Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Íseáia 26:9 - An Bíobla Naofa 1981

9 Bíonn m'anam ag dréim leat san oíche, agus mo spiorad do do lorg ionam féin istigh; nuair a fhoilsítear do bhreithiúnais ar talamh, foghlaimíonn muintir an domhain ceart agus cóir.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

9 Lé manam díarr mé thú san noidhche; fos, lé mo spioraid a stigh ionnam íarrfas mé thú go moch: óir a nuáir bhéid do bhreatheamhnuis annsa talamh, foghlaimfid áitreabhuigh na talmhan fíreantachd.

Féach an chaibidil Cóip




Íseáia 26:9
28 Tagairtí Cros  

Eisean, an Tiarna, ár nDia; Tá a údarás os cionn na cruinne go léir.


Is é an Tiarna féin ár nDia a bhfuil a bhreitheanna i réim ar fud na cruinne.


Cuimhním ar d'ainm de shiúl oíche, a Thiarna; agus coimeádaim do dhlí.


Éirim um mheán oíche do do cheiliúradh, mar gheall ar d'fhoraitheanta córa.


Is foighní m'anam ag feitheamh leis an Tiarna, ná lucht faire leis an maidin. Bíonn lucht faire ag faire leis an maidin,


Beidh ríméad ar an bhfíréan nuair a fheicfidh sé an díoltas agus nífidh sé a chosa i bhfuil na n‑urchóideach.


Salm Dháiví. Nuair a bhí sé ag lonnú i bhfásach Iúdá.


Ar an ábhar sin beannóidh mé le mo bheo thú agus ardóidh mé mo lámha i d'ainmse.


A dteanga féin a dhéanfaidh iad a mhilleadh, agus déanfaidh a bhfeicfidh iad fonóid fúthu.


Nuair a thugadh sé a n‑ár bhídís á lorg ag iarraidh Dé le fonn is le dúthracht.


Bíodh náire agus scéin go brách orthu; go n‑éaga siad faoi tháir agus tharcaisne!


Tugaim grá don mhuintir a thugann grá dom, agus an mhuintir a lorgaíonn mé, faigheann siad mé.


Is amhlaidh sin a dhéantar leorghníomh in urchóid Iacóib agus seo é an luach a ghlanfaidh a pheaca: go gcaitheann sé le clocha na n‑altóirí go léir mar a chaithfeadh leis an chloch aoil a mheiltear. Cuaillí beannaithe ná galláin na gréine ní fhágfar ina seasamh


Aon duine in bhur measc a bhfuil eagla air roimh an Tiarna, éisteadh sé le glór a Ghiolla! An té a shiúlann sa dorchadas agus gan léas le feiceáil aige, cuireadh sé a mhuinín in ainm an Tiarna, baineadh sé taca as a Dhia.


Lorgaigí an Tiarna, fad a chuireann sé é féin air fáil; glaoigí air, fad atá sé i ngar.


Éirigh! Glaoigh amach san oíche i dtús gach seala faireacháin! lig do racht bróin amach mar thuile i láthair an Tiarna! Ardaigh chuige do lámha ar son bheatha do leanaí óga, (atá ag titim i laige le hocras ag béal gach uile shráide).


Is maith é an Tiarna don té a choimeádann súil in airde leis, don duine a bhíonn á lorg.


Beidh sibh in bhur n‑ábhar náire agus dímheasa, beidh sibh in bhur bhfógra uafáis do na ciníocha máguaird, nuair a ghearrfaidh mé pionóis fhíochmhara oraibh le teann feirge agus cuthaigh. Mise, an Tiarna, a labhair.


Fillfidh mé ar ais arís ar mo láthair féin, nó go n‑admhóidh siad a gcionta agus go dtiocfaidh siad ar mo lorg. Nuair a bheidh siad i gcruachás, cuardóidh siad mé go dúthrachtach, [á rá:]


Ach déanaigí ríocht Dé agus a fhíréantacht a lorg ar dtús, agus tabharfar na nithe sin uile daoibh chomh maith.


D'éirigh sé ina shuí ar maidin tamall maith roimh lá, ghabh sé amach agus d'imigh go dtí áit uaigneach agus bhí sé ansiúd ag guí.


Tharla sna laethanta sin go ndeachaigh sé amach faoin sliabh chun guí, agus thug an oíche go léir ag guí Dé.


Ag an nóiméad sin tharla crith mór talún agus thit deachú den chathair, agus fuair seacht míle duine bás sa chrith talún; ghabh eagla an chuid eile agus thug siad glóir do Dhia na bhflaitheas.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí