Títeas 3 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)1 Cuir i gcuimhin dóibh bheith umhal do riaghlóiribh agus do lucht ughdaráis, bheith urramach, bheith ullamh chum gach deagh‐ghnó, 2 gan olc do labhairt i dtaobh aon duine, gan bheith bruigheanach, bheith ceannsa, ag taisbeáint gach macántachta do gach uile dhuine. 3 Óir do bhíomar féin dith‐céillidhe tráth, easumhal, ag dul ar fan, fá smacht ag ainmhiantaibh agus ag áineasaibh éagsamhla, ag caitheamh ár saoghail le droch‐rún agus le formad, fuathmhar agus sinn ag tabhairt fuatha d’á chéile. 4 Acht nuair do nochtadh maitheas agus grádh Dé ár Slánuightheoir do’n duine, 5 ní h‐é do réir gníomhartha fíréanta do bhí déanta againn, acht do réir a thrócaire féin, do shlánuigh sé sinn, tré bhaisteadh na h‐aith‐gheineamhna agus tré athnuadhadh an Spioraid Naoimh; 6 do dhoirt sé go fial orainn, tré Íosa Críost ár Slánuightheoir: 7 ionnas, ar mbeith fíréanuighthe dhúinn tré n‐a ghrása, go ndéanfaidhe oidhrí dhínn do réir dóchais na beathadh síorraidhe. 8 Is fíor an rádh é, agus ba mhian liom go gcuirfeá ’n‐a luighe ar na daoinibh é, go gcaithfidh an dream chreideas i nDia deagh‐oibreacha do chleachtadh. Is iad so na neithe atá fóghanta, tairbheach do na daoinibh: 9 acht seachain baoith‐cheisteanna, agus geinealaigh, agus aighneas, agus conspóidí i dtaobh an dlighe; óir atáid gan tairbhe, gan éifeacht. 10 Duine fhanas ’n‐a eiriceach tar éis an chéad agus an dara spreagtha, seachain é; 11 agus a fhios agat go ndeachaidh a leithéid sin ar gcúl, agus gur ab eol dó féin go bhfuil peacadh d’á dhéanamh aige. 12 Nuair chuirfead Artemas chugat, nó Tichicus, déan do dhícheall chum teacht chugam go Nicopolis; óir is ann atá ceaptha agam an geimhreadh do chur tharm. 13 Seol Sénas, dligheadóir, agus Apollos go h‐aireach ar a n‐aistear rómpa, chum nach mbéidh rud ar bith i n‐easnamh ortha. 14 Agus ní foláir d’ár muinntir féin a fhoghlaim cionnas deagh‐oibreacha do chleachtadh, chum gach nidh atá riachtanach do sholáthar, chum nach mbéidh siad gan toradh. 15 Beannuigheann a bhfuil im’ fhochair duit. Beannuigh‐se d’á bhfuil grádh aca dhúinn san gcreideamh. Grása go raibh libh go léir. |
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932
British & Foreign Bible Society