Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Seanfhocal 21:13 - An Bíobla Naofa 1981

13 An té a thugann cluas bhodhar d'éamh an bhochtáin nuair a ghlaofaidh sé féin, ní eistfear leis.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

13 Gidh bé dhuinus a chlúasa re heighiomh na mbocht, comhaircfidh sé féin mar an gcéadna, acht ní cluinfighthear é.

Féach an chaibidil Cóip




Seanfhocal 21:13
20 Tagairtí Cros  

Ansin chroith mé amach urlach m'fhallainge á rá: “Go ndéana Dia amhlaidh sin agus go gcroithe sé amach as a theach agus as a shealúchas, aon duine nach gcoimeádann an gheallúint seo; go gcroitear amach mar sin é agus go bhfagtar follamh é!” Agus d'fhreagair an comhthionól go léir “Amen” agus mhol siad an Tiarna. Choimeád an pobal an gheallúint sin.


Óir d'fhuascail mé an bocht nuair a ghlaoigh sé, Agus an dílleachta a bhí gan lámh chúnta.


Chuir tú ruaig is raon maidhme ar mo naimhde agus mhill tú an drong a thug fuath dom.


Chuaigh na hurchóidigh ar seachrán fiú amháin ó bhroinn a máthar; lucht éithigh ar an bhfán iad ón uair a saolaíodh iad.


Glaoifidh siad orm ansin, ach gan freagra a fháil; lorgóidh siad mé, ach gan fáil orm.


An té a thugann déirc don bhocht, ní bheidh easpa air choíche; ach an té a dhúnann a shúile ina choinne, luífidh mallacht ar mhallacht air.


Óir, má mhaitheann sibh a gcionta do chách, maithfidh bhur nAthair neamhaí daoibhse freisin.


óir is de réir na breithe a thugann sibh a thabharfar breith oraibh, agus is de réir an tomhais lena dtomhaiseann sibh a thomhaisfear chugaibh.


Tar éis d'fhear an tí éirí agus an doras a dhúnadh, agus go dtosóidh sibhse, in bhur seasamh amuigh, ag bualadh an dorais ag rá: ‘A Thiarna, oscail dúinn!’ déarfaidh seisean libh do bhur bhfreagairt: ‘Níl a fhios agam cad as daoibh!’


Leis sin lig siad béic ard astu agus gan éisteacht le focal eile thug siad ruathar faoi in éineacht,


Duine a bhfuil maoin an tsaoil aige agus go n‑airíonn a bhráthair ar an gcaolchuid, agus go gcruann a chroí air, conas a bheadh grá Dé go buan sa duine sin?


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí