Salm 86 - An Bíobla Naofa 1981Urnaí in Am na Trioblóide 1 Achainí Dháiví. 1 Achainí Dháiví. 1 Claon do chluas, a Thiarna, agus éist liom, óir tá mé go dearóil dealbh. 2 Déan m'anam a chosaint óir is dílis mé; fóir ar do ghiolla a bhfuil a dhóchas ionat. 3 Is tú mo Dhia; bíodh trua agat dom, a Thiarna, óir bím ag éamh ort gan stad ar feadh an lae. 4 Cuir áthas ar anam do sheirbhísigh, óir is chugat a thógaim m'anam, a Thiarna. 5 Óir is maith agus is ceansa thú, a Thiarna, lán de bhuanghrá dá mbíonn ag éamh ort. 6 Éist le m'urnaí, a Thiarna; tabhair aire do ghlór mo ghuí. 7 Is ortsa a ghlaoim lá mo bhuartha; de bhrí go n‑éisteann tú liom. 8 Níl do shamhail i measc na ndéithe, a Thiarna; ná níl neach ann a dhéanfadh do ghníomhartha. 9 Na ciníocha go léir a rinne tú, tiocfaidh siad do d'adhradh, a Thiarna; agus déanfaidh siad d'ainm a fhógairt. 10 Óir is éachtach tú agus is iontach iad do ghníomhartha; is tú amháin is Dia ann. 11 Múin do shlí dom, a Thiarna; i dtreo go siúlfainn i d'fhírinne; agus déan mo chroí a dhíriú, i dtreo gurab eagal liom d'ainm. 12 Tabharfaidh mé buíochas duit ó chroí, a Thiarna Dia; agus molfaidh mé d'ainm go brách. 13 Óir ba mhór é do thrócaire go deimhin orm; sciob tú m'anam leat ó dhuibheagán ifrinn. 14 D'éirigh lucht díomais i m'éadan, a Dhia, tá drong gan trua ar thoir m'anama, drong nach bhfuil aird acu ortsa. 15 A Thiarna Dia na trua agus na taise, ar deacair thú a spreagadh chun feirge, agus atá lán de ghrá agus d'fhírinne: 16 Féach orm agus bíodh trua agat dom. Tabhair neart do do ghiolla, a Thiarna, agus cúnamh do mhac do bhanóglaigh. 17 Tabhair dom comhartha do cheana go bhfeice mo naimhde é is go ndéantar a náiriú, toisc gur bhronn tú orm cabhair agus sólás, a Thiarna. |
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.
An Sagart