Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Salm 4:4 - An Bíobla Naofa 1981

4 Is é an Tiarna a roghnaíonn dó féin an duine diaga: éistfidh an Tiarna nuair a ghlaofaidh mé air.

Féach an chaibidil Cóip

An tSaltair 1965 (Ó Cuinn)

4 Ná ligeadh an eagla daoibh peaca a dhéanamh: labhraígí le bhur gcroí, agus in bhur seomra, agus bíodh suaimhneas oraibh.

Féach an chaibidil Cóip

Psalma Dhaibhí 1836

4 Biodh eagla oruibh ’sna déanuidhe olc: Lé bhur ccroidhe labhruidhe féin; Go huaigneach ann bhar leabuidh fós Bidh tostach mar an cceadn’.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

4 Bíodh úamhan oruibh, agus ná déanuidh peacadh: déanuidh comhrádh ré bhur ccroidhe féin air bhur leabuidh, agus beithi socair. Selah.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

4 Is é an Tiarna a roghnaíonn dó féin an duine diaga: éistfidh an Tiarna nuair a ghlaofaidh mé air.

Féach an chaibidil Cóip




Salm 4:4
17 Tagairtí Cros  

Agus dúirt sé leis an duine: “Féach, eagla an Tiarna an eagna, Agus an t‑olc a sheachaint is ea an tuiscint.”


Déanann flatha géarleanuint orm gan fáth; ach is eagal liom do bhriathra.


Gairim ort, a Dhia, agus tabharfaidh tú freagra orm: claon do chluas agus éist le mo bhriathar.


Déanaigí fónamh don Tiarna le heagla agus tugaigí ómós dó go creathnach, 12 sula gcuirfí fearg air, is go dtéadh sibh ar ceal nuair a bhladhmfaidh a fhearg go tobann. Is aoibhinn dá gcuireann a ndóchas ann.


A Thiarna, nach líonmhar iad mo naimhde! Tá mórán daoine ag éirí amach i m'éadan!


Ach is tú, a Thiarna, mo sciath; mo ghlóir a thógann mo cheann.


Bíodh eagla an Tiarna ar an domhan uile; bíodh urraim ag a maireann ar talamh dó.


Cuireann sé cosc le cogaí ar fud na cruinne: briseann sé boghanna agus smiotann sé sleánna, loisceann sé sciatha agus carbaid le tine.


Líonfar m'anam mar a líonfaí le fleá é, agus molfaidh mo bhéal le ríméad thú.


Smaoiním ar na laethanta a d'imigh; is cuimhin liom na blianta fadó.


Casann ród an fhíréin i leataobh ón olc; an té a fhaireann cá bhfuil a thriall caomhnaíonn sé a bheo.


Déantar leorghníomh sa pheaca trí dhílseacht agus seasmhacht; seachnaíonn fear an t‑olc le heagla an Tiarna.


Ná bí féin a mheas go bhfuil tú eagnaí, ach bíodh eagla an Tiarna ort, agus tabhair cúl leis an olc.


Nach bhfuil aon eagla oraibh romhamsa? - an Tiarna a labhraíonn - An é nach gcreathnóidh sibh i mo láthairse, mise a chuir an gaineamh ina theorainn don fharraige, ina chlaí buan nach bhfuil aon dul thairis; tiomáineann na tonnta ach ní bheireann bua, tonngháireann siad, níl dul thairis acu.


Ach tá an Tiarna ina theampall naofa; bíodh an domhan go léir ina thost ina láthair.


Déanaigí sibh féin a thriail agus a thástáil féachaint an bhfuil sibh ag leanúint den chreideamh. Nó an é nach dtuigeann sibh go bhfuil Íosa Críost ionaibh - rud atá mura bhfuil cliste oraibh?


Más ea féin go dtagann fearg oraibh, ná déanaigí an peaca dá bharr,


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí