Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Salm 5:2 - An Bíobla Naofa 1981

2 Tabhair cluas do mo bhriathar, a Thiarna, agus éist le m'osna.

Féach an chaibidil Cóip

An tSaltair 1965 (Ó Cuinn)

2 Éisteadh mo Rí agus mo Dhia le fuaim mo scairte: óir is chugat a bhead ag guí.

Féach an chaibidil Cóip

Psalma Dhaibhí 1836

2 Eist fuaim mo ghláoidh, mo righ, ’smo Dhia, Oir guidhim ort gach uain,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

2 Eíst ré guth mo éighmhe, ó mo Rígh, agus mo Dhía: óir is chugadsa ghuidhfeas mé.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

2 Tabhair cluas do mo bhriathar, a Thiarna, agus éist le mʼosna.

Féach an chaibidil Cóip




Salm 5:2
13 Tagairtí Cros  

Ach an ndéanfaidh Dia cónaí dáiríre [i measc an chine dhaonna] ar talamh? Féach! ní féidir leis na flaithis féin ná lena bhflaithis siúd arís thú a choinneáil. Nach lúide mar sin is féidir leis an teach seo atá tógtha agamsa?


Is é an Tiarna is rí go brách na breithe; rachaidh na ciníocha ar ceal as a fhearann.


Moltaí Dháiví. 1 Mórfaidh mé thú, a Dhia agus a Rí; agus molfaidh mé d'ainm trí shaol na saol.


Ach is tú, a Thiarna, mo sciath; mo ghlóir a thógann mo cheann.


Óir ní lena gclaíomh féin a ghabhadar an talamh níorbh é a gcuisle féin a shaor iad ach do dheaslámh féin is do chuisle agus gile do ghnúise, mar b'iad do ghrá iad.


Is duit is dleacht ár moladh i Síón, a Dhia. Is duit a chomhlíonfar ár móid,


Is é Dia mo Rí leis na cianta cairbreacha; an té a dhéanann slánú i lár an talaimh.


Ag meirtniú le méin do m'anam, santaíonn sé cúirteanna an Tiarna. Gairdíonn mo chroí is mo cholainn, i nDia - an Dia bithbheo.


Óir is é an Tiarna ár mbreitheamh, is é an Tiarna ár reachtóir, is é an Tiarna ár rí agus ár bhfuascailteoir,


Chuala tú mo ghuí: ‘Ná tabhair an chluas bhodhar do m'éamh agus mé ag iarraidh faoisimh.’


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí