Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Seanfhocal 3:6 - An Bíobla Naofa 1981

6 Bíodh aird agat air siúd cibé cúrsa ar a mbíonn tú, agus féachfaidh sé chuige go mbeidh do chosáin réidh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

6 Ann do shlighthibh uile admhuigh eision, agus do dhéana sé do shlighthe díreach.

Féach an chaibidil Cóip




Seanfhocal 3:6
27 Tagairtí Cros  

Agus tusa, a Sholaimh, a mhic, cuir aithne ar Dhia d'athar; tabhair seirbhís dó ó do chroí go hiomlán agus ó d'aigne go hiomlán; óir scrúdaíonn an Tiarna gach croí agus is eol dó gach beartas agus gach smaoineamh. Má lorgaíonn tú é, ligfidh sé duit é a fháil, ach má dhéanann tú é a thréigean, caithfidh sé i leataobh thú go brách.


Moladh leis an Tiarna, Dia ár sinsear, a spreag croí an rí ar an gcuma sin chun Teampall an Tiarna in Iarúsailéim a mhóradh,


A Thiarna tabhair cluas d'urnaí do shearbhónta agus d'urnaí do shearbhóntaí gur gean leo urraim a thabhairt do d'ainm. Cuir an rath ar do shearbhónta inniu, agus deonaigh go mbeidh gnaoi an fhir seo air.” Ba chornaire ag an rí mé an uair úd.


“Céard atá tú ag iarraidh orm, mar sin?” arsan rí liom. Chuir mé guí suas chun Dé neimhe ansin


Bhuail mo Dhia isteach i mo cheann ansin tionól a chur ar na huachtaráin, ar na feidhmeannaigh, agus ar an bpobal d'fhonn áireamh a dhéanamh ar na daoine de réir finí. D'aimsigh mé clár ginealach na muintire úd a d'fhill den chéad iarracht agus seo mar a fuair mé scríofa ann:


Tabharfaidh mé teagasc agus múinfidh mé an tslí is triallta duit. Tabharfaidh mé comhairle agus eolas duit; coimeádfaidh mé súil ort.


Réitíonn a shuáilcí an cosán don neamhchiontach, ach baineann a urchóid féin an t‑urchóideach dá bhonna.


Fág do shaothar go léir faoin Tiarna, agus cuirfear do phleananna go léir i gcrích.


Beartaíonn duine a chúrsa ina chroí ach sé an Tiarna a threoraíonn a chéimeanna.


Ná bíodh do chroí in éad le peacaigh, ach bí go teann gach lá faoi eagla an Tiarna;


Is díreach bealach an fhíréin, réitíonn tú bóthar díreach don fhíréan.


Cloisfidh do chluasa an focal seo i do dhiaidh: “Seo an bealach, leanaigí é”, cuma ar dheis nó ar chlé a chasfaidh sibh.


An duine seo, is mé a ghríosaigh chun bua é, tá an bealach réitithe agam roimhe. Déanfaidh sé mo chathair a atógáil agus mo dheoraithe a scaoileadh saor abhaile gan éiric gan airgead fuascailte,” a deir Tiarna na Slua.


Seo mar a deir an Tiarna, d'fhuascailteoir, Neach Naofa Iosrael: Is mise, an Tiarna do Dhia, a thugann teagasc do leasa duit, is mé a threoraíonn thú sa treo is dual duit.


Is maith atá a fhios agat, a Thiarna, nach ann féin atá slí duine, ná ní sa duine a shiúlann atá díriú a choiscéimeanna.


go dtaispeána an Tiarna do Dhia dúinn an tslí inar cheart dúinn siúl agus an rud ba chóir dúinn a dhéanamh.”


Ach sa chás nach luíodh an néal ach beagán laethanta os cionn an taibearnacail, shuídís campa faoi ordú an Tiarna agus scoiridís campa faoi ordú an Tiarna.


Ná cuirigí as do Ghiúdaigh ná do Ghréagaigh ná d'eaglais Dé.


Míle buíochas le Dia a chuir an díograis chéanna chun cabhraithe libh i gcroí Thíteas.


Ná bígí imníoch faoi rud ar bith ach cibé ní atá in easnamh oraibh cuirigí in iúl do Dhia é le hurnaí agus guí agus buíochas buan.


Agus gach ní dá ndéanann sibh le briathar nó le gníomh, déanaigí an t‑iomlán in ainm an Tiarna Íosa ag gabháil buíochais le Dia an tAthair tríd.


Cibé rud a bhíonn sibh a dhéanamh, oibrígí le fonn faoi mar gur don Tiarna agus nach do dhaoine a bheadh sibh á dhéanamh,


Má tá easpa eagna ar aon duine, iarradh sé ar Dhia í, Dia a thugann le féile do gach duine agus nach bhfuil ina dhiaidh orthu, agus tabharfar dó í.


Ansin chuaigh Dáiví i gcomhairle leis an Tiarna: “An rachaidh mé sa tóir ar an gceithearn seo? An mbéarfaidh mé orthu?” D'fhreagair sé: “Téigh sa tóir orthu; béarfaidh tú orthu go cinnte agus déanfaidh tú na bránna a fhuascailt, déanfaidh tú sin.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí