Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Seanfhocal 22:3 - An Bíobla Naofa 1981

3 Feiceann fear na céille an baol chuige agus téann i bhfolach uaidh; téann na baotháin ar aghaidh agus díolann siad as.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 Réimhfhéuchuidh an duine glic an tolc chuige, agus folchaidh sé é féin: acht imthighid na daóine simplidhe ar a naghaidh, agus píantar íad.

Féach an chaibidil Cóip




Seanfhocal 22:3
14 Tagairtí Cros  

“A dhaoine saonta, an fada eile a thabharfaidh sibh gean do bhur saontacht? An fada eile a bhainfidh scigirí taitneamh as a scigireacht agus a bheidh drochmheas ag amadáin ar an eolas?


Bíonn fear na céille gaoismhear ach bíonn an t‑amadán gan smacht gan aire.


Sé luach saothair na humhlaíochta agus eagla an Tiarna ná saibhreas, onóir agus fad saoil.


Feiceann fear na céille an baol chuige agus téann i bhfolach uaidh; téann na baotháin ar aghaidh agus díolann siad as.


An té a cheartaítear go minic, ach a chruann a mhuineál, bascfar é go tobann gan fáil ar théarnamh.


[Féachaint] an raibh i measc na bhfear óg gan taithí aon ógánach éaganta.


Trí chreideamh fuair Naoi eolas ó Dhia ar nithe nach raibh le feiceáil go fóill. Ghabh eagla é agus rinne sé an áirc chun a theaghlach a shábháil. Dá bharr sin thug sé daorbhreith ar an saol agus fuair sé ó Dhia an fhíréantacht sin atá bunaithe ar an gcreideamh.


Dá bharr sin tá dhá rud do-athraithe againn anois nach féidir do Dhia bréag a dhéanamh iontu. Tugann siad sólás mór dúinne atá tar éis teitheadh linn chun greim a bhreith ar na nithe a chuirtear mar ábhar dóchais romhainn.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí