Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Títeas 3:2 - An Bíobla Naofa 1981

2 gan míchlú a chur ar dhuine ar bith ach bheith síochánta, cneasta, cineálta leis an uile dhuine ina n‑iompar ar fad.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

2 gan míchlú ná troid a chur ar aon duine, ach a bheith modhúil béasach le gach duine.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

2 gan olc do labhairt i dtaobh aon duine, gan bheith bruigheanach, bheith ceannsa, ag taisbeáint gach macántachta do gach uile dhuine.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

2 Gan neach ar bith do mhaslughadh, gan bheith brúighneach, achd suáimhneach, ag táisbéunadh na huile cheannsachda do na huile dháoinibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

2 gan míchlú a chur ar dhuine ar bith ach a bheith síochánta, cneasta, cineálta leis an uile dhuine ina n-iompar ar fad.

Féach an chaibidil Cóip




Títeas 3:2
35 Tagairtí Cros  

Thug tú dom do sciath fuascailte, agus is díon agam do chathéide.


Go bhfeara sé sméaróidí dearga orthu anuas; go gcaithe sé isteach i bpoll talún iad, i dtreo is nach n‑éirí siad arís.


Díolfaidh fear an drochmhianaigh as; scaoil leis agus is measa ná sin [a bheidh an scéal agat].


Is fearr cur fút i gcúil sa lochta, ná bheith in aontíos le bean achrainn.


Finné bréige ag spalpadh éithigh, agus an té a adhnann aighneas i measc a bhráithre.


Mar a dhéanfadh aoire ag aoireacht a thréada dó, ag bailiú na n‑uan chuige ina bhaclainn, á n‑iompar ar chlár a uchta agus ag fosaíocht na gcaorach tórmaigh.


Tógaigí oraibh mo chuing agus tagaigí ar scoil chugamsa, mar táim ceansa uiríseal ó chroí, agus gheobhaidh sibh faoiseamh do bhur n‑anamacha;


D'fhreagair Pól: “Ní raibh a fhios agam, a bhráithre, gurb é an t‑ardsagart é, mar tá scríofa: ‘Ná habair aon drochní mar gheall ar phrionsa an phobail.’ ”


ná gadaithe ná santacháin ná meisceoirí ná cáinteoirí ná robálaithe - ní bhfaighidh siad ríocht Dé mar oidhreacht.


Bíodh nach bhfuil buannacht ag duine ar bith orm, rinne mé sclábha díom féin don uile dhuine d'fhonn breis a thabhairt liom.


Tá achainí phearsanta á iarraidh agam oraibh as ucht cineáltas agus ceansacht Chríost, ós duine mise, Pól, a bhíonn go huiríseal agus mé in bhur láthair agus go dána libh agus mé i bhfad uaibh.


Mar is é eagla atá orm, nuair a thiocfaidh mé chugaibh nach mbeidh sibhse mar ba mhaith liom sibh a bheith agus nach mbeidh mise mar ba mhaith libhse mé a bheith. Is eagal liom go mbeidh achrann agus éad, go mbeidh aighneas ann agus imreas, cáineadh agus cúlghearradh, mustar agus mí-ord.


Is é toradh a thugann an Spiorad uaidh, áfach, grá, lúcháir, síocháin, foighne, cineáltas, dea-chroí, dílseacht,


A bhráithre, má bheirtear ar dhuine ag déanamh rud éigin as an tslí, sibhse a bhfuil an Spiorad agaibh, déanaigí é a cheartú go mín réidh agus féach chugat féin nach gcuirfear an cathú ort féin leis.


Fad atá an deis againn, mar sin, déanaimis an mhaith do chách agus go háirithe do líon tí an chreidimh.


agus sibh a bheith lán d'uirísle, de láchas agus d'fhoighne. Cuirigí suas go carthanach le chéile


Cuirigí uaibh ar fad an ghangaid, an ghoimh, an fhearg, an callán, an t‑achasán mar aon le gach mioscais.


Bíodh bhur gceansacht le feiceáil ag an saol mór mar ní fada uainn an Tiarna.


cé go bhféadfaimis bheith teann oraibh mar thoscairí ó Chríost. Ach bhíomar chomh séimh, fad a bhíomar in bhur measc, le banaltra ag muirniú a páistí.


Ba chóir na mná a bheith creidiúnach mar an gcéanna agus gan a bheith cúlchainteach ach iad stuama agus iontaofa ar gach slí.


gan bheith tugtha don ól ná don achrann ach é a bheith séimh síochánta agus gan dúil aige san airgead.


Ach an eagna ó lastuas tá sí ar dtús íon, ansin síochánta, cineálta, sochomhairlithe, lán de thrócaire agus de dhea-thorthaí, gan leathchuma, gan cur i gcéill.


Ná bígí ag tromaíocht ar a chéile, a bhráithre. An té a dhéanann tromaíocht ar bhráthair, nó a dhaorann a bhráthair déanann sé tromaíocht ar an dlí agus daorann sé an dlí. Ach má dhaorann tú an dlí, ní á chomhlíonadh a bhíonn tú ach á dhaoradh.


Caithigí i leataobh uaibh, más ea, gach mailís agus calaois, gach cur i gcéill, gach formad, agus gach tromaíocht.


“An té ar mian leis an bheatha a shantú agus fad saoil faoi shéan a bheith aige, coinníodh sé a theanga ón olc, agus a bhéal ó bhriathra éithigh.


Mar fhocal scoir, bígí uile ar aon intinn, agus bíodh comhbhá agaibh le chéile, agus grá agaibh do na bráithre; bíodh trócaire in bhur gcroí agus uirísle in bhur meon.


Cuireann sé iontas orthu nach ritheann sibh leo isteach sa tuile chéanna drabhláis agus bíonn siad do bhur maslú.


go háirithe iad siúd a dhéanann iad féin a iompar de réir na colainne in ainmhianta truaillithe, agus gan ach drochmheas acu ar an údarás. Ní eagal leis an dream ceanndána borb seo masla a thabhairt [d'aingil] na glóire;


Ach an dream seo, maslaíonn siad an méid nach dtuigeann siad, agus na nithe is eol dóibh ó dhúchas dála na n‑ainmhithe éigiallta, is tríothu atáthar á scriosadh.


Déanann an dream seo, ámh, ar an tslí chéanna lena mbrionglóidí an cholainn a thruailliú, an t‑údarás a shéanadh, agus aingil na glóire a mhaslú.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí