Íseáia 26 - An Bíobla Naofa 1981Duan Bua 1 An lá sin, beidh an laoi seo á ceol ar thalamh Iúdá: “Tá baile daingean againn; leag sé amach bábhún agus forbhalla dár ndídean. 2 Osclaígí na geataí! Isteach leis an bpobal fíréanta, an té a sheasann lena ghealltanas, 3 atá bunúsach ó chroí, a choinníonn an tsíocháin, óir is asatsa atá a mhuinín. 4 Bíodh bhur muinín as an Tiarna go deo, óir is é an Tiarna an charraig shíoraí; 5 d'ísligh sé an dream a bhí ina gcónaí ar na harda, muintir an dúnfoirt daingin, leagann sé iad, leagann iad ar lár, caitheann sé síos iad sa láib; 6 cosa na n‑úiríseal agus na mbochtán, siúlann siad orthu ina gcoiscéim.” Salm 7 Is díreach bealach an fhíréin, réitíonn tú bóthar díreach don fhíréan. 8 Is ea, ar bhealach do chuid breithiúnas tá muid ag fanacht ort, a Thiarna, is é d'ainm agus do chuimhne tnúthán ár n‑anama. 9 Bíonn m'anam ag dréim leat san oíche, agus mo spiorad do do lorg ionam féin istigh; nuair a fhoilsítear do bhreithiúnais ar talamh, foghlaimíonn muintir an domhain ceart agus cóir. 10 Má thugtar fabhraíocht don urchóideach, ní fhoghlaimíonn sé ionracas, i dtír na córa, déanann sé urchóid; ní fheiceann sé maorgacht an Tiarna. 11 A Thiarna, tá do lámh tógtha in airde; ní fheiceann siad í. Feiceadh siad do dhúthracht i leith an phobail seo, is bíodh náire orthu; an tine a lasadh le haghaidh do naimhde, alpfaidh sí iad. 12 A Thiarna, is tú a thugann síocháin dúinn, óir caitheann tú linn de réir mar tá tuillte againn. 13 A Thiarna, a Dhia linn, bhí réim ag tiarnaí seachas tú féin orainn ach ní aithnímid ach tusa feasta, ní aithnímid ach d'ainmse amháin. 14 Marbh atá siad siúd, agus níl saol i ndán dóibh arís. Scáilí is ea iad, ní éireoidh siad níos mó, mar tá siad smachtaithe scriosta agat agus tá a gcuimhne curtha ar ceal. 15 Méadaigh do phobal, a Thiarna, méadaigh é; tabhair glóir don phobal, cuir fairsinge le críocha na tíre go léir! 16 A Thiarna, san anbhroid dúinn tá muid do do lorg; anacair agus ansmacht, ba iad siúd do phionós orainn. 17 Mar bhean ag iompar, ag lúbarnach is ag screadach i dtinneas clainne, is amhlaidh dúinn féin, a Thiarna, os do chomhair; 18 ghabh muid gin, tá muid i bpriacal mar bheimis ag saolú; ach níor thug muid spiorad an tslánaithe ar an saol, níl áitritheoirí á mbreith don domhan níos mó. 19 Beidh saol ag do chuid marbhánach arís, éireoidh a gcoirp as an nua; músclaígí, déanaigí gairdeas, sibhse uile atá sínte sa láib; óir is geal é mar dhrúcht do dhrúchtsa, agus tiocfaidh sliocht ar thír na scáth. Freagra an Tiarna 20 Imigh, a phobal liom, gabh isteach i do sheomraí agus dún na doirse i do dhiaidh. Gabh i bhfolach seal nóiméid go dtí go dté an fhearg thart. 21 Óir féach, tá an Tiarna ag teacht as a áras amach chun a n‑urchóid a aifirt ar mhuintir an domhain go léir. Tá an talamh chun an fhuil a doirteadh air a aiseag, agus ní choinneoidh sé a chuid marbh faoi chlúdach níos mó. |
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.
An Sagart