Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Seanfhocal 21:23 - An Bíobla Naofa 1981

23 An té a chuireann smacht ar a bhéal agus ar a theanga, seachnaíonn sé tubaiste.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

23 Gidh bé chongmhas a bhéul agus a theanga coimhéaduigh sé a anam ó bhuáidhreadh.

Féach an chaibidil Cóip




Seanfhocal 21:23
9 Tagairtí Cros  

Cuir glas ar mo bhéal, achainím ort, a Thiarna; bí ag faire mar an gcéanna ar dhoras mo bhruas.


Nuair is líonmhar iad na briathra, ní bhíonn an choir in easnamh; is críonna é an té ag a bhfuil srian ar a theanga.


Trí choireanna a bhéil féin a ghabhtar an t‑urchóideach sa ghaiste; ach tagann an fíréan slán ón tubaiste.


An té a chuireann faire ar a bhéal, cosnaíonn sé a bheo, ach an té a bhíonn béalscaoilteach, bíonn thiar air.


Casann ród an fhíréin i leataobh ón olc; an té a fhaireann cá bhfuil a thriall caomhnaíonn sé a bheo.


Tá bás agus beatha faoi smacht na teanga; an mhuintir ar geal leo í, ní foláir dóibh a toradh a chaitheamh.


An té nach gcoinníonn guaim ar a theanga níl sé ach ag cur dallamullóg air féin más dóigh leis go bhfuil sé ag cleachtadh an chreidimh; is fánach é a chleachtadh creidimh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí