Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Seanfhocal 18:2 - An Bíobla Naofa 1981

2 Ní hé an machnamh is geal leis an amadán, ach bheith ag tabhairt a thuairime os ard.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

2 Ni bhí dúil ag amádan a ttuigsi, acht amháin go bhfoillsiughadh a chroidhe é féin.

Féach an chaibidil Cóip




Seanfhocal 18:2
14 Tagairtí Cros  

“A dhaoine saonta, an fada eile a thabharfaidh sibh gean do bhur saontacht? An fada eile a bhainfidh scigirí taitneamh as a scigireacht agus a bheidh drochmheas ag amadáin ar an eolas?


Tús na heagna eagla Dé; is beag ar na hamadáin an eagna agus an teagasc.


Coimeádann an duine tuisceanach a chuid eolais i bhfolach; ach fógraíonn croí na n‑amadán a mbaois.


Ní dhéanann an duine críonna beart gan eolas, ach déanann an t‑amadán a bhaois a fhógairt os ard.


Cén tairbhe airgead i láimh an amadáin le gaois a cheannach, agus é gan chiall?


Nuair a thagann an urchóid leanann drochmheas chomh maith; agus leanann an easonóir an masla.


Fiú amháin ag siúl an bhóthair dó, bíonn an daoi ar easpa céille agus tugann sé amadán ar gach duine eile.


Agus seo amach muintir na cathrach go léir in airicis Íosa; ach nuair a chonaic siad é, d'iarr siad air a gceantar féin a fhágáil.


Sibhse mar an gcéanna: ó tá dúil agaibh i dtíolacthaí an Spioraid, bíodh tóir agaibh ar an tosaíocht a bheith agaibh ag treisiú leis an eaglais.


An cheist seo faoin mbia a ofráiltear do na híola: ar ndóigh tuigimid go bhfuil “fios” againn go léir. Mar sin féin cothaíonn an fios seo an mhórchúis, ach is é an grá a dhéanann tógáil.


Tá daoine áirithe gan dabht agus is le teann formaid agus aighnis a dhéanann siad Críost a fhógairt ach tá an chuid eile á dhéanamh le dea-rún.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí