Salm 118 - An Bíobla Naofa 1981Iomann Buíochais don Tiarna 1 Alleluia. Tugaigí buíochas don Tiarna toisc gur maith é; agus go maireann a bhuanghrá go brách. 2 Bíodh teaghlach Iosrael á rá: “Maireann a bhuanghrá go brách.” 3 Bíodh teaghlach Árón á rá: “Maireann a bhuanghrá go brách.” 4 Abradh an dream lenarb eagal an Tiarna: “Maireann a bhuanghrá go brách.” 5 Ghair mé ar an Tiarna i mo chruachás; d'fhreagair sé agus shaor sé mé. 6 Tá an Tiarna i m'fhochair; ní baol dom. Cad a dhéanfaidh an duine dom? 7 Tá an Tiarna i m'fhochair ag cuidiú liom; beidh mo naimhde romham faoi tháir. 8 Is fearr dul i muinín an Tiarna ná i muinín an duine. 9 Is fearr dul i muinín an Tiarna ná i muinín na bhflatha. 10 Thimpeallaigh na ciníocha go léir mé; threascair mé in ainm an Tiarna iad. 11 Chruinnigh siad thart i mo thimpeall; threascair mé in ainm an Tiarna iad. 12 Chruinnigh siad i mo thimpeall mar bheacha, ina mbladhaire amhail tine i measc driseog; threascair mé in ainm an Tiarna iad. 13 Teilgeadh síos mé i dtreo is go dtitfinn; ach chuidigh an Tiarna liom. 14 Is é an Tiarna mo neart is mo mhisneach; is é a thug slán mé. 15 Cluintear gártha lúcháire is caithréime i mbothanna na bhfíréan. “D'oibrigh deaslámh an Tiarna go tréan; 16 is i a dheaslámh a d'ardaigh mé. D'oibrigh deaslámh an Tiarna go tréan.” 17 Ní éagfaidh mé, mairfidh mé; agus inseoidh mé a mhóréachtaí. 18 Cé gur smachtaigh an Tiarna go dian mé, níor dhaor sé chun báis mé. 19 Osclaígí dom doirse na fíréantachta; rachaidh mé isteach a thabhairt buíochais. 20 Seo agaibh doras an Tiarna trína rachaidh na fíréin isteach. 21 Gabhaim buíochas leat de bhrí gur éist tú liom; agus gur tú mo shlánaitheoir. 22 An chloch dár dhiúltaigh na saoir, rinne ceann an chúinne di. 23 Is é an Tiarna a rinne an ní seo, agus is éachtach linn é. 24 Is é seo an lá a rinne an Tiarna; bíodh áthas is gliondar orainn. 25 Fóir orainn, achainímid, a Thiarna; a Thiarna, go n‑éirí linn! 26 Is beannaithe in ainm an Tiarna an té atá le teacht. Beannaímid sibh as teach an Tiarna. 27 Sé an Tiarna Dia ár solas. Gabhaigí ar aghaidh i mórshiúl le craobhacha go beanna na haltóra. 28 Is tú mo Dhia, gabhaim buíochas leat; móraim thú, a Dhia. 29 Tugaigí buíochas don Tiarna toisc gur maith é; maireann a bhuanghrá go brách. |
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.
An Sagart