé na shoitheach chum onóra, ar na dhéunamh náomhtham oireamhnach don Tíghearna, ullamh chum gach uile dheaghoibre.
A chlann bheag, agá bhfuilim a rís ré niodhnuibh bhur dtimcheall nó go ndealbhthar Críosd ionnuibh,
Ar a nádhbharsin ó thárrla a chomhmór sin do néull fíadhnuiseadh ar dtimchiollne mar an gceudna, ag cur gach uile thruim dhínn, agus an pheacuigh leanus din go héusguidh, riótham maille ré foighid chum chin na coimhleanga atá romhuinn,
Oír is tré aoin Sbioruid do baisdeadh sinn uile chum éunchoirp, más Iúduighe sinn nó Gréugaígh, más sáor nó daor sinn; agus tugadh deoch dhuinn uile ré a híbhe chum éin Sbioruide.
Cruthaigh ionnam croidhe glan, a Dhé; agus athnúaghaidh ann mo mheadhón spiorad iomlán. Ná teilg mé seachad od fhiaghnuise; agus ná beír do spiorad náomhtha uáim.
Asi a neagna an ní is oirdheirce; uimesin fagh eagna: agus maille red uile fhagháil fagh tuigse.
Agus ar dteachd Diosa do labhair sé ríu, ag rádh, Thugadh dhamsa gach uile chumhachda ar a neamh agus ar talamh. Ar a nadhbharsin imthighidhsi, teaguisgidh na huile chineadhacham da mbaisdeadh a nainm a Nathar, agus an Mhic, agus an Spiorad Náoimh: Agus, féuch, do bhí crith mór talmhan ann: Oír ag tuirling daingeal an Tighearna a núas ó neamh, táinic sé, agus diomlait sé an chloch ón dorus, agus do shuigh sé uirrthe. Agus teaguisgidh íad gach uile ní dár, aithín misi dhibh do choimhéud: agus, féuch, a táimsi bhur bhfochair gach éinla go deireadh an tsaoghail. Amen.
A dubhairt Iósa ris, As misi an tslighe, agus a nfírinne, agus a bheatha: ní thig áonduine chum a Nathar, achd tríomsa.
Ar a nadhbharsin déunam maill ré dothchas go hárdchatháoir na ngrás, chum trócaire do ghnodhúghadh, agus ghrás dfagháil dúinn chum furtachda a nám ríachdanais.
Ar a nadhbharsin tar éis ar soártha tré chreideamh, atá siothcháin aguinn ré Día tré ar Dtighearna Iósa Críosd:
Acht a nois is marso a deir an TIGHEARNA do chruthaidh thusa, a Iácob, agus an té do chum thú, a Israel, Ná himeagluigh: óir dfúasguil mé thú, do ghoir mé thú as hainm; is liomsa thú. Is sibhsi mfíadhnuisesi, a deir an TIGHEARNA, agus mo sheirbhiseach noch do thogh mé: chor go naitheontaói agus go ccreidfidhe mé, agus go ttuigthí gur misi é: níor cumadh Día ar bith romhamsa, ní mó bhías am dhiáigh. Is misi, misi féin, an TIGHEARNA; agus táobh amuigh dhiomsa ní bhfuil áon slánaightheoir ann. Dfoíllsigh mé, agus do sháor mé, do thaisbéin mé, a núair nach raibh aóindía coimhidhtheach eadruibhse: uime sin is sibh mfiadhnuise, a deir an TIGHEARNA, gur misi Día. Fós, suil do bhí an ló ann is misi an té sin; agus ní bhfuil aoinneach fhéadas sábháil óm láimh: oibreocha mé, agus cía bhacfas é. ¶ Is marso a deir an TIGHEARNA, bhur slánaightheóir, Aon Naomhtha Israel; Is ar bhur sonsa do chuir mé fios don Bhabilóin, agus thug mé a núas a nuáisle uile, agus na Caldeánuigh, agá bhfuilid a ccomhairc annsna longaibh. Is misi an TIGHEARNA bhur Náon Naomhtha, cruthaightheóir Israel, bhur Rígh. Is marso a deir an TIGHEARNA, noch do ní slíghe annsa bhfairge, agus casán annsna huisgeadhuibh neartmhara; Noch do bheir amach an carbad agus an teach, an slúagh agus na cumhachda; luighfid síad síos le chéile, ní éireochuid síad: atáid múichte, do mhúchadh íad amhuil barrach. ¶ Nach cumhain libh na neithe roimhe, nach meastaói na neithe a nallúd. Féuch, do dhéana misi ní núadh; a nois fásfuidh sé amach; nach aitheona sibhse é? eadhon do dhéana mé slighe annsa bhfásach, agus aibhne annsa díothramh. A nuáir ghabhus tú thríd na huisgeadhuibh, biáidh misi ad fhochair; agus thríd na haibhnibh, ní fhoileochuid síad thú: a nuáir shíubholas tú thríd an tteine, ní loisgfighear thú; ní mó dheargfas an lasair ort.
Uime sin seasuidh sa tsáoirse léur sháor Críosd sinn, agus ná bíghidh a rís ar bhur gcreapall ré cuing ná dáoirse.
Oír gidh bé gheabhas misi do gheabha sé beatha, agus do gheabha fabhar ón TIGHEARNA.
Ar mbéith dhúinn fós marbh tré chionntuibh, do chóimhbheódhuigh sé sinn maille ré Críosd, is lé grásuibh shlánaighthear sibh;
Acht an drong fheithios air an TTIGHEARNA athnúadhuighid síad a neart; éreochuid súas le sciathánuibh amhuil iolair; riothfaid siad, agus ní bhéid coirthe; agus siubholuid, agus ní bhéid síad anbhfann.
Oír is grían agus scíath an TIGHEARNA Día: do bhéaraidh an TIGHEARNA grása agus glóir: ní chuinneochaidh sé maith ón luchd do shiubhlus go díreach.
Ag déunamh gáirdeachais tré dhóthchas; foighideach a mbuáidhearthuibh; cómhnuigheach a núrnaighe;
Is tor daingion ainm an TIGHEARNA: riothuidh an fíréun chuige, agus bí sé daingion.
Molaidh an TIGHEARNA. Is beannuighe an duine air a bhfuil eagla an TIGHEARNA, agá bhfuil dúil iona aitheantaibh go ro mhór. Chífe an peacach sin, agus biáidh fearg air; do dhéana sé díosgán ré na fhíacluibh, agus leighfe sé: meithfe mían an pheacaidh. Budh cumhachtach air an ttalamh a shliocht: biáidh ginealach a nfíréin beannuigh.
Oír ní bíadh na deoch rioghachd Dé; achd fireantachd, agus siothcháin, agus gáirdeachus san Spiorad Náomh.
Ionnas gur féidir leis an dream thig chum Dé thríd féin do shlánughadh go híomlán, ar mbeith dhó beó go síorruidhe chum eadarghuidhe do dhéunamh ar a son.
Agus Día na nuile ghrás, noch do ghoir sinn chum a ghlóire síorruidhe a Níosa Críosd, tár éis beagáin buáidheartha dfulang dhíbh, go ndéuna sé féin sibh íomlán, go neartuighe, go láidrighe, agus go ndaingnighe sé sibh.
Toigfiod súas mo shuile chum na ccnoc, as a ttiocfa mo chabhair. Is ón TTIGHEARNA atá mo chabhair, noch do rinne neamh agus talamh.
Ag breith bhuídheachais ris a Nathair, noch do rinne sinne iomchubhaidh chum coda dóighreachd na náomh sa tsoillse: Noch do sháor sinn ó chúmhachduibh an dorchaduis, agus do atharruigh sinn go rioghachd a Mhic ionmhuin féin: Ion a bhfuil an fúasgladh aguinn tré na fhuil, eadhon maithmheachas na bpeacadh:
Seachnuidh sibh féin ar shaint; go madh lór libh na neithe atá a lathair aguibh: oír a dubháirt sé, Ní dhealocha mé riot, agus ní thréigfead thú.