Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Seanfhocal 10:8 - An Bíobla Naofa 1981

8 Géilleann croí an eagnaí do theagasc ach tá tubaiste i ndán don chabaire baoth.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

8 Glacfuidh an duine glic a ccroidhe aitheanta chuigh: acht tuitfidh an tamadán síorchainteach.

Féach an chaibidil Cóip




Seanfhocal 10:8
15 Tagairtí Cros  

Déan mo theagasc d'fhonn do dhlí a chomhlíonadh agus a choimeád ó chroí.


Le ciall an tseanfhocail agus na solaoide a cheapadh, briathra na saoithe agus a nathanna -


An té a luíonn súil, adhnann sé aighneas, [ach an té a cheartaíonn go dána, déanann sé síocháin].


Cuireann lucht na heagna an t‑eolas i dtaisce; ach leanann an tubaiste go dlúth ar an mbéal baoth.


An té a mbíonn cion aige ar an smacht, bíonn cion aige ar an eolas; an té ar fuath leis ceartú, is duine dúr é.


Trí choireanna a bhéil féin a ghabhtar an t‑urchóideach sa ghaiste; ach tagann an fíréan slán ón tubaiste.


An té a chuireann faire ar a bhéal, cosnaíonn sé a bheo, ach an té a bhíonn béalscaoilteach, bíonn thiar air.


Bíonn toradh ar gach saothar; níl de bharr cainte gan éifeacht ach an ghannchúis.


Sé is eagna leis an gcríonna, faire a choimeád ar a bhearta; cuireann baois na mbaoth daoine amú.


Ná ceartaigh fear na fonóide nó beidh an ghráin aige ort, ceartaigh eagnaí agus beidh grá aige duit.


Tabhair [teagasc] don eagnaí agus beidh sé níos eagnaí fós; múin an fíréan agus beidh sé níos léannta fós.


Tarraingíonn briathra béil an eagnaí gnaoi na ndaoine air ach is iad liopaí an amadáin a dhéanann a mhilleadh.


Cé tá eagnaí agus tuisceanach in bhur measc? Taispeánadh sé a dhea-oibreacha in umhlaíocht na heagna lena iompar fónta.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí