Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




1 Eoin 5:3 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

3 Óir is é seo grádh Dé, sinne do choimheád a aitheanta: agus ní fhuil a aitheanta trom.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

3 Óir is é is grá do Dhia ann a aitheanta a bheith á gcoinneáil againn. Agus ní haon tromualach iad a aitheanta.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 Oír a sé so grádh Dé, eadhon sinne do choimhéud a aitheantadh: agus ní bhfuilid a aitheanta trom.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

3 Mar gurb é seo grá Dé, comh-líonadh a aitheanta; agus ní tromualach a aitheanta.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

3 Mar gurb é seo grá Dé, comhlíonadh a aitheanta; agus ní tromualach a aitheanta.

Féach an chaibidil Cóip




1 Eoin 5:3
26 Tagairtí Cros  

Thairis sin, ceanglaid ualaighe troma, do‐iomchair, agus cuirid ar ghuailnibh na ndaoine iad; acht ní h‐áil leo féin a gcorruighe le n‐a méir.


Má tá grádh agaibh dom, coimhéadfaidh sibh m’aitheanta.


Má choimhéadann sibh m’aitheanta, fanfaidh sibh im’ ghrádh; fá mar choimhéadas‐sa aitheanta m’Athar, agus go bhfanaim ’n‐a ghrádh.


Is sibh‐se mo cháirde má ghníonn sibh a n‐órduighim daoibh.


D’á bhrigh sin, atá an dlighe naomhtha, agus atá an aithne naomhtha, agus fírinneach, agus maith.


Óir taithneann dlighe Dé liom im’ anam istigh:


Óir is é seo an connradh dhéanfad le teaghlach Israel Tar éis na laethe úd, adeir an Tighearna: Cuirfead mo dhlighthe isteach ’n‐a n‐aigne, Agus scríobhfad ar a gcroidhe iad: Agus béidhead im’ Dhia aca, Agus béidh siad‐san ’n‐a bpobal agam:


Agus is air so aithnighmíd go bhfuil aithne againn air, má choimheádaimíd a aitheanta.


Agus is é is grádh ann, siubhal do réir a aitheanta. Is í seo an aithne, mar chualabhar ó thús, gur dual daoibh siubhal d’á réir.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí