Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Seanfhocal 26:12 - An Bíobla Naofa 1981

12 An bhfeiceann tú duine atá ciallmhar dar leis féin? Is mó an dóchas atá ann don amadán na dósan.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

12 An bhfaicionn tú duine críonna iona bharamhuil féin? is mó an dóigh is cóir do bheith an amadán ná as.

Féach an chaibidil Cóip




Seanfhocal 26:12
17 Tagairtí Cros  

I súile an amadáin is ceart é a chosán; éisteann an t‑eagnaí le dea-chomhairle.


An bhfeiceann tú duine atá oilte ar a ghnó? déanfaidh sé freastal ar ríthe; ní do shuaracháin a bheidh sé ag fónamh.


Is ciallmhaire an leisceoir dar leis féin ná seachtar fear a d'fhreagródh le stuaim.


Tabhair freagra ar an mbaothán de réir a bhaoise le heagla go measfadh sé go raibh aige gaois.


Is críonna é an saibhir, dar leis féin, ach béarfaidh an bocht air má bhíonn tuiscint ann.


An té a bhfuil a mhuinín aige as a smaointe féin, is amadán é; ach déanfar an té a shiúlann ar chosán na heagna a fhuascailt.


An bhfeiceann tú duine éigin béalscaoilteach? tá níos mó dóchais ann d'amadán ná dósan.


Ná bí féin a mheas go bhfuil tú eagnaí, ach bíodh eagla an Tiarna ort, agus tabhair cúl leis an olc.


Is mairg a bhfuil meas saoithe acu orthu féin, agus a cheapann go bhfuil siad thar a bheith glic!


Cé acu den bheirt a rinne toil a athar?” “An dara duine,” ar siad. Dúirt Íosa leo: “Deirim libh go fírinneach, tá tosach ag na poibleacánaigh agus ag na striapacha oraibhse isteach i ríocht Dé.


Rinne an Fairisíneach, agus é go ceannard, guí mar seo leis féin: ‘A Dhia, tugaim a bhuíochas duit nach bhfuilim ar nós cách eile, atá ina sladaithe, ina lucht éagóra, ina n‑adhaltranaigh, ná fiú amháin ar nós an phoibleacánaigh úd.


Agus ag iompú chun na mná, dúirt sé le Síomón: “An bhfeiceann tú an bhean seo? Tháinig mé isteach i do theach; níor thug tú uisce chugam do mo chosa; ach do fhliuch sí seo mo chosa lena deora agus thriomaigh lena gruaig iad.


Dúirt Íosa leo: “Dá mbeadh sibh dall, ní bheadh peaca oraibh, ach anois deir sibh: ‘Tá radharc againn,’ agus leanann bhur bpeaca oraibh.”


Bígí báúil le cách agus in ionad a bheith ardnósach déanaigí caidreamh leis na daoine ísle. Ná héirigí teann as bhur gcuid gaoise féin.


Óir deir tú: “Táim saibhir, táim faoi chonách, níl aon easpa orm”; agus gan a fhios agat go bhfuil tú dearóil, truamhéileach, bocht, dall, gan éadach.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí