Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Seanfhocal 14:16 - An Bíobla Naofa 1981

16 Bíonn fear na céille gaoismhear ach bíonn an t‑amadán gan smacht gan aire.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

16 Eagluighidh an duine críonna, agus dealuighidh ó nolc: ach cuthaighidh an tamadán, agus bídh sé dóthchusach.

Féach an chaibidil Cóip




Seanfhocal 14:16
27 Tagairtí Cros  

“Ach, a bhráthair,” arsa Éasau, “tá mo dhóthain agamsa. Coinnigh duit féin a bhfuil agat.”


Ar an tríú lá dúirt Iósaef leo: “Déanaigí mar seo, agus ní baol daoibh an bás, mar is duine mé ar a bhfuil eagla Dé;


chuir Ízeibil teachtaireacht go hÉilias a rá: “Go ndéana na déithe a leithéid seo agus a leithéid siúd sa bhreis liom mura mbíonn an íde chéanna tugtha agam ar d'anamsa agus a tugadh ar anam duine acu um an dtaca seo amárach!”


Dúirt sé: “Más ar thóir síochána a tháinig siad amach, gabhaigí ina mbeatha iad; nó más chun cogaidh a tháinig siad amach, gabhaigí ina mbeatha iad chomh maith.”


Ach na gobharnóirí a ghabh romham, ba ualach iad ar an bpobal; dhéanaidís daichead seicil airgid a thobhach [mar bheatha lae], agus bíodh leatrom á dhéanamh ag a seirbhísigh ar an bpobal chomh maith. Ach ní dhearna mise a leithéid, mar go raibh eagla Dé orm.


Bhí fear ann fadó i dtír Úz darbh ainm Iób. Duine ionraic fónta ab ea é; bhí eagla Dé air agus sheachain sé an t‑olc.


Agus dúirt sé leis an duine: “Féach, eagla an Tiarna an eagna, Agus an t‑olc a sheachaint is ea an tuiscint.”


Scanraíonn mo cholainn le corp eagla romhat; agus is eagal liom do reachtanna.


Coinnigh do theanga ón olc agus do bhéal ó bhriathra éithigh.


Óir maraíonn a dtuathail féin an mhuintir shaonta, agus scriostar na hamadáin trína sástacht féin.


Géilleann an duine saonta do gach scéal, ach ní thugann an duine críonna léim an daill.


Déanann an duine teasaí bearta baotha, ach bíonn foighne ag fear na tuisceana.


Casann ród an fhíréin i leataobh ón olc; an té a fhaireann cá bhfuil a thriall caomhnaíonn sé a bheo.


Déantar leorghníomh sa pheaca trí dhílseacht agus seasmhacht; seachnaíonn fear an t‑olc le heagla an Tiarna.


Feiceann fear na céille an baol chuige agus téann i bhfolach uaidh; téann na baotháin ar aghaidh agus díolann siad as.


Is méanar don té ar a bhfuil eagla [an Tiarna] i gcónaí, ach an té a chruann a chroí, titfidh an tubaiste sa mhullach air.


Téadh saoi chun argóna le daoi, ach cibé acu i bhfearg nó i ngáire é, ní éireoidh leis.


Ná bí féin a mheas go bhfuil tú eagnaí, ach bíodh eagla an Tiarna ort, agus tabhair cúl leis an olc.


Leanann sé í de gheit, faoi mar a rachadh damh chun a mharaithe, Nó mar a rachadh fia i ngaiste,


Baois is ea tosach a chuid cainte, deargbhuile a deireadh.


Nuair a chonaic an t‑asal aingeal an Tiarna, luigh sé síos faoi Bhalám, agus tháinig racht feirge ar Bhalám agus bhuail sé é lena bhata.


Chuala cuid de na Fairisínigh a bhí ina fhochair na focail sin agus dúirt siad leis: “Ní amhlaidh, ar ndóigh, atáimidne dall chomh maith?”


agus seachnaígí gach aon sórt oilc.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí