Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Títeas 3:7 - An Bíobla Naofa 1981

7 chun go bhfíréanófaí sinn lena ghrásta agus go mbeimis inár n‑oidhrí aige agus súil againn leis an mbeatha shíoraí.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

7 ionas go bhfíréanódh a ghrásta sinn agus go ndéanfaí oidhrí dínn a bhfuil dóchas againn leis an mbeatha shíoraí.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

7 ionnas, ar mbeith fíréanuighthe dhúinn tré n‐a ghrása, go ndéanfaidhe oidhrí dhínn do réir dóchais na beathadh síorraidhe.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

7 Ionnus ar mbeith dhúinn air ar sáoradh tré na ghrásuibhsion, go ndeuntáoi oighreadha dhínn do réir mhuinighne na beatha marthannuighe.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

7 chun go bhfíréanófaí sinn lena ghrásta agus go mbeimis inár n-oidhrí aige agus súil againn leis an mbeatha shíoraí.

Féach an chaibidil Cóip




Títeas 3:7
25 Tagairtí Cros  

Ansin déarfaidh an rí le lucht na láimhe deise: ‘Tagaigí, a lucht bheannaithe m'Athar, glacaigí mar oidhreacht an ríocht a ullmhaíodh daoibh ó thúsú an domhain.


Agus ag cur chun bóthair dó rith duine chuige agus chaith sé é féin ar a ghlúine ina láthair agus d'fhiafraigh sé de: “A Mháistir mhaith, cad tá le déanamh agam chun go mbeinn páirteach sa bheatha shíoraí?”


Agus más trí ghrásta a toghadh iad ní de bharr oibreacha é, mar dá mba ea níor ghrásta an grásta a thuilleadh.


fíréanaítear in aisce lena ghrásta iad de bharr na fuascailte atá in Íosa Críost,


Mar is é ár mbreith gur trí chreideamh a fhíréanaítear duine gan spleáchas d'oibreacha an dlí.


Is ó chreideamh é dá bhrí sin, ionas go mbeadh an gealltanas le fáil saor in aisce, agus go mbeadh éifeacht aige do shliocht iomlán Abrahám, ní amháin don chuid sin atá i dtaobh leis an dlí ach fós don chuid atá i dtaobh le creideamh Abrahám, an té is athair dúinn go léir


Nuair a dhéanann duine píosa oibre ní mar aisce a áirítear a thuarastal ach mar cheart.


agus, más clann sinn, is oidhrí sinn chomh maith, oidhrí Dé agus comhoidhrí le Críost, ós rud é go bhfuilimid páirteach leis ina pháis, le hionchas a bheith páirteach leis ina ghlóir chomh maith.


Agus is mar sin a bhí cuid agaibhse tráth ach tá sibh nite anois, tá sibh coisricthe agus fíréanaithe in ainm an Tiarna Íosa Críost agus i Spiorad ár nDé.


Tá a fhios againn ar a shon sin nach ó chomhlíonadh an dlí a fhíréanaítear duine ach trí chreideamh in Íosa Críost, agus dá réir sin chuireamar féin ár gcreideamh in Íosa Críost ionas go bhfíréanófaí sinn de bharr ár gcreidimh ann seachas de bharr an dlí a chomhlíonadh, mar “ní fhíréanófar neach ar bith de bharr comhlíonadh an dlí”.


Agus más le Críost sibh, is síol Abrahám sibh chomh maith agus tá sibh in bhur n‑oidhrí aige de réir mar a bhí geallta.


Ní daor tú feasta mar sin ach mac; agus más mac thú is oidhre thú chomh maith de dheonú Dé.


Agus go gcuire Íosa Críost féin ár dTiarna agus Dia ár nAthair, a thug grá dúinn agus a bhronn orainn in aisce sólás síoraí agus dóchas daingean,


le súil go mbainfidís amach an bheatha shíoraí. Gheall Dia, nár thug éitheach riamh, an bheatha seo dúinn roimh thús aimsire


Mar tá grásta Dé foilsithe anois, ag cur slánú ar fáil don uile dhuine.


fad a bheimid ag feitheamh le fíoradh ár ndóchais bheannaithe, le taibhsiú glórmhar ár nDé mhóir agus ár dTiarna Íosa Críost.


Nach spioraid fhriothála iad go léir a chuirtear amach ag déanamh seirbhíse ar son na ndaoine a gheobhaidh an slánú mar oidhreacht.


Trí chreideamh fuair Naoi eolas ó Dhia ar nithe nach raibh le feiceáil go fóill. Ghabh eagla é agus rinne sé an áirc chun a theaghlach a shábháil. Dá bharr sin thug sé daorbhreith ar an saol agus fuair sé ó Dhia an fhíréantacht sin atá bunaithe ar an gcreideamh.


Trí chreideamh chuir sé faoi sa tír tairngire faoi mar ba thír choimhthíoch í. Chaith sé a shaol i mbothanna in éineacht le hÍosác agus le Iacób, beirt a bhí páirteach leis sa ghealltanas céanna.


Mar an gcéanna, nuair ba mhian le Dia a thaispeáint ní ba shoiléire ná riamh do na daoine ar tugadh an gealltanas dóibh nach bhféadfadh athrú a theacht ar a chomhairle, thug sé mionn uaidh mar dhearbhú air.


Éistigí, a bhráithre ionúine, nach iad an mhuintir atá bocht os comhair an tsaoil a thogh Dia le bheith saibhir sa chreideamh agus le bheith ina n‑oidhrí ar an ríocht a gheall sé dóibh siúd a thugann grá dó?


Mar an gcéanna libhse a fheara, déanaigí aontíos le bhur mná de réir na tuisceana críostaí, agus bíodh urraim agaibh dóibh mar, cé gurb iad is laige ó nádúr, is leo atá sibh mar chomhoidhrí ar ghrásta na beatha ionas nach mbeadh aon bhac ar bhur n‑urnaithe.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí