1 Eoin 5 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)1 Cibé duine chreideas gur ab é Íosa an Críost, is ó Dhia do geineadh é, agus cibé duine ghrádhuigheas an té do ghein é, grádhuigheann sé an Mac do geineadh uaidh. 2 Air so aithnighmíd go bhfuil grádh againn do chlainn Dé, nuair bhíos grádh againn do Dhia, agus nuair choimheádaimíd a aitheanta. 3 Óir is é seo grádh Dé, sinne do choimheád a aitheanta: agus ní fhuil a aitheanta trom. 4 Óir buadhann ar geineadh ó Dhia ar an saoghal, agus is é do bhuaidh ar an saoghal, ná ár gcreideamh‐na. 5 Agus cia h‐é bhuadhas ar an saoghal acht an té chreideas gur ab é Iosa Mac Dé? 6 Is é Íosa Críost an té tháinig tré uisce agus tré fhuil: ní h‐é tríd an uisce amháin, acht tríd an uisce agus tríd an fhuil. 7 Agus is é an Spiorad do‐bheir fiadhnaise, óir is é an Spiorad an fhírinne. 8 Óir atá triúr ann do‐bheir fiadhnaise, an Spiorad, agus an t‐uisce, agus an fhuil: agus cuireann an triúr le chéile. 9 Má ghlacaimíd le fiadhnaise na ndaoine, is mó ’ná sin fiadhnaise Dé: óir is í fiadhnaise Dé, go dtug sé fiadhnaise i dtaobh a mhic. 10 An té chreideas i Mac Dé, atá an fhiadhnaise seo ann féin. An té nach gcreideann do Dhia, bréagnuigheann sé é; de bhrigh nár chreid sé an fhiadhnaise thug Dia i dtaobh a Mhic. 11 Agus is í seo an fhiadhnaise, go dtug Dia an bheatha mharthannach dúinn, agus gur ’n‐a Mhac atá an bheatha so. 12 An té go bhfuil an Mac aige, atá an bheatha aige; an té nach bhfuil Mac Dé aige, ní fhuil an bheatha aige. 13 Do scríobhas na neithe seo chugaibh‐se chreideas i n‐ainm Mhic Dé chum go mbéidh eolas agaibh go bhfuil an bheatha mharthannach agaibh. 14 Agus is é adhbhar an uchtaigh atá againn ’n‐a thaobh, má iarraimíd rud ar bith do réir a thola air, go n‐éisteann sé linn: 15 agus má tá a fhios againn go n‐éisteann sé le cibé nidh iarraimíd air, annsin atá a fhios againn go bhfuil na neithe d’iarramar air againn. 16 Má chíonn aoinneach a bhráthair ag déanamh peacaidh nach bhfuil chum báis, iarrfaidh sé, agus bhéarfaidh Dia beatha dhó le h‐aghaidh na ndaoine nach ndéanann peacadh chum báis. Atá peacadh chum báis ann; ní abraim go mba cheart dó guidhe ar a shon sin. 17 Is peacadh gach éagcóir: agus tá peacadh ann nach bhfuil chum báis. 18 Is eol dúinn, aoinneach do geineadh ó Dhia nach ndéanann sé peacadh; acht an té do geineadh ó Dhia, coimheádann sé féin é, agus ní bhfaghann an ainspioraid greim air. 19 Is eol dúinn, leis, gur daoine le Dia sinn, agus go bhfuil an saoghal ar fad fá chumhacht na h‐ainspioraide. 20 Agus is eol dúinn go dtáinig Mac Dé, agus go dtug sé tuigsin dúinn chum an té atá fírinneach d’aithint, agus atáimíd‐ne san té atá firinneach, ’n‐a Mhac Íosa Críost. 21 Is é an fír‐Dhia, agus an bheatha mharthannach é seo. A chlann bheag, coimheádaidh sibh féin ar íodhalaibh. |
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932
British & Foreign Bible Society