A chara, smaoinigh ar an méid seo: tá Dia cosúil le hathair maith, ag iarraidh aire a thabhairt dá chlann. Níl le déanamh againn ach a iarraidh. Nuair a dhéanaimid paidir agus nuair a iarrann muid cabhair, táimid ag admháil nach bhfuilimid inár n-aonar agus go bhfuilimid ag brath ar Dhia.
Cibé rud atá uait – bia, dídean, sláinte, nó treoir – labhair le Dia faoi. Tá a fhios aige cheana féin cad atá ar intinn agat, mar a deir Salm 139:4, "A Thiarna, is eol duit mo chuid smaointe sula labhraím focal ar bith."
Is í an phaidir an eochair a osclaíonn doras ríocht Dé. Tá sé chomh héasca sin do Dhia aire a thabhairt dúinn. Is leis gach rud sa chruinne, ach is mian leis go labhróimid leis. Is mian leis caidreamh pearsanta a bheith aige linn.
Is í an phaidir an tslí a shreabhann beannachtaí Dé chugainn. Ná bíodh leisce ort labhairt leis.
Cluinfir mo ghuth air maidin, ó a THIGHEARNA; air maidin díreochaidh mé múrnaigh chugad, agus féuchfad súas.
A Dhia, is tú mo Dhíasa; sírfe mé thú go moch: atá manam tartmhar chugad, atá mfeóil míanmhar chugad a ttalamh thirm thartmhar, mar nach bhfuilid uisgeadha;
Atá manam ag feithiomh air an TTIGHEARNA ní sa mhó ná do níd lucht faire air an maidin: lucht faire na maidne.
Lé manam díarr mé thú san noidhche; fos, lé mo spioraid a stigh ionnam íarrfas mé thú go moch: óir a nuáir bhéid do bhreatheamhnuis annsa talamh, foghlaimfid áitreabhuigh na talmhan fíreantachd.
Tráthnóna, agus air maidin, agus san meadhon laói, do dhéana mé urnaigh, agus éighfiod ós áird: agus cluinfidh seision mo ghuth.
Eisd riom a nuáir ghoirfead, ó a Dhé mfíréantachda: dfuáscuil tú mé an tan do bhí mé a ccumhgach; déan trócaire orum, agus éist murnaigh.
Sásaidh sinn go moch red thrócaire; agus do dhéanam lúathgháire agus gáirdeachus air feadh ar sáoghail.
Achd cheana, an tan do ni tusa urnuighe, imthigh a sdeach aun do sheómra, agus ar dhunadh do dhoruis duit, guidh Hathair féin ata a bhfolach; agus do bhéaraidh Hathair do chí a bhfolach luáigheachd ós áird duit.
Mar dhúilighios a neilit srotha na nuisgeadh, is marsin dhúilighios manam ionnadsa, a Dhé. Lé cloidheamh ann mo chnámhuibh, scannluighid meascáirde mé; an feadh a deirid riom go láetheamhuil; Cáit a bhfuil do Dhía? Cred fa tteilgeann tú thú féin síos, ó manam? agus cred fa bhfuil tú buáidheartha ionnam? cuir do dhóigh a Ndía: óir molfa mé fós é, sláinte maighthe, agus mo Dhía. Atá tart air manam chum Dé, chum an Dé mharthannuigh: ca huáir thiucfad agus thaisbeanfad mé féin ós coinne aighthe Dé?
¶ Is do thrócaire an TIGHEARNA nach bhfuilmíd aidhmhillte, do bhrígh nach bhfáillighid a ghrása. Atáid núadh gach aon mhaidin: is mór thfíreantachtsa.
Ar a nadhbharsin déunam maill ré dothchas go hárdchatháoir na ngrás, chum trócaire do ghnodhúghadh, agus ghrás dfagháil dúinn chum furtachda a nám ríachdanais.
Tréoruigh mé ann thfírinne, agus teagaisc mé: óir is tú Día mo shlánuighthe; ortsa bhím ag feithiomh air feadh an laói.
Grádhuighim an mhéid ghrádhuighios mé; agus an drong íarrus mé go moch do gheabhuid mé.
Eighim rem uile chroidhe; cluin mé, a THIGHEARNA: coimhéadfa mé do reachta. Eighim chugadsa; tarthaidh me, agus coimhéadfad thfíadhnuiseadh.
Teilgir uáit mar shalchar a bhfuil do pheacachuibh air an ttalamh: ar a nadhbharsin grádhuighim thfíadhnuiseadha.
Ná bíodh ró chúram neithe ar bith oruibh; achd sa nuile ní biodh bhur níarratuis foillsighthe do Dhía a nurnuighe agus a nathchuinge maille ré breith buidheachais. Agus coimhéudfuigh siothcháin Dé sháruigheas a nuile thuigse, bhur gcroidhthe agus bhur ninntinneacha a Níosa Críosd.
Goirfe sé orum, agus cluinfe misi é; atáimse aige iona bhuaidhreadh; do dhéanad a shaoradh, agus a ghlórughadh.
Bí ad thocht don TIGHEARNA, agus déan feithiomh, foighideach air: ná fearguidh thú féin ris an té bhíos sona iona shlighe, ris an tí noch chriochnuighios a dhroch smuáintigh.
Sáiseochthar manam mar budh le méathus agus le smior; agus re puisinibh gairdeacha mholfas mo bhéul thú: A núair chuimhnighim ort air mo leabuidh, agus annsa noidhche fhaire mar smuáinim ort.
¶ Thug an Tighearna DIA dhamhsa teanga na ndáoine foghlomtha, go mbeith a fhios agam ciondus do laibheoruinn focal a nam ris an té bhíos coirthe: múscluidh sé ó mhaidin go maidin, múscluidh sé mo chluás do chluinsion mar a néagnuidhe.
Luighfe mé mar an ccéadna a síothcháin, agus coidéola mé: óir tusá, a THIGHEARNA, amháin chuireas am chomhnuidh me a neamhbáoghal.
Achd ag déunamh maitheasa ná bímid tuirseach: oír beanfum iona ám féin, muna ndeacham a neimbrígh.
Molaidh an TIGHEARNA. Is beannuighe an duine air a bhfuil eagla an TIGHEARNA, agá bhfuil dúil iona aitheantaibh go ro mhór.
Annsin fillfighthear mo naimhde air a nais, a nuáir gháirfiod: atá a fhios so agam; óir atá Día air mo shon.
A THIGHEARNA, is annsna flaitheasuibh atá do thrócaire; agus thfírinne go nuige na néulla is áirde.
Oír tusa, a THIGHEARNA, atáoi maith agus maithfeach; agus ro thrócaireach don luchd ghairios ort.
Acht ionnadsa do chuir misi mo dhóthchus, a THIGHEARNA: a dúbhrus, Is tú mo Dhía. Atáid maimseara ad láimhse: sáor mé ó láimh mo námhad, óm luchd ainleamhuna.
Ann sin ghoirfios tú, agus freagoruidh an TIGHEARNA; éighfidh tú, agus a déara seision, Atáim annso. Má chuirionn tú uáit as do lár an chuing, cuir amach an mhéir, agus labhairt díomhaóinis;
Iarruigh, agus do bhéurthar dhaóibh; lorgairídh, agus do gheabhtháoi; búalidh an dorus, agus oisgéoltar dháoibh:
Oír ionnadsa, a THIGHEARNA, cuirim mo dhóthchus: do bhéarair freagrá, ó a THIGHEARNA mo Dhía.
Is adhfhúathmhaireacht don TIGHEARNA íodhbairt an chiontaigh: acht sí urnaigh a nfíréin a dhúil.
Ag déunamh gáirdeachais tré dhóthchas; foighideach a mbuáidhearthuibh; cómhnuigheach a núrnaighe;
Acht ís maith dhamhsa druidean ré Día: atá mo dhóigh annsa TTIGHEARNA Día, go bhfoillsighe mé hoibreacha uile.
¶ Ná bíodh eagla ort; óir atáimsi maille riot: ná bí laigbhrígheach: óir is misi do Dhía: neirteochuidh mé thú: fós, cuideocha mé leachd; fós, cuinneocha mé súas thú le láimh dheis mo cheirt.
Mar a dubhairt tusa, Iarruidhse mo aghaidh; haghuidh, a dubhairt mo chroidhesi riot, Iarrfad а THIGHEARNA.
Agus an mhuinntir agá bhfuil fios hanma cuirfid a ndóigh ionnad: óir thusa, a THIGHEARNA, níor thréigis an luchd íarrus thú.
Tigeadh do thrócaire chineulta chugam, ionnus go mairfinn: óir isé do dhligheadh mo dhúil.
A THIGHEARNA, do chúartuigh tú mé, agus daithin tú mé. Ann sin fós tréorochuidh do lámhsa mé; agus coinneomhuidh do lámh dheas mé. Agus má deirim, Foileochuidh an dorchadus mé go deimhin; biáidh a noidhche go dearbhtha na solus am thimchioll. An dorchadus féin ní dhorchuighionn uáitsi; agus do bheir a noidhche solus úaithe mar an lá: mar an ndorchadus is amluidh sin atá an solus. Oír do shealbhuidh tú mo dhubháin: dfoluigh tú mé a mbroinn mo mhathar. Molfa mé thú; do bhrígh go ndéarnadh mé go hiongantach agus go húathbhasach: is oirdheirc hoibreacha; agus atá a fhios sin aig manamsa go ro mhaith. Ní raibh madhbharneith a bhfolach ortsa, an tan do rinneadh mé a nuáignios, agus do hoibrigheadh mé go healadhanta a rannaibh íochtaracha na talmhan. Do chonncadar do shúile mo mheall, míochumtha; agus do bhádar uile scríobhtha ann do leabharsa, noch a mbúanus do dhéantaoi a ndeilbh, an tan nach raibh aon díobh? Cred é fós mórlúaigh atáid do smuáintighthe dhamhsa, a Dhé! cred é mhéud a nuibhir! Dá náirmhim íad, is lía íad le a gcomháireamh ná an gaineamh: mhúsgluim, atáim do ghnáth agadsa. Go cinte marbhann tú na ciontuigh, a Dhé: ar anabharsin a dhaóine fuilteacha, imthighidh uáimse. Is aithne dhuit mo shuighe agus méirghe, tuige tú mo smuáineadh a bhfad uáit.
Tuille eile, a dhearbhraithre, gidh bé ar bithe neithe atá firinneach, gidh bé neithe atá trómgha, gidh bé neithe atá ceart, gidh bé neithe atá glan, gidh be neither as fíu grádh, gidh bé neithe ar a bhfuil deaghtheisd; ma tá súbhailcighe ar bith, agus má tá moladh, go madh híad bhías sibh a smuáineadh.
Do fheith mé air an TTIGHEARNA, atá manam ag feithiomh, agus iona bhréithir atá mo dhóigh. Atá manam ag feithiomh air an TTIGHEARNA ní sa mhó ná do níd lucht faire air an maidin: lucht faire na maidne.
A nuáir bhías eagla orum, biáidh mo dhóigh ionnadsa. A Ndía mholfas mé a bhríathar, a Ndía chuirim mo dhóigh; ní bhiáidh eagla orum cred do dhéanas feóil orum.
Tigeadh meigheadh a ngar ad lathair, a THIGHEARNA: tabhair tuigsi dhamh do réir do bhréithre.
Asé eagla Dé tosach na heagna: is maith an tuigse atá acasan uile do ní a aitheanta: mairigh a mholadh go bráth.
Coimhdeochuidh tú an té sin a síothcháin iomláin, noch agá mbí a inntinn daingion ionnadsa: do bhrígh go bhfuil a dhóigh ionnad. Dóthchusáidh annsa TIGHEARNA go bráth: óir is annsa TIGHEARNA IEHOBHAH atá an neart síorruidhe:
A núair chuimhnighim ort air mo leabuidh, agus annsa noidhche fhaire mar smuáinim ort. Do bhrígh go rabhuis mar chabhair agam, agus do dhéan gáirdeachus a sgáile do sciathán.
Oír thusa, a THIGHEARNA, beannocha tú an fíréun; le fabhar timchiollfar é amhuil budh le scéith.
Annsa ló aitheanas Día dhá thrócaire, agus annsa noidhche a chaintic agamsa, urnaigh chum Dé manma.
A tá manam fonnmhar, mar an ccéadna ag meirtniughadh re dúil a ccúirtibh an TIGHEARNA: gáirigh mo chroidhe ag mfeóil amach chum an Dé bhí.
Acht an drong fheithios air an TTIGHEARNA athnúadhuighid síad a neart; éreochuid súas le sciathánuibh amhuil iolair; riothfaid siad, agus ní bhéid coirthe; agus siubholuid, agus ní bhéid síad anbhfann.
Atá an TIGHEARNA grásamhuil, agus lán do thruáighe; fadfhuilingtheach, agus mórthrócaireach.
Do fheith mé air an TTIGHEARNA, atá manam ag feithiomh, agus iona bhréithir atá mo dhóigh.
Cúartuigh mé, a Dhé, agus tuig mo chroidhe: teastuidh me, agus tuig mo smuáintighe: Agus féuch an bhfuil slighe ar bith chiontach ionnam, agus treóruidh mé a slighe na síorruidheachta.
Do fheith mé go foighideach ris an TTIGHEARNA; agus do chláon sé chugam, agus do chúaluidh mo chomhairc.
Agus is mar an gcéadna fhóireas an Spiorad ar néagcrúasne: oír ní bhfuil a fhios aguinn créd do íarrfadhmaóis a nurnuighe mar budh cóir: achd do ní an Spiorad féin urnuighe air ar son lé hosnaidhibh dó-innse.
Tabhair clúas dom bhríathruibh, ó a THIGHEARNA, meas mo smúaintighe. Scrios íad, a Dhé; leagthar íad le na ccomhairlibh féin; teilg amach íad a niomadamhlachd a míghníomh; óir do rinneadar easáonta ad aghaidh. Acht gáirdigheadh a nuile dhuine do chuir a dhóigh ionnadsa: gáiridís lé lúathgáir go bráth, do bhrígh go ccumhduigh tusa íad: bidís mаr an ccéadna an dream learab ionmhain thainm, lúathgáireach ionnad. Oír thusa, a THIGHEARNA, beannocha tú an fíréun; le fabhar timchiollfar é amhuil budh le scéith. Eíst ré guth mo éighmhe, ó mo Rígh, agus mo Dhía: óir is chugadsa ghuidhfeas mé.
Tabhair orum do thrócaire do chloisdion air maidin; óir is ionnadsa chuirim mo dhóigh: tabhair orum an tslighe daithniughadh ann a siubhola mé; óir is chugadsa thógbhuim súas manam.
Bíodh úamhan oruibh, agus ná déanuidh peacadh: déanuidh comhrádh ré bhur ccroidhe féin air bhur leabuidh, agus beithi socair. Selah.
Oír imeochuid na sléibhte, áthrochar na cnoic; acht ní imeochuidh mo chínealsa uáitsi, ní mo áthrochthar cunnradh mo shíothchána, a deir an TIGHEARNA do rinne trócaire ort.
Am anacair do ghair mé air an TTIGHEARNA; agus do fhreagair an TIGHEARNA, agus do chuir a réiteach mé.
Tigidh chugamsa, uile a bhfuiltí tuirseach agus fá anúalach trom, agus do bhéaraidh mé fúaradh dháoibh. Tógbhuidh mo chuingsi oraibh, agus foghlamuigh úaim; óir a táim ceannsaighe agus úmhal a gcroidhe: agus do gheabhtháoi súaimhneas dá bhur nanmaibh. A dubhair sé ris, An tusa an té ús do bhí réd atharrach? Oir a tá mo chuingsi sóiomchuir, agus a tá múalach éadtrom.
Cred é oirdhearcus do thrócaire a Dhé! air a nadhbhar sin cuirfid mic na ndáoine a ndóigh a scáile do sciathán. Béid ar na sásughadh go ro mhór lé méathus do thighe; agus do bhéara tú orra ól daibhne haóibhnis. Oír is agadsa atá tobar na beatha; ann do sholusa do chídhfiom solus.
An té áitighios a núaingnios аn té is ro áirde do dhéana sé comhnuidhe ar scáth a Nuilechumhachtuigh.
Oir íona fheirg ní bhfuil acht móiment; iona fhabhar atá beatha: annsa tráthnóna bíodh go mbí gul, tig gáirdeachus air maidin.
Féuch, is Día mo shlánaightheóir; bím dothchusach ann, agus ní bhía eagla orum: óir isé an TIGHEARNA IEHOBHAH mo neart agus mó chaintic; sé fós mo shlánughadh é.
Do choimhéad mé haitheanta agus thfíadhnuiseadha: óir atáid mo shlighthe uile ad lathairsi.
¶ Gidheadh fuirfheithmhigh an TIGHEARNA, ré bheith grásamhuil daóibh, agus áirdeochthar uimesin é, chor go ndéana sé trócaire oruibh: óir is Día breitheamhnuis an TIGHEARNA: is beannuigh an mhéid fhuirfheithfios air.
Feith air an TTIGHEARNA: bí láidir, agus neartochuidh sé do chroidhe: agus déan‑fheitheamh air an TTIGHEARNA.
Go madh beannuigh an TIGHEARNA, noch thréoruighios sinn go láetheamhuil, Día ar shlánuighthe. Selah.
Is beanuighe an té aga bhfuil Día Iácob mar chabhair, agá a bhfuil a dhóigh annsa TIGHEARNA a Dhía féin:
Agus ná beir as mo bhéul focal na fírinne go hiomlán; óir do fheith mé air do bhreitheamhnusaibhsi.
Ar a nadhbharsin, a dhearbhráithre, ó atá sáoirse aguinn ré dhul a steach don naóimhiosdadh tré fhuil Iosa, Nó go deimhin do choisgfeidís dá bheith dhá bhforáil? do bhrígh ar mbeith do luchd na niodhbarthadhsin dforáil ar na nglanadh éunuáir amháin, nach bíadh ní sa mhó coinnsías pheacuigh aca. An tslighe núadh bhéo, noch do ullmhuigh sé dhúinn, trés an mbrat, as ionann sin ré a rádh, agus tré na fheóil féin; Agus tré shagart mór agá bhfuil ceannas thighe Dé; Druideam air ar naghaidh maille ré croídhe fírinneach sáirdheimhneach a gcreideamh, ar mbeith dár gcroídhibh ar na ccróthadh ó dhrochchoinnsías, agus ar mbeith dár gcorp ionnailte ré huisge glan.
Toigfiod súas mo shuile chum na ccnoc, as a ttiocfa mo chabhair. Is ón TTIGHEARNA atá mo chabhair, noch do rinne neamh agus talamh.
Fós, a slighe do bhreitheamhnuisi, do fheithiomar ort, a THIGHEARNA; atá fonn ar nanma dot ainm, agus dot chuimhne.
Bíth uireasbhuidh air na leomhnuibh óga, agus fuilingid ocrus: acht ní bhiáidh uireasbhuidh éanmhaitheasa ar an luchd íarrus an TIGHEARNA.
Do bhrígh go bhfuil grádh aige orumsa, saorfa mé é: áirdeochád é, do bhrígh gó ráibh fios manma aige.
Uime sin créd a déaram fa na neithibhsi? Ma atá Día linn, cia fhéadus bheith ar naghuidh?
Atá tart air manam chum Dé, chum an Dé mharthannuigh: ca huáir thiucfad agus thaisbeanfad mé féin ós coinne aighthe Dé?
Bídís bríathra mo bhéil, agus smuáineadh mo chroidhe, ionghabhtha ad lathair, ó a THIGHEARNA, mo charruic agus mfear fúasguilte.
Acht misi, atá mo ghuidhe chugadsa a THIGHEARNA, a nam ionghabhála: a Dhé, do réir ro iomad do thrócaire cluin mé, a bhfírinne do shlánaighthe.
Do gháirios chum Dé rem ghuth, chum Dé rem ghuth; agus thug sé éisdeacht damh. Agus a dubhras, A nois tionsgonad, ag so cláochló deasláimhe an té is ro áirde. Cuímhneochad oibreacha an TIGHEARNA: go deimhin cuimhneochad hoibreacha iongantacha ón tseanaimsir. Agus smuáinfiod ar hoibreachaibh uile, agus air do ghníomharthuibh do dhéan cúimhne. O a Dhé, is a náomhthacht, atá do shlighe: cía atá na Dhía comhmór re Día! Is tusa an Día noch do ní obair iongantach: do chuir tú do neart a numhail a measc na ndáoine. Dfúasgail tú led láimh do dhaoine, clann Iácob agus Ióseph. Selah. Do chonncadar na huisgeadha thú, a Dhé, do choncadar na huisgeadha thú; do bhí eagla orra: do bhádar na haigéin buáidheartha. Do dhóirteadar na néulla amach uisgeadha: thugadar na spéirigh fúaim: do chúadar fós do shoighde timchioll. Do bhí fúaim do thóirnighe annsna spéirigh: dfoillsigh do thinnteacha an saoghal: do chriothnuigh agus do ghabh eagla an talamh. Annsa bhfairge atá do shlighe, agus do chasán annsna huisgeadhuibh mórа, agus ní haithnithear do choiscéime. A ló mo bhúaidheartha do shir mé an TIGHEARNA: do bhí mo lámh san noidhche ar na dórtadh amach, agus ní dhéarnuidh comhnuigh: do dhiúlt manam comhfhurtachd do ghlacadh.
A THIGHEARNA, is annsna flaitheasuibh atá do thrócaire; agus thfírinne go nuige na néulla is áirde. Is cosmhuil thfíréantachd re sléibhtibh ro arda; do bhreitheamhnuis is cosmhuil ris an ndubhaigéan: ó a THIGHEARNA, cumhduigh tú an duine agus an tainmhidhe.
Agus fóirfidh mó Dhíasa gach uile uireasbhuidh dhá mbía oruibhse do réir a sháidhbhris maille ré glóir a Níosa Críosd.
Oír ní bhfuil dithfir ar bith eidir an Iúduidhe agus an Gréugach ann: óir is éin Tighearna dhóibh uile atá saidhbhir dá gach uile dhuine ghuidheas é.
Agus tiucfa a gcrích, suil ghoirfeas síad, go bhfreagora misi, agus an fad bhéid fós ag labhairt, go ccluinfe mé.
Acht gáirdigheadh a nuile dhuine do chuir a dhóigh ionnadsa: gáiridís lé lúathgáir go bráth, do bhrígh go ccumhduigh tusa íad: bidís mаr an ccéadna an dream learab ionmhain thainm, lúathgáireach ionnad.