Títeas 3:3 - An Bíobla Naofa 19813 Bhíomar féin gan chiall tráth; bhíomar easumhal agus ar seachrán, bhíomar tugtha d'ainmhianta agus do phléisiúir den uile shórt; bhíomar lán d'urchóid agus d'fhormad; bhíomar gráiniúil agus bhí fuath againn dá chéile. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)3 Mar bhí an t-am ann a rabhamar féin amaideach, easumhal, seachránach, ar théad ag ainmhianta agus pléisiúir, ag caitheamh ár saoil go mailíseach éadmhar, agus fuath againn do chách agus fuath agcách dúinn; Féach an chaibidilTiomna Nua 1951 (de Siúnta)3 Óir do bhíomar féin dith‐céillidhe tráth, easumhal, ag dul ar fan, fá smacht ag ainmhiantaibh agus ag áineasaibh éagsamhla, ag caitheamh ár saoghail le droch‐rún agus le formad, fuathmhar agus sinn ag tabhairt fuatha d’á chéile. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)3 Oír do bhamairne féin ar úairibh éigcéillidhe, easúmhal, ag dul ar seachrán, ag leanmhuin dainmíanuibh agus danntoilibh eugsámhla, ag caitheamh ar mbeatha a miosguis agus a dtnúth, fúathmhar, agus ag fúathughadh a cheilé. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 20123 Bhíomar féin gan chiall tráth; bhíomar easumhal agus ar seachrán, bhíomar tugtha dʼainmhianta agus do phléisiúir den uile shórt; bhíomar lán dʼurchóid agus dʼfhormad; bhíomar gráiniúil agus bhí fuath againn dá chéile. Féach an chaibidil |