Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Íseáia 26:8 - An Bíobla Naofa 1981

8 Is ea, ar bhealach do chuid breithiúnas tá muid ag fanacht ort, a Thiarna, is é d'ainm agus do chuimhne tnúthán ár n‑anama.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

8 Fós, a slighe do bhreitheamhnuisi, do fheithiomar ort, a THIGHEARNA; atá fonn ar nanma dot ainm, agus dot chuimhne.

Féach an chaibidil Cóip




Íseáia 26:8
39 Tagairtí Cros  

Seasann mo theach daingean i láthair Dé, mar rinne sé conradh síoraí liom, agus d'fhág gach ní in eagar go teann. Nach gcuireann sé bláth ar gach ní a shlánaíonn mé gach ní is mian liom?


Is méanar don dream a choinníonn an ceart, agus a chloíonn leis an bhfíréantacht de shíor.


Tá muinín ag m'anam as an Tiarna; ar a bhriathar atá mo sheasamh.


Bhí a bhreithiúnais go léir os mo choinne, is níor chuir mé a reachtanna i leataobh uaim.


Faoi mar a shantaíonn an eilit na sruthanna uisce is amhlaidh a shantaíonn m'anam thusa, a Dhia.


Déanann tú éachtaí i d'fhíréantacht dúinn, a Dhia ár slánaithe. Dóchas críocha uile na cruinne thú agus na bhfarraigí imigéiniúla.


Cé atá agam ar neamh ach tú; agus má bhím leatsa ní áil liom a bhfuil ar talamh.


Nach álainn go dearfa d'áras, a Thiarna na slua!


Agus dúirt Dia arís le Maois: “Seo mar a déarfaidh tú le clann Iosrael: ‘An Tiarna, Dia bhur n‑aithreacha, Dia Abrahám, Dia Íosác, Dia Iacóib, is é a chuir chugaibh mé.’ Sin é m'ainm ar feadh na síoraíochta agus sin mar a bheidh m'ainm á ghlaoch ó ghlúin go glúin. ”


Achainím oraibh, a iníona Iarúsailéim, má fhaigheann sibh mo ghrá - cad a inseoidh sibh dó uaimse? Go bhfuil galar an ghrá orm.


Déarfaidh sibh an lá sin: “Tugaigí buíochas don Tiarna, glaoigí air ina ainm! Fógraígí a éachtaí don phobal, meabhraígí gurb oirirc dá ainm.


Sna hoileáin freisin táthar ag glóiriú an Tiarna, agus i gcríocha na farraige ainm an Tiarna, Dia Iosrael.


A Thiarna, is tú mo Dhia; móraim thú agus ceiliúraim d'ainm; mar chuir tú do bheartaíocht iontach i gcrích, comhairle ar cinneadh uirthi fadó riamh, chuir go fíréanta agus go fírinneach.


Déarfar an lá sin: “Breathnaígí, is é ár nDia é, a raibh muid ag dréim le slánú uaidh; is é an Tiarna é, a raibh muid ag dréim leis. Déanaimid gairdeas agus lúcháir mar gur shlánaigh sé sinn”;


A Thiarna, a Dhia linn, bhí réim ag tiarnaí seachas tú féin orainn ach ní aithnímid ach tusa feasta, ní aithnímid ach d'ainmse amháin.


Ach tá an Tiarna ag fanacht le hionú an mhaithiúnais, is ar an ábhar sin a éiríonn sé agus a ghlacann trua daoibh; óir Dia cóir is ea an Tiarna, is méanar don dream a bhfuil a súil leis.


A Thiarna, bí ceansa linn, is leatsa atá ár súil. Bí i do lámh shábhála againn gach maidin, slánaigh sinn in aimsir trioblóide.


Beidh ríthe ina n‑aithreacha altrama agat agus a mbanríona agat mar bhanaltraí cíche. Sléachtfaidh siad romhat agus a mbéal fúthu ar an talamh agus lífidh siad an dusta de do chosa. Beidh a fhios agat gur mise an Tiarna; an dream a bhfuil a súil liom, ní chuirfear iad dá ndóchas.


Tugaigí aird orm, a chiníocha; a náisiúna, cuirigí cluas oraibh le héisteacht liom. Óir is uaimse a thagann an reacht agus beidh mo bhreithiúnas ina sholas do na ciníocha.


Is amhlaidh a deir an Tiarna: Coinnígí an ceart, cleachtaigí an fhíréantacht, óir tá m'fhuascailt ar tí teacht agus m'fhíréantacht ar tí a foilsithe.


Óir gluaiseann gach uile cheann de na ciníocha ar aghaidh in ainm a dhé féin ach siúlfaimidne in ainm an Tiarna, ár nDia, go brách is choíche.


Ach i dtaca liom féin de is ar an Tiarna a bhím ag brath; cuirim mo dhóchas i nDia mo Shlánaitheoir agus éistfidh mo Dhia liom.


Sin iad na haitheanta agus na dlithe a d'aithin an Tiarna do chlann Iosrael trí Mhaois ar bhánta Mhóáb láimh leis an Iordáin sall ó Ireachó.


Bhí siad araon fíréanta i bhfianaise Dé, ag tabhairt a saoil gan locht de réir uile aitheanta agus reachta an Tiarna.


Uair dá raibh sé ina gcuibhreann d'ordaigh sé dóibh gan corraí ó Iarúsailéim ach fanacht ann go dtí go gcomhlíonfaí gealltanas an Athar, “An gealltanas úd,” ar sé, “ar chuala sibh mé ag trácht air:


Ach ó táimidne ag súil le rud nach bhfeicimid táimid ag feitheamh go foighneach.


Go stiúra an Tiarna bhur gcroí ar ghrá Dé agus ar sheasmhacht Chríost.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí