Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Seanfhocal 10:1 - An Bíobla Naofa 1981

1 Cuireann mac eagnaí gliondar ar a athair; ach cúis bhróin dá mháthair amadán mic.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

1 Seanraidhte Sholuimh. Do ní mac críonna athair sólásach: acht sé an mac leamh dubhachus a mháthair.

Féach an chaibidil Cóip




Seanfhocal 10:1
16 Tagairtí Cros  

Seanfhocail Sholaimh mac Dháiví rí Iosrael:


Tugann an mac eagnaí [grá] do smacht a athar; ach ní éisteann fear na fonóide le ceartú.


Cuireann mac ciallmhar áthas ar a athair, ach bíonn drochmheas ag amadán ar a mháthair.


Cúis bhróin dá athair an baothán mic; níl lúcháir i ndán d'athair amadáin.


Ábhar dóláis dá athair mac baoth, agus cúis bhróin é dá mháthair a thug ar an saol é.


Scriosann amadán mic a athair; is geall le sconna ar sileadh scabhlaeireacht mná.


Seanfhocail le Solamh iad seo inár ndiaidh freisin agus is é Hiziciá, rí Iúdá, a bhreac cóip díobh.


“Bíodh ciall agat, a mhic, agus cuir lúcháir ar mo chroí, le go mbeadh freagra agam ar fhear mo mhaslaithe.


Bronnann an bata agus an ceartú gaois, ach an leanbh a fhágtar faoi féin, cuireann sé náire ar a mháthair.


Smachtaigh do mhac, agus tabharfaidh sé suaimhneas aigne duit; cuirfidh sé áthas ar do chroí.


An té a thugann grá don eagna, cuireann sé áthas ar a athair; ach an té a thaithíonn striapacha, scaipeann sé a chuid.


I dteannta a bheith ina eagnaí é féin, roinn Cóheilit a chuid eolais ar an bpobal freisin agus é ag meá agus ag mionscrúdú agus ag cóiriú a lán seanfhocal.


Ba ghráin liom go deimhin an saothrú go léir a rinne mé faoi luí na gréine toisc go gcaithfinn a thoradh a fhágáil ag an duine a thiocfadh i mo dhiaidh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí