Salm 55 - An Bíobla Naofa 1981Feall agus Faltanas 1 Do siúrthóir an chóir. Ar théada ceoil. Mascil Dháiví. 2 Tabhair cluas do m'urnaí, a Dhia: ná téigh i bhfolach ó m'achainí. 3 Tabhair aire dom agus éist le mo ghuí, óir tá mé cloíte ag an mbuairt. 4 Táim ar crith de bharr gártha an namhad agus ansmacht na n‑urchóideach; óir tarraingíonn siad an t‑olc anuas orm; bíonn siad do mo chiapadh le neart a bhfeirge. 5 Tá mo chroí arna chloí ionam istigh: titeann eagla an bháis orm. 6 Tagann sceimhle is scanradh orm anuas, tá mé i mo stalc ag an uamhan. 7 “Mo thrua,” a deirim, “gan sciatháin an choilm agam; d'eitleoinn liom faoi shuaimhneas.” 8 Is amhlaidh a rachainn in imigéin go ndéanfainn cónaí san fhásach. 9 Theithfinn gan mhoill ar lorg fothana ón stoirm is ón spéirling; 10 ó anfa clúmhillteach mo namhad, ó thonn tuile a dteangacha. Óir ní fheicimse aon ní sa chathair ach imreas is éigean; 11 siúlann siad ballaí na cathrach de lá agus d'oíche. Is lán í d'olc agus d'urchóid; 12 Tá an peaca ina lár. Ní scarann an foréigean ná an feall lena sráideanna choíche. 13 Dá mba namhaid é an té a thug aithis dom d'fhéadfainn cur suas leis. Dá mba eascara a d'éirigh i m'éadan rachainn i bhfolach uaidh. 14 Ach tusa! mo dhlúthchara féin is mo chaomhchompánach a rinne an ní seo! 15 Ba chairde cléibh sinn a shiúil in éineacht in áras Dé. 16 Go gcastar an bás go tobann orthu; go dté siad beo san uaigh síos. Óir cónaíonn an urchóid ina n‑árais agus i gceartlár a gcroí. 17 Ach glaofaidh mise ar Dhia agus saorfaidh an Tiarna mé. 18 Ar maidin, meán lae, is tráthnóna 18b beidh mé ag caí is ag caoineadh. 18c ach cluinfidh Dia mo ghlór. 19 Fuasclóidh sé m'anam go sítheach ón gcath seo a chuirim - óir is iomaí sin duine a throideann liom - 20 Éistfidh sé liom agus cloífidh iad; (tá sé ann ón tsíoraíocht), óir ní théann siad i bhfeabhas ar aon chor, ná ní eagal leo Dia. Selah 21 Síneann gach aon neach a lámh in aghaidh a chairde; briseann sé a chonradh. 22 Is sleamhaine a bhriathra ná im, ach tá cogadh ina chroí. Is boige a bhriathra ná ola, ach is claímhte arna nochtadh iad. 23 Caith do chúram ar an Tiarna agus déanfaidh sé taca duit; ní leomhfaidh sé go mbainfear barrthuisle as an bhfíréan go brách. 24 Ach seolfaidh tusa síos iad, a Thiarna, go poll an bháis; ní bhfaighidh lucht fola agus fill ach leath a laethanta. Is ort atá mo sheasamh, a Thiarna. |
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.
An Sagart