Oír do rugadh leanabh dhúinne, tugadh mac dhúinn: agus biáidh an ríaghladh air a ghúaluinn: agus goirrfighear a ainm Iongantach, Comhairleach, An Día cumhachtach, An Tathair síorruidhe, An Prionnsa na Síothchána.
Agus as í so toil an té do chuir misi uádh, go bhfuighe gach áorr do chí an Mac, agus chreideas ann, an bheatha mharrthanach: agus dúiseóchuidh misi é an lá déigheanach.
Do sgríobh mé na neithese chuguibhse a dhream chreideas a nainm Mhic Dé; chum a fheasa do bheith aguibh go bhfuil an bheatha mharthannach aguibh, agus ionnus go gcreidfeash sibh a nainm Mhic Dé.
Ata Spiorad an Tighearna DIA orumsa; do bhrígh gur ung an TIGHEARNA mé do sheanmóir sgéula maithe do na ceannsuighibh; do chuir sé mé do cheangal súas na ccroidhthe mbriste, dfúagra saóirse do na braighdibh, agus oscuilte an phríusúin don druing atá ceangailte;
Oír níor ghabhabhair chugaibh Spiorad na seirbhíse a rís chum eagla; achd do ghabhabhair chugaibh Spiorad atharghadh na cloinne, tré ngoirmíd, Abba, a Athair.
Agus ar na fhagháil a bhfioghair mar dhuine, do ísligh sé é féin, ar mbeith dhó ar ná dhéunamh úmhal gus an mbás eádhon bás na croiche.
As misi án fhíneamhuin, sibhsi na géuga: Gidh bé fhanus ionnamsa, agus misi annsan, do bheir sé toradh mór: óir gan misi ní héidir libh éainni do dhéanamh.
Oír dá raibh sinn air ar bplanndughadh maráon rision a gcosmhuilachd a bháis: bíam mar an gcéadna a gcosmhuilachd a eiséirighe:
Go deimhin, deimhin, a deirim ribh, An té éisdeas rém bhréithirse, agus chreideas don té do chuir uádh mé, atá an bheatha mharrthanach aige, agus ní thiocfa sé chum damnuighthel achd datharruigh sé ó bhás go beathaidh.
Eúnchorp, agus éin Spiorad atá ann, amhuil fós do goireadh sibh a néunmhuinighin bhur ngarma;
Achd ar gcoimhlíonadh na haimsire, do chuir Día a Mhac féin úadh, do gineadh ó mhnáoi, agus do gineadh fáoi an réachd, Chum na druinge do bhí fáoi an reáchd dfúasgladh dhó, ionnus go bhfuighemísne ait cloinne.
Ar a nadhbharsin, tar éis ar sáortha a nois lé na fhuilsion, is mó go mór choimhéudfuidhthear sinn thrídsion ó fheirg.
Na buáidhearthar bhur gcroidhesi: creidídh a Ndía, agus creidídh ionnamsa. An né nach ccreideann tú go bhfuilimsi ann sa Nathair, agus an Tathair ionnamsa? na briathra labhrum ribhse, ní uáim féin labhruim íad: achd an Tathair, atá na chomhnuidhe ionnam, as é do ní na hoibreacha. Creididh mé go bhfuilimsi ann sa Nathair, agus an Tathair ionnumsa: ní as lugha dhe creididh dhamh ar son noibreacha féin. Go deimhin, deimhin, a deirim ribh, Gidh bé chreidéas ionnamsa, do dhéuna se na hoibreacha nímsi; agus do dhéuna sé oibreacha as mó ná íad; oir atáimsi ag dul dionsuighe Mathar. Agus gidh bé ní íarrfuidhe am ainmsi, do dhéuna misi sin: do chum go ndéanfaidh an Tathair glórughadh ann sa Mhac. Má íarrthaói ní ar bith a mainmsi, do dhéuna misi é. Más ionmhuin libh misi, coimhéuduidh maitheanta. Agus guidhfidh misi an Tathair, agus do bhéura sé Comhfhurtuifhtheóir eile dhaóibh, ionnus go bhfanfadh sé bhur bhfochair go bráth; Spiorad na fírinne; noch nach bhféudan an sáoghal do ghabháil, ar a nadhbhar nach bhfaiceann sé é, agus nach aithnigheann sé é: achd aitheantaóisi é; óir fanuidh sé aguibh, agus biaidh sé ionnuibh. Ní bhfuigfe mé bhur ndílleachduibh sibh: tiucfa mé chugaibh. Tamall beag fós, agus ní fhaicfe an sáoghal feasda mél achd do chífidhísi mé: do bhrígh go bhfuilimsi béo, beithisi béo mar an gcéadna. As iomdha tíaghais a dtigh Matharsa: agus muna mbeith, dinnéosuinn dháoibh é. Atáim ag dul dullmhughadh áite dháoibh. An sa lá sin áitheontaói go bhfuilímsi sa Nathair, agus sibhsi ionnama, agus misi ionnuibhsi. Gidh bé agá bhfuilid maitheantasa, agus choimhéadas íad, as é sin ghrádhuigheas misi: agus gidh be ghrádhuigheas mise gráidhéochaidh Mathair eisean, agus gráidhéochuidh misi é, agus foillseochad mé féin dó. A dubhairt Iudás ris, ní hé Iscariot, A Thighearna, créd é an tadhbhar fá dtaisbéantá thú féin dúinne, agus ní do tsáoghal? Do fhreagair Iósa agus a dubhairt sé ris, Gidh bé ghrádhuifheas misi, coimheudfuidh sé mo bhriathar: agus gráidheochuidh Mathair é, agus tiocfamaóid chuige, agus do dhéunam comhnuidhe aige. Gidh bé nach grádhuigheann misi ní choimhéudann sé mó bhríathra: agus an bhriathar do chúalabhair ní leamsa í, achd leis a Nathair do chuir úadh mé. A dubhairt mé na neithesi ribh, air mbeith am chomhnuidhe aguibh. Achd an Comhfhurtáightheóir, an Spiorad Náomh, noch chuirfeas an Tathair úadh a mainmsi, múinfidh sé na huile neithe dhibh, agus cuirfidh sé a ccuimhne dhibh, gach uile ní dhá ndubhairt misi ribh. Fágbhuim síodhchain aguibh, do bheirim mó shíodhcháin féin dhaóibh: ní mar do bheir an sáoghal, do bheirimsi dhaóibh. Ná buaidhearthar bhur ccroidhe, agus ná bíodh eagla air, Do chúalabhair go ndubhairt mé ribh, Imthighim, agus thigim chugaibh. Dá ngrádhuigheadh sibh misi, do bhíadh lúathgháir oruibh, do bhrígh go ndubhairt mé, Atáim ag dul chum a Nathar; óir as mó Mathair ná misi. Agus a nois dinnis mé so dhaóibh, suil. Thiocfas sé chum críche, ionnus, go gcreidfeadh sibh, an tan thiocfas sé chum críche. Agus ma imthighim dullmhughadh áith dháoibh, tiocfaidh mé a rís, agus géubhuidh mé sibhsi chugam fein; ionnus mar a bhfuilimsi, go mbía sibhse fós ann.
Agus mar so do bhí cuid agaibhse: achd atá sibh ar bhur nionnladh, achd atá sibh ar bhur náomhadh, achd atá sibh ar bhur sáoradh a nainm an Tighearna Iósa, agus tré Spioraid ar Ndéinne.
Agus do réimhchinn sé dhúinne bheith aige féin a náit cloinne tré Iósa Críosd ar a shon féin, do réir dheaghfhuinn a thola féin,
Agus glanfuidh Día gach uile dhéor ó na suilibh; agus ní bhiáidh bás ann ní sa mhó, ná caói, ná éighmhe, agus ní bhiáidh sáothar ann ní sa mhó: óir do chúadar na céidneithe thoruinn.
Acht an drong fheithios air an TTIGHEARNA athnúadhuighid síad a neart; éreochuid súas le sciathánuibh amhuil iolair; riothfaid siad, agus ní bhéid coirthe; agus siubholuid, agus ní bhéid síad anbhfann.
Tug é féin air ar son, chum ar bfúasgalta ó gach uile pheacadh, agus chum ar nglanta ionnus go mbeimís ar pobal geanamhuil aige féín, ag leanmhuin go dúthrachdach do dheaghoíbrighibh.
Oír ní bhfuil árdsagart aguinn ris nách féidir ar néugcruáis a mhóthughadh; achd air ar cuireadh cáthughadh sna huile neithibh a gcosamhlachd rinn, gan pheacadh. Ar a nadhbharsin déunam maill ré dothchas go hárdchatháoir na ngrás, chum trócaire do ghnodhúghadh, agus ghrás dfagháil dúinn chum furtachda a nám ríachdanais.
As a bhfuil dánachd aguinn agus slighe ré dhul a steach maille ré dóthchas tré chreideamh annsan.
Dar thogair Día a fhoillsiughadh créd é siadhbhread ghlóire an ruindíamhairse a measg na Gcineadhach; agar ab é Críosd é bhur measgsa, muinighin na glóire:
Ní cuireann an Tíghearna muill ar a gheallamhuin, (mar mheasuid dream áirighe muill;) achd atá sé foighideach rinne, do bhrígh nach mían ris einneach dhul amúgha, achd na huile dháoine theachd chum aithrighe.
Oir as amadanachd don dreim théid a múgha bríathar na croichthe; achd dhúinne atá air ar slanúghadh as é cúmhachda Dé é.
Agus ar a shon so as eision eirdirmheadhontóir an chonnartha nuáidh, ionnas trés an mbás, do fhulaing sé chum fúasgluighthe na sáruighthe do bhí sa gcéudchonnradh, go bhfuighedís an dream atá ar na ngairm geallamhuin na hoighreachda síorruidhe.
Amháil as nach dtáinic Mac an duine do chum go ndéantáoi seirbhís dhó, achd do dhéanamh seirbhísi, agus do thabhairt anma féin mar éiric ar son mhóráin.
Oír ní bhfuil náire óram fá shoisgéal Chríosd: do bhrigh gur ab é cúmhachd Dé é chum slánaighe dá gach áon chreideas; don Iúdaighe ar tús, agus fós don Ghréugach.
Agus go bhfuáir seisean bás ar son na nuile, ionnus nach bíadh an dream atá béo ó so amach béo dhóibh féin, achd don to fuáir bás ar a son, agus do éiséirghe.
¶ Cred é scíamhuidhe ar na sléibhtibh atáid cosa an té do bheir scéala maithe leis, fhuagras síothcháin; do bheir scéala maithe leis ar mhaith, fhoillsigheas slánughadh; noch a deir ré Sion, Atá do Dhía a ríoghacht!
Agus a dubhairt sé ríu, Gur mar so do bhi sé sgríobhtha, agus gur mar so dob éigin do Chríosd fulang, agus éiseirghe ó mharbhuibh an treas lá: Agus aithrighe agus maitheamhnas na bpeacadh do dheanmóir an ainm do na huile chinidheachuibh, ag tionnsguadh ó Iérusalém.
Oír do cheannchadh sibh ar lúach: uime sin tugaidh glóir do Dhía ré bhur gcorp, agus ré bhur spioraid, óir is lé Día íad.
Agus is eision an réidhteach air son ar bpeacuighne: ní ar son ar bpeacuighne amháín, achd air son an domhuin uile mar an gcéudna.
Uime sin seasuidh sa tsáoirse léur sháor Críosd sinn, agus ná bíghidh a rís ar bhur gcreapall ré cuing ná dáoirse.
Agus do éigheadar do ghúth árd, ag rádh, Slánughadh dár Ndíane atá na shuidhe sa gcathaóir, agus do Núan.
Agus a déarthar annsa lósin, Féuch sé so ar Ndía; do fheitheamar air, agus sláineocha sé sinn: sé so an TIGHEARNA; do fheitheamair air, agus bíam lúathghaireach agus gáirdeochum iona shlánughadh.
As fírinneach an rádh, agus as fíu é ar gach éunchor gabháíl ris, go dtáinic Iósa Criosd ar an tsáoghal chum peacthach do shlánughadh; agá bhfuilimse um cheann orrtha.
Ar mbeith dhúinn ag fuireach ris an muinghin bheannuighe, agus re teachd deallruigheach ghloire an Dé mhóir eadhon ar Slánaightheóra Iósa Críosd;
Tigidh chugamsa, uile a bhfuiltí tuirseach agus fá anúalach trom, agus do bhéaraidh mé fúaradh dháoibh.
Noch atá aguinn mar ancaire, daingean diongmhálta a nanma, agus théid a steach go soithe a ní atá don táoibh a stigh don bhrat;
Agus a deir an Sbiorad agus an bhean núadhphosda, Tárr. Agus abradh an tí chluin, Tárr. Agus tagadh an tí ar a bhfuil tart. Agus an tí ler ab áill, glacadh sé uisge na beatha a naisgidh.
A cháirde, as clann do Dhía sinn a nois, achd ní léir fós créd bhus sinn: gidheadh atá a fhios aguinn, an tan fhoillséochar eision, go mbíam cosmhuil ris; óir do chífeam é do réir mar atá sé.
Achd an mhéid do ghabh chuca é, tug sé cumhachda dhóibh bheith na gcloinn ag Día, eadhon don droing chreideas ann a ainmsean:
Oir má, réidheadh eadruinne agus Día tré bás a Mhic, a nuáir do bhámar ar náimhdibh, is mó ná sin go mór, ar mbeith a nathmhuinnteardhas dúinn, choimhéadfuighthear sinn tré na bheathasan.
Gidheadh a bhuídhe ré Día, do bheir dhúinn buáidh do bhreith tré ar Dtíghearna Iósa Críosd.
Uime sin buidheachas ré Día ar son a thiodhlaice nach dtig ré teanguidh fhoillsiughadh.
Féuch, is Día mo shlánaightheóir; bím dothchusach ann, agus ní bhía eagla orum: óir isé an TIGHEARNA IEHOBHAH mo neart agus mó chaintic; sé fós mo shlánughadh é.
Congmham gan chorruidhe admháil ar muinighne; (óir as díleas an tí thug gealladh dhúinn:)
Ag soillsiughadh súl bhur ccroidhe; chum a fheasa do bheith aguibh créud í muinighin a ghlóire a óighreachda sna náomhuibh,
Oír is mar so do ghrádhuigh Día an domhan, go dtug sé a éighein Meic fein, ionnus gidh bé chreideas ann, nachd rachadh sé a mugha, achd go mbeith an bheatha shiorruidhe aige.
Acht is ar son ar lochtne do loiteadh é, do brúigheadh é ar son ar cciontadhne: is airsion do bhí smachdughadh ar síothchána; agus is le na chneadhuibhsion atamaóidne slánuighthe.
Ní do réir na noibrightheadh bhfiréunnda do rinneamairne, achd do réir a thrócaire féin do sháor sé sinn, tré ionnladh na haithghineamhna, agus tré athnúadhughadh an Spiorad Náoimh;
Do céusadh mé má ráon ré Críosd: gidheadh atáim beo; bíodh nach misi feasda, achd Críosd atá béo ionnam: agus an bheatha chaithim a nois sa gcoluinn is tré chreideamh Mhic Dé chaithim í, noch do ghrádhuigh mé, agus tug é féin ar mo shon.
Achd as úadhasan atá sibhse a Niósa Críosd, noch atá ar na dhéunamh ó Dhía dhúinne na eagna, agus na fhíréuntachd, agus na náomhthachd, agus na fhúasgladh:
Achd as ar neamh atá ar gcoinbhearsáidne; an tionad as a bhfuil súil aguinn fós ré teachd an Tslánaighthéora, an Tíghearna Iósa Críosd: Noch chuirfeas an gcorp truáillighe a nátharrach crótha, chum a dhéunta cómhchosmhuil ré na chorp glórmhar féin, tres a noibriughadh lér féidir leis na huile neithe fós do chur faói féin.
Ionnas gur féidir leis an dream thig chum Dé thríd féin do shlánughadh go híomlán, ar mbeith dhó beó go síorruidhe chum eadarghuidhe do dhéunamh ar a son.
Ann a bhfuil bhur ndóíghse mar an gcéudna, ar gclos bréithre na fírinne dhíbh, shoisgéil bhur slánaighthe: trér cuireadh fós séula oruibh íar gcreideamh dháoibh, tré Sbiorad náomhthá na geallamhna. Agár ab é is geall connartha dar noighreachdne go teachd duinne a seilbh ar sáoirsi, chum moltá a ghlóiresion.
A dubháirt Iósa ría, Is misi a neiséirghe, agus an bheatha: gidh be chreideas ionnam, dá mbeith go mbiadh sé tár éis bháis, mairfidh sé: Agus gidh bé mhaireas agus chreideas ionnamsa ní bhfuighe sé bás go bráth. An gcreideann tú so?
Oír atá a dheirbhfhios agam, nach búdh héidir lé bás, na lé beatha, na lé hainglibh, ná lé húachdaranachuibh, ná lé cúmhachduibh, ná leis na neithibh atá do láthair, ná leis na neithibh atá chum teachda, Ná lé hairde, ná lé doimhne, ná lé creatúr ar bith eile, sinne dhéalughadh ó ghrádh Dé, atá a Niósa Críosd ar Dtighearna.
Agus fós ní tré fhuil ghabhar na láodh, achd tré na fhuil féin; do chuáidh sé a steach éun uáir amháin sna hiosdadhuibh náomhtha, ar bhfagháil fúasluighthe shíorruidhe dhúinne.
Dá nadmham ar bpeacuidh, atá seision fírinneach agus ceart re ar bpeacuigh do mhaitheamh dhúinn, agus ré ar nglanadh ó anuile neamhfhiréuntachd.
Eadhon dá nadmha tú ód bhéol an Tighearna Iósa, agus dá gcreide tú ad chróidhe gur thóg Día é ó mharbhuibh, sláinéochthar thú.
Achd foillsighidh Día a ghrádh féin dúinne ann so, do bhrigh ag mbeith dhúinn fós ar bpeacthachuibh, gur fhuiling Críosd bás air ar son.
Oír asé as tuarasdal don pheacadh bás; achd asé tabhartus De an bheatha mhárrthanach tré Iosa Críosd ar Dtighearna.
Iona bhfuil fuásgladh aguinn tré na fhuil, (maithmheachas na boeacadh,) do réir sháidhbhris a ghrássan:
Oír as tré ghrás atá sibh ar bhur slánughadh tré ghrás atá sibh ar bhur slánughadh tré chreideamh; agus ní uáibh féin so: achd tioglacadh Dé: Ní ó oibrighthibh, deagla go ndéanadh áonduine uáill as féin.
Ar mbeith a fheasa aguibh nach lé neithibh truáillighe, ré hairgead ná hór do fúasgladh síbh ó bhur gcoinbhearsaid dhíomhaóin dár leanabhair do réir luirg na sinnsear; Achd ré fuil mhórluáidh Chríosd, amhuil uáin gan cháidhe gan lochd:
Ar a nadhbharsin ní bhfuil damnughadh ar bith a nois don dreim atá a Niósa Críosd, nach siobhlann do réir na féola achd do réir na Spioruide.
Ar a nadhbharsin má atá éunduine a Gcríosd, is créutúr núadh é: do imthigheadar na seinneithe thoruinn; feuch, do rinneadh na huile neithe núadh.
A dubhairt Iósa ris, As misi an tslighe, agus a nfírinne, agus a bheatha: ní thig áonduine chum a Nathar, achd tríomsa.
Glóir agus moladh do Dhía, eadhon Dathair ar Dtíghearna Iósa Críosd, noch do aithghin sinn do réir a mhórthrócaire chum béomhuinighne tré eiséirghe Iósa Críosd ó mharbhuibh.
Noch do sháor sinn ó chúmhachduibh an dorchaduis, agus do atharruigh sinn go rioghachd a Mhic ionmhuin féin: Ion a bhfuil an fúasgladh aguinn tré na fhuil, eadhon maithmheachas na bpeacadh:
Achd Día, noch atá saidhbhir a dtrócaire, tré na mhórghrádh lér grádhuigh sé sinn, Ar mbéith dhúinn fós marbh tré chionntuibh, do chóimhbheódhuigh sé sinn maille ré Críosd, is lé grásuibh shlánaighthear sibh;
Ar a nadhbharsin tar éis ar soártha tré chreideamh, atá siothcháin aguinn ré Día tré ar Dtighearna Iósa Críosd:
Uime sin ó atá fuil agus feóil ar na roinn ris an gcloinn, do ghabh seision mar an gcéudna a chuid díobh sin chuige; chum an tí agá bhfuil cúmhachd an bháis, éadhon an díabhal, dionnarbadh dhó tré bhás; Agus chum sáoirsi do thabhairt don mhéid do bhí feadh a mbeatha tré fhaitcheas an bháis fá chuing dháoirse.
Agus ó Iósa Críosd, an fhíadhnuisí fhíre, an chéidghin ó mharbhuibh, agus prionnsa ós ríoghuibh na talmhan. An tí do ghrádhuigh sinn, agus do ionnail sinn ór bpeacadhuibh ré na fhuil féin,
Bíodh dóigh ag Israel san TTIGHEARNA: óir is ag an TIGHEARNA atá trócaire, agus aigesion atá iomad fúascalta. Agus fuaisgeoluidh sé Israel ó na nuile chiontaibh.
Oír do rinne seisean air ar soinne, peacadh don tí ag nách raibh fios peacaigh; ionnus go ndéuntaói fíréuntachd Dé dhínne annsan.
Noch do órduigh Día na cheann réightigh tré chreideamh ann a fhuil, chom a fhíréantachda dfoillsiughadh, tré mhaithmheachas na bpeacadh do chuáidh tharuinn, a bhfoighid Dé;
An toil ré a bhfuilmídne air ar ndéunamh náomhtha tré íodhbairt chúirp Iósa Críosd éunuáir amháin.
Agus siúbhluidh a ngrádh, amhuil do ghrádhuigh Críosd sinne, agus tug sé é féin air ar son a ofráil agus na iodhbairt dheaghbhaluidh do Dhía.
Go deimhin, deimhin, a deirim ribh, An té chreideas ionnumsa atá an bheatha mharrthanach aige.
An té nár choigill a Mhac díleas féin, achd tug air ar soinne uile é, cionnas nach ttiodhluicfeadh sé dhúinn gach uile ní maille ris?
Agus do chanadar cainntic núadh, ag rádh, As fíu thusa an leabhar do ghlacadh, agus a shéuluidhe dfosgladh: do bhrígh gur marbhadh thú, agus gur cheannuidh tú sinne do Dhía réd fhuil féin as a nuile threibh, agus theanguidh, agus phubal, agus chineadh;
As mar na gcéudna fuáir Críosd a iodhbhairt éunuáir amháin chum peacuidh mhóráin do sgríos dó; agus búdh léir é an dara huáir gan pheacadh don druing atá ag fuireach ris chum slánuighthe.
Noch do sháor sinn, agus do ghoir sinn maille ré gairm náomhtha, ní réir ar noibrightheadh, ahd réir a chinnidh féin agus a ghrás, noch do tugadh dhúinn a Niósa Críosd roimh chrúthughadh an domhuin;
Agus do bheirim an bheatha mharrthanach dhoibh; agus ni rachaid siád a mugha go bráth, agus ní fhúaideóchaidh eínneach as mo láimh iad. Mathair, noch thug dhamhsa íád, as mó é ná na huile; agus ní fhéudann éinneach a bhfuadach as láimh Mathar. Is dó so osglas an doirrseóir; agus éisdid na cáoirigh a ghuth: agus goiridh sé a cháoirigh réir a nanmann, agus tréoruighidh sé amach iád. Misi agus an Tathair as áon sinn.
Agus ní bhfuil slánughadh a neach air bith eile: oír ní bhfuil ainm ar bith eile fáoi neamh ar na thabhairt do dháoinibh, lér ab éidir sinne shlánughadh.
Oir do rinne sé diongmhálta go síorruidhe ré héin iodhbairt amháin an dream atá ar na náomhadh.
Agus atáid ar na sáoradh a naisgidh ré na ghrásuibhsean trés an bhfúasgladh do rinneadh lé Híosa Críosd:
Agus a sí so an fhíadhnuise sin, go dtug Día an bheatha mharthannach dhúinne, agus is ann a Mhac atá an bheathasa. An tí agá bhfuil an Mac aige atá an bheatha aige; an tí ag nach bhfuil Mac Dé ní bhfuil an bheatha aige.
Tigidh anois, agus déanum réusún re chéile: a deir an TIGHEARNA: mátá go bhfuilid bhur bpeacaidhe amhuil scáirléad, béidh síad coimhgheal ré sneachda; mátá go bhfuilid dearg mar chrimson, béidh síad amhuil olann.
Oír do fhulaing Críosd fós éunuáir amháin ar son na bpeacadh, an firéun ar son na neimhfhiréun, ionnus go dtiubhradh sinne chum Dé, do bhásuigheadh é a dtáobh na colla, achd do béodhaigheadh é ris an Spioruid:
Achd dfúasguil Críosd sinne ó mhallachd air ar son: óir atá sgríobhtha, As malluighe gach áon chrochdar a gcrann:
Agus go líonaidh Día an dóthchais sibhse do gach uile gháirdeachus agus shoithcháin ó chreideamh dháoibh, ionnus go madh móide bhur ndóthchas, tré chúmhachdaibh an Spiorad Náoimh.