Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Seanfhocal 13:3 - An Bíobla Naofa 1981

3 An té a chuireann faire ar a bhéal, cosnaíonn sé a bheo, ach an té a bhíonn béalscaoilteach, bíonn thiar air.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 An té choimhéadas a bhéul coimhéaduigh sé a anam: acht an té osclas a phnisíne go fairsing díothlaithrighthear é.

Féach an chaibidil Cóip




Seanfhocal 13:3
18 Tagairtí Cros  

Cuir glas ar mo bhéal, achainím ort, a Thiarna; bí ag faire mar an gcéanna ar dhoras mo bhruas.


Cé hé an duine a shantaíonn an bheatha? agus fad saoil faoi shéan is faoi shonas?


Do stiúrthóir an chóir, .i. do “Iduthun”. Salm le Dáiví.


Cuireann lucht na heagna an t‑eolas i dtaisce; ach leanann an tubaiste go dlúth ar an mbéal baoth.


Nuair is líonmhar iad na briathra, ní bhíonn an choir in easnamh; is críonna é an té ag a bhfuil srian ar a theanga.


Géilleann croí an eagnaí do theagasc ach tá tubaiste i ndán don chabaire baoth.


Trí choireanna a bhéil féin a ghabhtar an t‑urchóideach sa ghaiste; ach tagann an fíréan slán ón tubaiste.


Bíonn an leisceoir ag tnúthán, ach ní bhíonn dada ina chomhair; ach bíonn an saothrach sáitheach.


Bíonn slat an uabhair i mbéal an amadáin, ach is díon iad a bheola don duine críonna.


Tá bás agus beatha faoi smacht na teanga; an mhuintir ar geal leo í, ní foláir dóibh a toradh a chaitheamh.


Scriosann béal an amadáin é féin, agus is gaiste dó a bheola.


Déanann an cardálaí rúin a nochtadh; ná bíodh caidreamh agat dá bhrí sin le fear na baothchainte.


An té a chuireann smacht ar a bhéal agus ar a theanga, seachnaíonn sé tubaiste.


An té nach gcoinníonn guaim ar a theanga níl sé ach ag cur dallamullóg air féin más dóigh leis go bhfuil sé ag cleachtadh an chreidimh; is fánach é a chleachtadh creidimh.


D'fhreagair sé í: “Dá gceanglófaí mé le téada nua nár úsáideadh riamh, ansin chaillfinn mo neart, agus bheinn mar aon fhear eile.”


Nocht sé a rún ar fad di faoi dheireadh; dúirt sé léi: “Níor bhain rásúr riamh le mo cheann; is naizíreach do Dhia mé ó bhroinn mo mháthar. Dá mbearrfaí mo cheann, ansin chaillfinn mo neart, d'éireoinn lag, agus bheinn mar aon fhear eile.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí