Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Seanfhocal 13:10 - An Bíobla Naofa 1981

10 Leanann aighneas stuacacht na n‑éaganta; ach is ag lucht leanta na comhairle atá an eagna.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

10 As úabhar amháin thig an cheannairg: acht bí eagna ag na daóinibh deagh-chomhairleacha.

Féach an chaibidil Cóip




Seanfhocal 13:10
23 Tagairtí Cros  

Nuair a chonaic Iosrael go léir nach raibh aon aird á tabhairt ag an rí orthu, d'fhreagair an pobal an rí: “Cén chuid atá againn i nDáiví? Níl aon oidhreacht againn i mac Ieise. Chun bhur mbothanna libh, a Iosrael! Tabhair aire do do theach féin feasta, a Dháiví!” Agus d'imigh Iosrael leo chun a mbothanna.


Rinne tú Eadóm a chloí agus anois tá éirí in airde ort. Bí ag maíomh as do ghaisce, ach fan sa bhaile. Cad ab áil leat ag cothú tranglaim a dhéanfadh thú féin agus Iúdá a scrios?”


Teipfidh an saibhreas éanuaire; ach beidh maoin ag an té a chnuasaíonn beagán ar bheagán.


[Lonraíonn] lóchrann an fhíréin, ach tagann múchadh ar lampa an urchóidigh.


Is cuma aighneas a thosú nó scaoileadh le tuile; buail cos air dá bhrí sin sula n‑adhntar an t‑achrann.


Tabhair cluas do chomhairle, agus glac le teagasc, le go mbeadh breis gaoise agat as seo amach.


Meáigh do bhearta i gcomhairle le daoine eile; agus fear cath le treoir chiallmhar.


Scigire a thugtar ar fhear an uabhair is an díomais, agus bíonn éirí in airde ina iompar.


ná sceith é go róthobann sa chúirt. Óir céard a dhéanfaidh tú ar deireadh má bhréagnaíonn do chomharsana thú?


Spreagann an santach achrainn; an té a bhfuil a mhuinín aige as an Tiarna, beidh an rath air.


D'éirigh imreas eatarthu freisin féachaint cén duine acu ba mhó le háireamh.


is ag borradh le bród atá sé agus gan aon tuiscint aige ach cíocras air chun aighnis agus conspóide, nithe nach dtagann dá mbarr ach éad agus achrann, achasáin agus drochamhras


Cad faoi deara cogaí agus cathanna a bheith in bhur measc? Nach é seo, go bhfuil bhur n‑ainmhianta ag troid le chéile in bhur mbaill bheatha?


[Thug sé na treoracha seo dá theachtairí: “Seo mar a déarfaidh sibh leis na hIosraelaigh go léir: ‘Ar tharla nó an bhfaca aon duine riamh a leithéid sin ón lá a tháinig clann Iosrael amach as tír na hÉigipte go dtí an lá seo féin? Machnaígí air, téigí i gcomhairle faoi, agus tugaigí bhur mbreith.’ ”] Gach duine a chonaic, dúradar: “Ní dhearnadh ná ní fhacthas riamh a leithéid ó tháinig clann Iosrael amach as tír na hÉigipte.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí