Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Seanfhocal 15:3 - An Bíobla Naofa 1981

3 Tá súile an Tiarna i ngach treo, agus faire acu ar olc agus maith.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 Atáid súile an TIGHEARNA ann gach uile bhall, ag féuchuin air a nolc agus air an maith.

Féach an chaibidil Cóip




Seanfhocal 15:3
13 Tagairtí Cros  

Ós rud é go mbíonn súile an Tiarna ar guardal ar fud chlár na cruinne lena chumhacht a chur i bhfeidhm ar mhaithe leo siúd a bhfuil a gcroí gan cháim ina leith, is baoth mar a rinne sibh sa ghnó seo; as seo amach beidh cogaí in bhur measc.”


Tugtar dó socracht agus taca. Dá mbeadh [Dia] ag faire a mbealaí,


Mar tá radharc aige go imill na cruinne, Agus feiceann sé gach ní faoin spéir go léir.


Nach bhfeiceann sé mo bhealaí Agus nach n‑áiríonn sé mo choiscéimeanna?


Bíonn an Tiarna ag féachaint anuas ó neamh agus breathnaíonn sé an Ádhamhchlann go léir.


Crann beatha í teanga shéimh, ach briseann an urchóid inti an croí.


Óir tá bealaí an duine os comhair súile an Tiarna, agus faireann sé a shlite go léir.


Óir tá mo shúile ar a n‑imeachtaí uile, níl siad ceilte orm, ní mó tá a gcionta i bhfolach ar mo shúile.


An bhféadann aon duine é féin a fholach i gcúinne dorcha agus nach bhfeicfidh mise é? - an Tiarna a labhraíonn. Nach líonann mise neamh agus talamh? - an Tiarna a labhraíonn.


Mór i gcomhairle, agus cumasach i ngníomh, a bhfuil a shúile oscailte ar bhealaí uile na ndaoine, a thabhairt do gach aon duine de réir a shlite agus torthaí a ghníomhartha!


Óir, duine ar bith a chaith drochmheas ar an lá seo na mioneachtraí cuirfear áthas air agus feicfidh sé an chloch thofa i lámha Zarubáibil.” “Is iad na seacht lampa seo súile an Tiarna a bhíonn ag breathnú uathu amach ar fud an domhain uile.”


Níl créatúr ar bith ann nach follas dó é; mar tá gach ní lom agus nocht do shúile an té sin a gcaithfimid cuntas a thabhairt dó inár ngníomhartha.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí