Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Seanfhocal 26:27 - An Bíobla Naofa 1981

27 An té a thochlann poll, titeann sé ann, agus filleann an chloch ar an té a bhaineann an chéad chasadh aisti.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

27 Gidh bé thochlas poll tuitfe sé féin ann: agus an té iompoighios cloch, fillfidh sí air féin.

Féach an chaibidil Cóip




Seanfhocal 26:27
11 Tagairtí Cros  

Téann an t‑éagráifeach ar thóir lucht na hainnise go díomasach agus ceaptar iad siúd sna bearta a bheartaigh sé.


Éirigh in airde, a Dhia, os cionn na bhflaitheas; bíodh do ghlóir os cionn an domhain go léir!


d'fhonn go bhfoilsí mé do mholtaí go léir ag doirse iníne Síón agus go ndéana mé lúcháir i do shlánú.


An té a chuirfidh an fíréan ar seachrán ar bhealach an oilc titfidh sé isteach ina chuithe féin. Siad an mhuintir neamhchiontach oidhrí an tsonais.


Bíonn cionta an urchóidigh mar ghaiste ina thimpeall, agus gabhtar é i líonta a pheaca féin.


An té a dhéanann poll, tharlódh go dtitfeadh sé féin isteach ann; an té a leagann fál, thiocfadh dó go mbainfeadh nathair greim as.


Is mairg don ainbheartach, tá an t‑olc anuas air, caithfear leis de réir saothar a lámh.”


Go deimhin, tá Iarúsailéim ag dul in ainriocht, tá Iúdá ag titim i bhfothracha, óir, a gcaint agus a ngníomhartha i leith an Tiarna, is masla iad ar a ghlóir.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí