Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Títeas 3:3 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

3 Óir do bhíomar féin dith‐céillidhe tráth, easumhal, ag dul ar fan, fá smacht ag ainmhiantaibh agus ag áineasaibh éagsamhla, ag caitheamh ár saoghail le droch‐rún agus le formad, fuathmhar agus sinn ag tabhairt fuatha d’á chéile.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

3 Mar bhí an t-am ann a rabhamar féin amaideach, easumhal, seachránach, ar théad ag ainmhianta agus pléisiúir, ag caitheamh ár saoil go mailíseach éadmhar, agus fuath againn do chách agus fuath agcách dúinn;

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 Oír do bhamairne féin ar úairibh éigcéillidhe, easúmhal, ag dul ar seachrán, ag leanmhuin dainmíanuibh agus danntoilibh eugsámhla, ag caitheamh ar mbeatha a miosguis agus a dtnúth, fúathmhar, agus ag fúathughadh a cheilé.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

3 Bhíomar féin gan chiall tráth; bhíomar easumhal agus ar seachrán, bhíomar tugtha dʼainmhianta agus do phléisiúir den uile shórt; bhíomar lán dʼurchóid agus dʼfhormad; bhíomar gráiniúil agus bhí fuath againn dá chéile.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

3 Bhíomar féin gan chiall tráth; bhíomar easumhal agus ar seachrán, bhíomar tugtha d'ainmhianta agus do phléisiúir den uile shórt; bhíomar lán d'urchóid agus d'fhormad; bhíomar gráiniúil agus bhí fuath againn dá chéile.

Féach an chaibidil Cóip




Títeas 3:3
37 Tagairtí Cros  

Agus d’fhreagair seisean, agus adubhairt, Ní rachad: acht ’n‐a dhiaidh sin tháinig a mhalairt d’aigne air, agus do chuaidh sé.


Agus adubhairt sé, Tabhraidh aire nach meallfar sibh: óir tiocfaidh mórán daoine im’ ainm‐se, g‐á rádh, Is mise é; agus, Atá an t‐am druidthe linn: ná leanaidh iadh‐san.


D’fhreagair Íosa iad, Go fírinneach adeirim libh, Duine ar bith do‐ghní peacadh is seirbhíseach do’n pheacadh é.


Mar an gcéadna bhí sibh‐se easumhal do Dhia roimhe seo, acht fuair sibh trócaire anois tré n‐a n‐easumhlacht‐san,


D’á bhrigh sin ná bíodh réimeas ag an bpeacadh ’n‐bhur gcorp daonna, chum go ngéillfeadh sibh d’á ainmhiantaibh:


Acht, buidheachas le Dia, gidh go rabhabhar ’n‐bhur seirbhíseachaibh do’n pheacadh, d’umhluigheabhar ó chroidhe do mhodh an teagaisc d’á dtugabhar sibh féin;


Acht anois, ar mbeith fuascailte ó pheacadh dhaoibh, agus sibh ’n‐bhur seirbhíseachaibh do Dhia, atá toradh bhur saothair agaibh chum naomhthachta, agus is í an bheatha shíorraidhe an deireadh béas air.


mar tá a fhios againn gur céasadh ár sean‐nádúir ’n‐a theannta, chum go bhfágfaidhe corp an pheacaidh gan éifeacht, chum nach mbéimís fá dhaor‐smacht an pheacaidh feasta;


Óir is eagal liom, nuair thiocfad, nach bhfaighead sibh bheith mar ba mhian liom, agus go bhfaigheadh sibh mise gan bheith mar nár mhian libh; ar eagla, b’fhéidir, go mbéadh achrann, formad, fearg, deaghailt, cúl‐chainnt, bíodán, éirghe‐i‐n‐áirde, círéibh;


Óir má mheasann aon duine gur nidh éigin é féin, agus gur neamh‐nidh é, meallann sé é féin.


Agus sibh‐se do bhí lá de’n traoghal ’n‐bhur gcoimhthigheachaibh agus ’n‐bhur náimhdibh ’n‐bhur n‐aigne de dheascaibh bhur ndroch‐ghníomhartha, atá


’n‐ár shiubhail sibh‐se roimhe seo, an tráth ’n‐a raibh sibh ag caitheamh bhur saoghail ins na neithibh úd.


Acht éireochaidh droch‐dhaoine agus mealltóirí níos measa agus níos measa, ag mealladh agus d’á mealladh féin.


Óir daoine de’n aicme sin is eadh iad‐san shleamhnuigheas isteach i dtighthibh agus árduigheas leo chum daor‐bhroide mná baothánta atá fá ualach peacaidhe, d’á luascadh ag miantaibh de’n uile shaghas,


Cuireann siad i gcéill go bhfuil eolas ar Dhia aca; acht is amhlaidh shéanas siad le n‐a ngníomharthaibh é, ar mbeith dhóibh gráineamhail, easumhal, agus iad gan éifeacht le h‐aghaidh deagh‐oibre ar bith.


g‐á mhúineadh dhúinn neamhdhiadhacht agus ainmhianta saoghalta do sheachaint, agus ár saoghal do chaitheamh go staidéartha, fíréanta, diadha san ré seo atá de láthair;


Má mheasann aoinneach nach gcuireann srian le n‐a theangain, gur duine cráibhtheach é, acht bhíos ag mealladh a chroidhe féin, is cráibhtheacht gan brigh atá ag an duine sin.


mar dhéanfadh clann umhal, gan géilleadh do na sean‐ainmhiantaibh do chleachtabhar ’n‐bhur n‐ainbhfios;


Agus do teilgeadh síos an dragún mór, an tsean‐nathair nimhe, ar a dtugtar an Diabhal agus Sátan, an té mheallas an saoghal ar fad; do teilgeadh síos é go dtalamh, agus do teilgeadh a aingle síos i n‐éinfheacht leis.


Agus meallann sé lucht áitreabha na talmhan leis na miorbhailtibh tugadh le déanamh dhó i bhfiadhnaise an ainmhidhe, g‐á rádh le lucht áitreabha na talmhan íomháigh do dhéanamh do’n ainmhidhe fuair an ghoin ó’n gclaidheamh, agus do mhair beo.


Agus do ghlaodh sé amach de ghuth árd, g‐á rádh, Tuitthe! tuitthe! atá sí tuitthe, an Bhaibiolóin Mhór, agus atá áitreabh deamhan déanta dhi, agus uachais do gach spiorad neamh‐ghlan, agus carcair do gach éan neamh‐ghlan, adhfhuathmhar.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí