Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Eoin 5:13 - An Bíobla Naofa 1981

13 Scríobh mé na nithe seo chugaibh go mbeadh fhios agaibh go bhfuil an bheatha shíoraí agaibhse a chreideann in ainm Mhic Dé.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

13 Tá seo scríofa agam chugaibhse a chreideas in ainm Mhac Dé, ionas go mbeidh a fhios agaibh go bhfuil an bheatha shíoraí agaibh.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

13 Do scríobhas na neithe seo chugaibh‐se chreideas i n‐ainm Mhic Dé chum go mbéidh eolas agaibh go bhfuil an bheatha mharthannach agaibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

13 Do sgríobh mé na neithese chuguibhse a dhream chreideas a nainm Mhic Dé; chum a fheasa do bheith aguibh go bhfuil an bheatha mharthannach aguibh, agus ionnus go gcreidfeash sibh a nainm Mhic Dé.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

13 Scríobh mé na nithe seo chugaibh go mbeadh a fhios agaibh go bhfuil an bheatha shíoraí agaibh-se a chreideann in ainm Mhac Dé.

Féach an chaibidil Cóip




1 Eoin 5:13
26 Tagairtí Cros  

Ach an uile dhuine a ghlac é, thug sé de cheart dóibh go ndéanfaí clann Dé díobh, dóibh seo a chreideann ina ainm,


Fad bhí sé in Iarúsailéim le linn féile na Cásca chreid a lán ina ainm nuair a chonaic siad na comharthaí a bhí á ndéanamh aige.


Ach cuireadh an méid sin i scríbhinn chun go gcreidfeadh sibh gurb é Íosa an Criost, Mac Dé, agus á chreidiúint go mbeadh an bheatha agaibh ina ainm.


Sin é an deisceabal a thugann fianaise i dtaobh na nithe sin, agus a scríobh na nithe sin agus tá a fhios againn gur fíor í a fhianaise.


An té a chreideann ann ní thabharfar daorbhreith air, ach an té nach gcreideann ann, tá daorbhreith tugtha air cheana féin, mar nár chreid sé in ainm Mhac Dé, a Aonghin.


Amen, Amen, a deirim libh, an té a éisteann le mo bhriathar, agus a chreideann an té a chuir uaidh mé, tá an bheatha shíoraí aige; ní thagann sé chun breithiúnais, ach tá sé dulta ó bhás go beatha.


“Is é an t‑ainm sin Íosa agus an creideamh atá againne ann a thug a lúth agus a neart don fhear seo a fheiceann sibh os bhur gcomhair agus a bhfuil aithne agaibh air. Is é an creideamh úd, a thagann trí Íosa, a d'fhág an fear seo slán folláin in bhur bhfianaise uile.


níl slánú le fáil i nduine ar bith eile mar níl aon ainm eile faoin spéir dár tugadh do dhaoine lena dtig linn slánú a bhaint amach.”


Tá a fhios againn nuair a leagtar ar lár an bhoth seo ina gcónaímid ar talamh, go bhfuil áitreabh le fáil ó Dhia againn sna flaithis, teach cónaithe síoraí nár tógadh le lámha daoine.


Agus mar chruthú gur clann mhac dó sibh chuir Dia Spiorad a Mhic inár gcroí agus “Abba, a Athair” á screadadh aige.


Tá scríofa agam chugaibh i mbeagán focal le cabhair Silveánas, bráthair dílis, dar liom, á thathant oraibh agus á áiteamh oraibh gurb é seo fíorghrásta Dé; cloígí leis.


Agus scríobhaimid na nithe seo chugaibh le go mba lán ár lúcháir.


A chlann liom, scríobhaim na nithe seo chugaibh le nach ndéana sibh aon pheaca; ach má dhéanann éinne peaca, tá abhcóide againn fara an Athair, Iosa Críost atá cóir.


Níor scríobh mé chugaibh á rá go mba aineolach ar an bhfírinne sibh, ach go mba feasach sibh í, agus go mb'eol daoibh nach den fhírinne aon bhréag.


Agus seo é an gealltanas a gheall sé dúinn, an bheatha shíoraí.


Scríobh mé an méid seo chugaibh faoi lucht bhur meallta.


Agus seo í an aithne a thug sé: go gcreidfimis in ainm a Mhic Íosa Críost agus go dtabharfaimis grá dá chéile, de réir mar a d'ordaigh seisean dúinn.


Mar seo a foilsíodh grá Dé inár measc gur sheol sé a aonMhac sa saol le go mairimis-ne trídsean.


An té a chreideann i Mac Dé tá an teastas sin aige ina chroí istigh; an té nach gcreideann i nDia, bréagnaíonn é mar nach gcreideann sé an teastas a thug Dia ar a Mhac féin.


Seo é brí na fianaise, gur thug Dia an bheatha shíoraí dúinn agus is ina Mhac atá an bheatha sin.


Ach is feasach dúinn fós gur tháinig Mac Dé agus gur thug éirim dúinne le go n‑aithnímis an té atá fíor. Agus mairimid sa té atá fíor, is é sin ina Mhac Íosa Críost.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí