Tá cumhacht mhór i bhfocail Dé, cumhacht a athraíonn muid ó bhonn. Tá véarsaí ann a chloisimid arís is arís eile, agus bíonn siad lán le cumhacht chun ár n-intinn agus ár saol a mhúnlú. Foghlaimímid iad d’aon ghnó le go mbeidh siad againn i ngach uile chás. “Is féidir liom gach ní a dhéanamh trí Chríost a thugann neart dom.” (Filipigh 4:13) Sin ceann a fhoghlaimímid go minic, agus bainimid úsáid as nuair a bhíonn muid ag mothú lag.
“Óir is mar sin a ghráigh Dia an domhan gur thug sé a Aonghin Mhic, ionas nach gcaillfí gach duine a chreideann ann ach go mbeadh an bheatha shíoraí aige.” (Eoin 3:16) Ceann de na cinn is tábhachtaí ar fad é sin, agus is minic a chloisfidh tú é nuair a chuirtear ár dTiarna Íosa in aithne duit ar dtús. Tá neart véarsaí eile ann a bhfuil clú agus cáil orthu, agus gheobhaidh tú iad anseo.
Asé eagla an TIGHEARNA tosach a néoluis: acht dísbeaguid na hamadáin eagna agus teagasg.
Cuir do dhóigh a Ndía re do uile chroidhe; agus ná bí táobh ré do thuigsi féin. Ann do shlighthibh uile admhuigh eision, agus do dhéana sé do shlighthe díreach.
Asi a neagna an ní is oirdheirce; uimesin fagh eagna: agus maille red uile fhagháil fagh tuigse.
Agus má atá aóinneach aguibh a neasbhuibh éagua, íarruidh í air Dhía, noch do bheir go fairsing úadh do na huilibh, agus nach déun maóidheamh; agus do bhéurthar dho í.
Ga mhéad is féarr eagna dfagháil ná ór? agus tuigsi dfagháil is córa í do thogha ná airgiod?
Eísd re comhairle, agus glac teagasg, chor go mbía tu glic ad chrích dheighíonuigh.
Bí slighe a namadáin díreach iona shúilibh féin: acht is críonna an té éistios ré comhairle.
As úabhar amháin thig an cheannairg: acht bí eagna ag na daóinibh deagh-chomhairleacha.
Bí tuigsi mhor ag an té bhíos mall chum feirge: acht an té bhíos deithniosach a spioraid árduighidh sé leimhe.
Is ionmhuin leis an té do gheibh eagna a anam féin: an té choimhéadas tuigsi do gheabha sé maith.
Ní bhí díth peacaidh a niomad na mbríathar: acht an té chongmhus air a bhéul atá críonna.
Caiglidh an té agá mbí éolus a bhríathra: agus bí fear na tuigsiona do spiorad dhearscnuighthe.
Foillsigh an tamadán a intinn uile: acht congmhuidh an duine críonna a stigh é nó go ttíg na dhiáigh sin.
Réimhfhéuchuidh an duine glic an tolc chuige, agus folchaidh sé é féin: acht imthighid na daóine simplidhe ar a naghaidh, agus píantar íad.
Is beanuighe an té do gheibh eagna, agus an duine do gheibh tuigsi. Oír is féarr a ceanniugheacht ná ceannuigheacht airgid, agus a sochar ná ór glan.
Oír is fear a neagna náid na clocha búadha; agus na huile neithe is féidir do dhúiliughadh ní hionchoimhmeasta ría íad.
Toirmiscthior tionnscanta a néagmhuis chomhairle: acht a niomad na ccoimhairleach daingnithear íad.
Gidh bé ghrádhuighios teagasg grádhuighidh sé eólus: acht an té fhúathuighios smacht is brúideamhuil é.
Tré ghliocas do nithior tigh dfoirgneadh; agus le tuigsi daingnighthior é: Do ghabh mé láimh re machaire an duine fhallsa, agus láimh ré fíneamhuin an duine gan tuigsin; Agus, féuch, do bhí sin uile ar bhfás thairis do dhosánuibh, agus dfoluigh a neantóg a aghuidh, agus do bhí a bhalla cloiche briste sios. Annsin do chonnairc mé, agus do mheas mé go maith é: dféuch mé air, agus do ghabh mé teagasg. Beagan codalta fós, néull beag, filleadh beag na lámh air a cheile chum codalta: Marsin tiucfuidh do bhochtuine mar áon bhías ar siubhal, agus do ríachtanas mar dhuine armtha. Agus lé héolus líonfuighthear na séomradha le gach uile shaidhbhrios mhórluáidh shólasach.
Oír is sgáile a neagna, agus is cumhdach an tairgiod: acht isé dearscnughadh a néoluis, go ttabhair a neagna sáoghal don druing agá mbí sí.
Do gheibh croidhe an duine eagnuidhe éolus; agus íárruidh clúas an duine chríonna eagna.
Cuiridh discréid duine a fhearg air cáirde; agus isí a ghlóir míríaghuil do léigean thairis.
Glacfuidh an duine glic a ccroidhe aitheanta chuigh: acht tuitfidh an tamadán síorchainteach.
Eagluighidh an duine críonna, agus dealuighidh ó nolc: ach cuthaighidh an tamadán, agus bídh sé dóthchusach.
Tigh agus saidhbhrios isé oighreacht a nathar: agus is ón TTIGHEARNA atá an bhean ghlic.
Atá ór ann, agus móran do chlochuibh uáisle: acht is íad bríathra a néolus an séud mórluáigh.
Tríalluigh smuáineadh an dúthrachtuigh amháin chum líonmhaireachta; acht gach nduine dá mbí deithniosach amhain chum easbhuidhe.
Cláon síos do chlúas, agus éist bríathra an duine ghlic, agus iompoigh do chroidhe chum méoluisi.
Na bí glic ann do shúilibh féin: bíodh eagla an TIGHEARNA ort, agus seachain an tolc.
A mhic, ná dearmaid mo dhligheadh; acht coimhéadadh do chroidhe maitheanta: Marsin líonfuighear do scioból lé saídhbhrios, agus brisfid do chantaóirighe amach le fíon núadh. A mhic, na tarcuisnigh smachtughadh an TIGHEARNA; agus na bí curtha dhá cheartughadh: Oír an té ghrádhuighios an TIGHEARNA, smachtuighidh sé é; amhuil athair an mac iona mbí a dhúil. Is beanuighe an té do gheibh eagna, agus an duine do gheibh tuigsi. Oír is féarr a ceanniugheacht ná ceannuigheacht airgid, agus a sochar ná ór glan. Is mórluáigh go mór í náid na clocha uaisle: agus na huile neithe is áoibhinn leachd ní coimhmeas ría íad. Atáid fad láethe ann a deasláimh; agus ann a láimh chlé saidhbhrios agus onóir. Is slighthe soláis a slighthe, agus is síodhchain a casáin uile. Is crann beatha í don druing ghlacus greim dhí: agus is beanuighe gach aon dá bhfostoighionn í. Do shuighidh an TIGHEARNA an talamh le na ghliocas; le tuigse do dhaingnidh sé na flaitheamhnuis. Oír do bhéaruid síad chugad, fad láetheadh, agus sáoghal fada, agus síothcháin.
Tabhair teagasg do dhuine chríonna, agus biáidh sé níos críonna: múin duine ionnraic, agus méideochaidh sé a nealadhain.
Seanraidhte Sholuimh. Do ní mac críonna athair sólásach: acht sé an mac leamh dubhachus a mháthair.
An té shiubhluighios le daóinibh críonna biáidh sé críonna: acht scriosfuighthear compánach na namadán.
Cuiridh gach aóinbhean chríonna a tigh súas: acht leagaidh a namaid síos é le na lámhaibh féin.
Atá slighe ann do chithear díreach do dhuine, acht isé a chríoch sin slightheacha an bháis.
Iarruidh croidhe an té agá mbí tuigsi éolus: acht ís air amadánacht beathuighthear béul na namadán.
An té ghlacus cúis go críonna do gheábha sé maith: agus gidh be chuirios a dhóigh ann sa TIGHEARNA, is soná é.
Bí a neagna as coinne an té agá mbí tuigsi; acht bíd súile a namadáin a nímlibh na talmhan.
Is amhuil uisgeadha doimhne bríathra bhéil an duine, agus sruth ag tuilíughadh tobar fíoruisge na heagna.
Téid puisínigh a namadáin a ceannairg, agus goiridh a bhéul air bhuilleadhuibh. Isé a bhéul aidhmhillidh a namadain, agus a phuisine paintéur a anma fein.
Fós ni maith, an tanam do bheith gan éolus; agus an té dheithfrighios le na chosaibh peacuidhe.
Is mealtaire an fhíon, is buileamhuil an deoch láidir: agus gidh be méalltar léo sín ní bhfuil sé críonna.
Is córa ainm maith do bhreith do roghain ná saidhbhrios mór, agus fabhar gradhach tar airgid agus tar ór.
Oír is lé comhairle ghlic do dhéana tú do chogadh: agus a niomad na ccomhairleach bhíos cumhdach.
Amhuil clúasfháinne óir, agus amhuil córughadh dór ghlan, marsin bhíos an taithbhiorach glic ar chlúais umhail.
An bhfaicionn tú duine críonna iona bharamhuil féin? is mó an dóigh is cóir do bheith an amadán ná as.
Gidh bé tháobhas re na chroidhe féin is oinmhid é: acht gidh bé imthighios go glic táirtheochthar é.
Bféarr beagan maille re heagla an TIGHEARNA ná ionnmhus mór agus buáidhreadh maille ris.
Fagh críonnacht, fagh tuigsi; ná dearmuid í: agus ná cláon ó bhríathraibh mo bhéilse. Ná tréig í, agus cuimhdeochuidh si thú: grádhuigh í, agus coimhéadfuigh sí thú.
A mhic, ná dealchaidís sin ré do shúilibh: connuimh gliocas iomlán agus discréid: Marsin béid síad na mbeatha dot anam, agus na ngrasaibh dot mhuinéul.
A náit nach bí comhairle, tuitidh an pobal: acht a niomad na ccomhairleach bhíos daingean.
Is féarr an té bhíos mall chum feirge ná an cumhachtach; agus an té ríaghlas a spiorad ná an té ghabhus cathair.
Teithid na cionntuigh a nuáir nach bí áonduine dá ttóruigheacht: ácht bíd na hionnruic dána amhuil leomhan.
Daingnighthear gach uile thionnsgnamh lé comhairle: agus le comhairle ghlic déana cogadh.
An bhean shubhailceach is coróin dá fear í: acht an bheán náirighios é is lobhadh iona chnámhaibh í.
Dóthchus ar na chur a bhfad do ní an chroidhe tinn: acht a núair thig an fonn, is crann beatha é.
Gidh bé cheilios sárughadh íarruidh sé grádh; acht gidh bé athnúaighios cúis dealnigh sé cáirde.
Atá bás agus beatha a ccumhachta na teangtha: agus an drong ler bhionmhuin í íosaid síad dá toradh.
Maóidhigh an chuid is mó do na daoinibh a maitheas féin gach áon aca: acht cía gheabhus duine fírinneach?
An té ag nach bí ríaghuil ós cionn a spioruide féin is cosmhuil é re caithruidh bhriste síos, gan bhalladha.
A náit nach bí connadh ar bith, théid an teine as: marsin a náit nach bí an cogarnach, coisgidh an cheannairg.
An bhfaicionn tú duine bhíos deithniosach iona bhríathruibh? is mó an dóigh bhías as amadán ná asan.
Oír do bheir Día don duine an ní is maith iona radharc eagna, agus éolus, agus sólás: acht don pheacach do bheir sé sáothar, do chruinniughadh agus do chur ar muin a chéile, chor go ttiubhradh don té is maith a bhfiadhnuise Dé. Is díomhaóineas so fós agus buáidhreadh spioraide.
Is féarr éisteachd re hachmhusán a neagnuidh, ná do dhuine éisteachd re habhrán na namadán.
Ise croidhe an duine thríallus a shlighe: acht ísé an TIGHEARNA dhírighios a chéime.
Glac greim daingion do theagasg; na léig uáit í: cumhdaigh i; óir isí sin do bheatha.
Is crann beatha teanga fhalláin: acht is briseadh a spioraid urchóid do bheith innte.
Gradhuigh an chara gach uile uáir, agus rugadh an dearbhráthair a naghaidh buaidheartha.
Teagaisg an leanabh sa ntslighe ann ar choir dho imtheachd: agus tan bhías sé áosta, ní thréigfidh sé í.
Foillsighidh aithriseach sgéul seicréidigh: acht an té agá mbí spiorad fírinneach ceilidh sé an tadhbhar.
Cealg bhíos a ccroidhe na droinge noch smuáinios an tolc: acht do chomh-airleachaibh na síothchána atá gáirdeachus.
An té tharcuisnighios a chomharsa peacuigh sé: acht is beannuighe an té, do ní trócaire air na bochtaibh.
Caithfidh an té agá mbí cáirde é féin dfoillsiughadh go cáirdeamhuil: agus bí cara sheasas ní is foigse ná dearbhrathair.
Ná déan muinntearas re duine feargach; agus na himthigh lé duine bhuileamhuil: Ar eagla go bhfoghluimféa a shlighthe, agus go bhfuighthéa paíntéur dot anam.
A mhic, má bhíonn do chroidhe éagnuidhe, biaidh lúathgháire ar mo chroidhe, orumsa féin. Gáirdeochuid fós, mo dhubháin, a nuáir laibheorus do bhéulsa neithe cearta.
Is cosmhuil focal labharthar go hiomchubhaidh ré húbhlaibh óir a bpictíuruibh airgid.
Gidh bé thochlas poll tuitfe sé féin ann: agus an té iompoighios cloch, fillfidh sí air féin.
Má bhíonn an tíarann máol, agus nach géireochuidh sé an faobhar, caithfidh sé tuille neirt do chur leis: acht is tarbhach a neagna chum tréoruighthe.
Gidh bé cheilios a pheacuighe ní bhía biseach air: acht gidh bé admhas agus thréigios íad do gheabha sé trócaire.
Tríalluidh eagla an TIGHEARNA chum beatha: agus an té agá mbí sin anfuidh sé sásta; ní thiocfuighthior chuige le holc.
An té choimhéadas teagasg atá sé a slighe na beatha: acht an té dhíultas smachtughadh atá sé air seachrán.
Bí slighe ann do chithear ceart do dhuine, acht isé a chríoch sin slightheacha an bháis.
Do chí an duine críonna an tolc chuige, agus folchuidh sé é féin; acht tíaghaidh na daóine simplidhe air a naghaidh, agus píantar íad.
Do ní chroidhe súgach gnúis shuilbhir: acht lé dóbhrón an chroidhe bristear an spiorad.
Gheabhuidh an duine glic oighreacht ghlóire: acht is náire bhus árdughadh do na hamadánuibh.
Is adhfhúathmhaireacht don TIGHEARNA comhthrom fhallsa: acht sé an comhthrom ceart a dhúil.
Fúathuighidh an TIGHEARNA na sé neithesé: fós atá a seacht na adhfhúath-mhaireacht aige: Féuchuin uaibhreach, teanga bhréagach, agus lámha dhóirtios fuil neimhchiontach, Croidhe thionsgnas smuaintighthe urchóideacha, cosa bhíos lúath do rioth chum uilc, Fiadhnuisi bhréagach labhras bréaga, agus an té shíolchuirios ceannairge idir dhearbhráithribh.
Ise spiorad an duine coinneall an TIGHEARNA, ag scrúdagh a nuile chuid a stigh don bholg.
Do bheir eagla an duine paintéur lé: acht an té chuirios dóthchus annsa TIGHEARNA, biáidh sé daingion.
An té choimhéadas a bhéul coimhéaduigh sé a anam: acht an té osclas a phnisíne go fairsing díothlaithrighthear é.
An té choighlios a shlat fúathúighiodh sé a mhac: acht an té ler bionnihum é smachtuighidh sé é go moch.
Bí tarbha ann gach uile sháothar: acht tríalluidh caint na bpuisíneadh amháin chum easbhuight.
Ríaghluidh an saidhbhir ós cionn na mbocht, agus bí fear airliocthus na shear-bhfoghantuigh ag an té bheir úadh.
Is tor daingion ainm an TIGHEARNA: riothuidh an fíréun chuige, agus bí sé daingion.
Líonfuidh an duine fíréanta do bheannachduibh: acht an té do ní deithnios chum bheith saidhbhir ní bhiáidh se neimhchiontach.
An té sháothruighios a fhéarann sáiseochthar lé harán é: acht an té leanas daóine díomhaóine atá sé gan tuigsi.
Bí mían air anam an chladhaire, agus ní fhaghann aoinní: acht do dhéantar anam an dúthrachtaigh méith.
Creidigh an simplidheach gach aonfhocal: acht féuchaidh an duine ghlic go maith dá imtheacht féin.
An bhfáicionn tú dúine díthchiollach iona ghnothuighibh? seasfuidh sé a lathair ríogh; ní a lathair dhaoine uirísiol sheasfas sé.
Is díreach uile shlighe an duine iona shúilibh féin: acht measuidh an TIGHEARNA na croidhthe.
Gidh bé choimhéadas an crann fíge íosuidh sé dhá thoradh: marsin an té fheithios air a mhaighistir onórthar é.
Do dhéantar an tanam dáonachtach méith: agus an té fhliuchas fliuchfuíghthéar é féin mar an gceudna.
An té agá mbí truaighe don bhocht airligidh sé don TIGHEARNA; agus an ní do bhéara sé úadh íocfuidh sé ris é a rís.
Ní tuigid na drochdhaóine breitheamhnus: acht tuigid an drong íarrus an TIGHEARNA gach uile ní.
Do ní beannughadh an TIGHEARNA, saidhbhir, agus ní chuirionn doilghios ar bith iona choimhideacht.
Gidh bé dhuinus a chlúasa re heighiomh na mbocht, comhaircfidh sé féin mar an gcéadna, acht ní cluinfighthear é.
An té agá mbí súil thiodhlaictheach biáidh sé beannuigh; óir do bheir sé cuid dá arán do bochtuibh.
Ná connaimh maith ón ndruing dar dúal í, a nuáir bhías sé a ccumas do laimhe ré na dhéanamh. Ná habair re do chomharsuin, Imthigh, agus tárr a rís, agus do bhéara mé a márach; a nuáir bhías sé agad attaice.
Acht bí slíghe a nfíréin amhuil solus lonnrach, noch shoillsighios ní sa mhó agus nísa mhó go nuige an lá iomlán. Atá slighe na gciontach do nós an dorchadais: níor fheadadar cred ó bhfuighid tuisleadh.
Atáid súile an TIGHEARNA ann gach uile bhall, ag féuchuin air a nolc agus air an maith.
An té ghrádhuighios aoibhnios biáidh sé na dhuine bhocht: an té ghrádhuighios fion agus ola ní bhíaidh sé saidhbhir.
Ná tnúthuigheadh do chroidhe ris na peacachuibh: acht bí a neagla an TIGHEARNA ar feadh an laé uile. Oír is deimhin go bhfuil luáidheacht; agus ní géarrfuighthear ámach do dhóthchus.
Is leis an TTIGHEARNA scáladha agus chomhthruim chearta: is íad a obair comhthruim an mhála uile.
Do shuighidh an TIGHEARNA an talamh le na ghliocas; le tuigse do dhaingnidh sé na flaitheamhnuis. Oír do bhéaruid síad chugad, fad láetheadh, agus sáoghal fada, agus síothcháin. Le na éolus bristear amach na haigéin, agus filid na néulla an drúcht a núas.
Ní rachuid fíadhnuisigh bhréige gan dioghaltas, agus an té labhras na breuga ní rachaidh sé as.
Ná tréigeadh trócaire agus fírinne thú: ceangail fad bhrághaid íad; scríobh íad ar chlár do chroidhe: Ná ceannairg ré duine gan adhbhar, muna ndéarna sé dochar ar bith dhuit. Ná bí tnúth agad ris an bfoiréigeantach, agus ná tógh áon dá shlighthibh. Oir is adhfhúathmhaireacht don TIGHEARNA an ceannairgeach: acht atá a shecréid ag an bhfíréun. Atá mallacht an TIGHEARNA a ttigh an drochdhuine: acht beannuighidh sé áitreabh a nionnruic. Go dearbhtha tarcuisnighidh sé na tarcuisnigh: acht do bheir sé grása do na huiríslibh. Gheabhuidh an duine glic oighreacht ghlóire: acht is náire bhus árdughadh do na hamadánuibh. Marsin do gheabha tú fabhar agus tuigsi mhaith a radharc Dé agus duine.