Tá a lán véarsaí áille sa Bhíobla a líonann an croí agus a thugann misneach dúinn. Véarsaí a roinnimid le cairde agus le muintir, agus a chuireann muid amach ar na meáin shóisialta freisin. Is beannacht mhór iad gach aon cheann acu, inspioráid ó Dhia chun sinn a threorú agus a neartú ar ár dturas chuige.
Mar a deirtear i Iósua 1:9 "Féach, táim á ordú duit a bheith láidir agus cróga. Ná bíodh eagla ort agus ná caill misneach, óir beidh an Tiarna do Dhia leat cibé áit a rachaidh tú." Tá Dia ag labhairt linn trína fhocal anseo, ag spreagadh dúinn a bheith cróga agus ag tabhairt geallúint dúinn go mbeidh sé linn i gcónaí.
Tá neart véarsaí eile chomh hálainn leis an gceann seo le fáil sa Bhíobla, véarsaí a d’fhéadfadh do shaol a athrú go deo.
Ná tréigeadh trócaire agus fírinne thú: ceangail fad bhrághaid íad; scríobh íad ar chlár do chroidhe: Ná ceannairg ré duine gan adhbhar, muna ndéarna sé dochar ar bith dhuit. Ná bí tnúth agad ris an bfoiréigeantach, agus ná tógh áon dá shlighthibh. Oir is adhfhúathmhaireacht don TIGHEARNA an ceannairgeach: acht atá a shecréid ag an bhfíréun. Atá mallacht an TIGHEARNA a ttigh an drochdhuine: acht beannuighidh sé áitreabh a nionnruic. Go dearbhtha tarcuisnighidh sé na tarcuisnigh: acht do bheir sé grása do na huiríslibh. Gheabhuidh an duine glic oighreacht ghlóire: acht is náire bhus árdughadh do na hamadánuibh. Marsin do gheabha tú fabhar agus tuigsi mhaith a radharc Dé agus duine.
Amháin bíodh eagla an TIGHEARNA oruibh, agus adhruidh é go fírinneach maille re bhur nuile chroídhe: óir measuidh cred é méud na neitheann do rinne sé ar bhur son.
Is trócaire agus fírinne slighthe an TIGHEARNA uile don luchd chongmhus a chunnradh agus a fhiaghnuiseadh.
Ní héidir lé neach air bith seirbhis do dhéunamh do dha thighearna: óir bíaidh fúath aige do dhuine aca, agus grádh don duine eile; nó ceangallfuigh sé do neach aca, agus do bhéuraidh sé tarcuisne ar an dara fhear. Ní héidir libh seirbhis do dhéunamh do Dhía agus do mhammon.
An tí atá ionnruic sa ní is lúgha ata sé ionnruic a móran; agus gidh bé atá éagcórach sa ní is lugha atá se éagcórach a mórán mar an gcéadna.
Biáid mo shúile ar dhaóinibh fírinneacha na talmhan, iondus go naitreabhuid am fhochair: an tí shiubhlus a slighe iomláin, is é do dhéanas serbhís damhsa.
¶ Biodh a fhios agad ar a nadhbharsin gur bé an TIGHEARNA do Dhia, ís Día ann, Dia firinneach, noch choimhéadas a chunnradh agus a thrócaire don droing ghrádhuigheas é agus choimhlíonus a aitheanta, go míle geinealach;
Oír rithid súile an TTIGHEARNA chuige agus úadh ar feadh an domhuin úile, dá fhoillsiughadh feín láidir do thaobh na druinge a mbía a ccroidhe iomlán da thaobh. Annso do rinne tusa go leamh: uimesin ó so amach biaidh cogadh ort.
Agus má chítior dhaóibh gurob olc serbhís do dhéanamh don TIGHEARNA, toghaidh féin a niugh cía haca dá ndéantaoi serbhís; an do na déeibh noch dadhair bhur naithré táobh thall don tuile nó do dhéeibh na Namoriteach, a ndúithche a bhfuiltí: ach ar mo shonsa agus ar son mo thighe, foigheonam don TIGHEARNA.
Achd go madh é bhús comhrádh dháoibh, A seadh, a seadh; Ni headh, ni headh: achd gidh bé ní bhías as a gcionn so is ó nolc atá sé.
Gradhuigh an chara gach uile uáir, agus rugadh an dearbhráthair a naghaidh buaidheartha.
A chlann bheag, nár ab a mbréithir, ná a dteanguidh bhías bhur ngrádh; achd a ngníomh agus a bhfírinne.
Teagaisg dhamh a THIGHEARNA, do shlightheacha; agus siubhólad ann tfírinne: coimhcheangail mo chroidhe chugadsa deaglughadh hanma.
Tréorachuidh iomláine na nionnrac íad féin: acht millfidh urchóid na sáruightheach íadsan.
Thairis sin ní bheanfa mé mo thrócaire thrid amach dheision, agus ní dhéanad bréug a naghaidh mfírinne. Ní thruáillfiod mo chunnradh, agus ní áithreochad an ní do chuáidh amach as mo bhéul.
Achd ar mbeith dhúinn ag leanmhuin do fhírínne a ngrádh, fásam sna huile neithibh, chum an tí as ceann ann, eadhon Críosd:
Bíodh toil aguibh dhá chéile maillé ré grádh bráithreamhuil; ag tabhairt onóra uáibh gach áon ag dul roimhe a chéile;
Maille ré deagthoil ag déunamh seirbhíse, amhuil do Tíghearna, agus ní do dháoinibh: Ar mbéith a fheasa aguibh gidh bé maith do dhéunas gach áon, go bhfuighe sé a lúaidheachd ón Dtíghearna, más dáor nó sáor é.
Oír is ionmhuin leis an TTIGHEARNA breitheamhnus, agus ní thréigionn a naóimh; agus atáid daingion go bráth: achd gearrfar sliochd an drochdhuine ar fad.
Agus muna frioth ionnruic sibh a gcuid duine eile, cia bhearadh dhaóibh an ní is libh féin?
Bíodh bhur gcroidhe ar a nadhbhar sin iomlán leis an TTIGHEARNA ar Ndía, do shiubhal iona statúidibh, agus do choímhéud a aitheantadh uile, amhuil San ló a niugh.
Uime sin mas íthe, nó ibhe dháoibh, nó gidh bé ar bith ní do ní sibh, go madh chum glóire Dé dhéana sibh na huile neithe.
Caithfidh an té agá mbí cáirde é féin dfoillsiughadh go cáirdeamhuil: agus bí cara sheasas ní is foigse ná dearbhrathair.
Ar a nadhbharsin a dubhairt Iósa ris na Iúdaidhibh do chreid dhó, Má chomhnuighthísi am bhréithirsi, go fírinneach beithí bhar ndeiscioblaibh agam; Agus áithéontáoi a nfírinne, agus saorfaidh a nfirinne sibh.
Dearbhuidh na huile neither; congmhuidh an ní bhias maith. Seachnuidh gach uile chosamhlachd uilc,
Grádhuighidh an TIGHEARNA, ó sibhsi a náoimh féin uile: coimhéaduigh an TIGHEARNA an firinneach slán, agus díoluidh a luáidheachd ris a núaibhreach.
¶ Agus tiucfa a gcrích, ma éistionn sibh go dúthrachdach rém aitheantuibhsi noch aithnighim dhaóibh a niugh, an TIGHEARNA bhur Ndía do ghrádhughadh, agus seirbhís do dhéanamh dhó lé bhur nuile chroidhe agus le bhur nuile anum,
Agus a dubhairt a thighearna ris, Is maith sin, a shearbhfhoghantuidhe mháith fhírinnigh: do bhí tu ionnruic ar bheagán, cuirfudh mé ós cionn mhóráin thú: imthigh a sdeach a ngáirdeachus do thighearna féin.
Maóidhigh an chuid is mó do na daoinibh a maitheas féin gach áon aca: acht cía gheabhus duine fírinneach?
Oír atá ar gcuid do Chríosd aguinn, má chongmhamáoid go diongmhálta céudthosach ar muinighine go teachd don chrich dheigheanuidh;
Cuir do dhóigh annsa TIGHEARNA, agus déan maith; áitreibhigh tú annsa dúithche, agus beathóchar thú go deimhin. Laibheoruidh béul a nfíréin eagna, agus laibheoruidh a theanga breitheamhnus. Atá dligheadh a Dhé iona chroidhe, ní sciorrfuidh áon dá choiscéimibh. Bí an drochdhuine ag faire ar an bhfíréun, agus íarruidh a chur chum báis. Ní fhúigfidh an TIGHEARNA iona láimh é, agus ní dhaimnéochuidh é an tan do dhéantar breitheamhnus air. Feith air an TTIGHEARNA, agus connaimh a shlighe, agus áirdeochuidh sé thú chum oighreachda na dúithche: a nuáir bhéid na drochdhaóine air na scrios, do chífe tú sin. Do chonnairc mé an drochdhuine neartmhar, agus agá leathnughadh féin amhuil crann glas fhasas úadh féin. Agus do ghabhus thort, agus, féuch, ni raibh sé ann: agus díarr mé é, agus níor fríth é. Comharthuigh an fíréun, féuch air an ndíreach: óir is síothcháin críoch a nfir sin. Acht scriosfuighthear luchd an tsáruighthe á néinfheachd: agus gearrfar amach deireadh an drochdhuine. Agus is ón TIGHEARNA atá slánughadh a nfíréin: sé a neart é a naimsir a néigiontuis. Agus bíodh do dhúil fós annsa TIGHEARNA; agus do bhéura sé dhuit íarratas do chroidhe.
Coimhéid an taisge mhaith do fágbhadh agad trés an Sbiorad Náomh chómhnuigheas ionnuin.
A dubhairt a thighearna ris, Is maith sin, a shearbhfhoghantuidhe mhaith ionnruic; do bhí tu ionnruic a mbeagan, cuirfidh misi ós cionn mhoráin thú: imthigh a sdeach a ngáirdeachas do thighearna féin.
Go ccúitighidh an TIGHEARNA re gach éanduine a fhíréantachd agus a ionurniceas: óir thug an TIGHEARNA thusa am láimhsi a niugh, ach níor bháill líom mo lámh do shíneadh amach a naghaidh ungthaidh an TIGHEARNA.
Achd ag déunamh maitheasa ná bímid tuirseach: oír beanfum iona ám féin, muna ndeacham a neimbrígh.
Achd do réir mar atá an tí do ghoir sibh náomhtha, bíghidhse mar an gcéudna náomhtha sa nuile choinbhearsáid; Do bhrigh go bhfuil sgríobhtha, Bighidhse náomhtha; óir atáimse náomhtha.
Dfoillsiughadh go bhfuil mo THIGHEARNA, mo charraic ceart: agus nach bhfuil éaigceart ar bith ann.
Bíodh bhur ngrádh gan cheilg. Bíodh gráin agaibh ar a nolc; agus ceangluigh don mhaith.
Achd íarruigh ar tús flaitheas Dé, agus a fhiréuntachdsan; agus teilfidhthear na neithesi uíle chugaibh.
Cuir do dhóigh a Ndía re do uile chroidhe; agus ná bí táobh ré do thuigsi féin. Ann do shlighthibh uile admhuigh eision, agus do dhéana sé do shlighthe díreach.
Gidheadh atá an Tíghearna díleas, noch dhaingnéochas, agus chóimhéudfus sibh ó olc.
Tabhair tuigse dhamh, agus coimheadfad do dhlighe; agus coimhlíonfad é le mo chroidhe iomlán.
Agus grádhochuidh tú an TIGHEARNA do Dhía réd chroidhe uile, agus réd anam uile, agus réd chumhachduibh uile.
Déunuidh úrnuighe air ar soinn: óir is muinighneach sinn as coinnsías maith do bheith aguinn, ar mbeith fonnmhar dhúinn ar sinn féin diomchar go cubhaidh sna huile neíthibh.
A mhic, ná dearmaid mo dhligheadh; acht coimhéadadh do chroidhe maitheanta: Marsin líonfuighear do scioból lé saídhbhrios, agus brisfid do chantaóirighe amach le fíon núadh. A mhic, na tarcuisnigh smachtughadh an TIGHEARNA; agus na bí curtha dhá cheartughadh: Oír an té ghrádhuighios an TIGHEARNA, smachtuighidh sé é; amhuil athair an mac iona mbí a dhúil. Is beanuighe an té do gheibh eagna, agus an duine do gheibh tuigsi. Oír is féarr a ceanniugheacht ná ceannuigheacht airgid, agus a sochar ná ór glan. Is mórluáigh go mór í náid na clocha uaisle: agus na huile neithe is áoibhinn leachd ní coimhmeas ría íad. Atáid fad láethe ann a deasláimh; agus ann a láimh chlé saidhbhrios agus onóir. Is slighthe soláis a slighthe, agus is síodhchain a casáin uile. Is crann beatha í don druing ghlacus greim dhí: agus is beanuighe gach aon dá bhfostoighionn í. Do shuighidh an TIGHEARNA an talamh le na ghliocas; le tuigse do dhaingnidh sé na flaitheamhnuis. Oír do bhéaruid síad chugad, fad láetheadh, agus sáoghal fada, agus síothcháin.
Do bheirim áithne núa dhíbh, Grádhuighe a chéile; mar do ghrádhuigh misi sibhsi, grádhuighidh féin a chéile amhluidh sin. Air so aithéonaid na huile dháoine gur deisciobail dhamhsa sibh, má bhíonn grádh aguibh féin dá chéile.
Congmham gan chorruidhe admháil ar muinighne; (óir as díleas an tí thug gealladh dhúinn:)
A THIGHEARNA, cía choimhneochus ann do thabernacuil? cía áitreobhus ann do chnoc náomhtha? An té shiubhluighios go díreach, agus oibrighios fíréantachd, agus labhrus a nfírinne iona chroidhe.
Ní héidir le searbhfoghantuidhe ar bith seirbhis do dhéanamh do dhá thighearna: óir biáiddh fúath aige do neach aca, agus grádh don dara fear; nó ceangalfuidh sé do dhuine aca, agus do bhéara sé tarcuisne ar an dara fear. Ní héidir libh seirbhís do dhéanamh do dhía agus do Mhammon.
Achd foillsighidh Día a ghrádh féin dúinne ann so, do bhrigh ag mbeith dhúinn fós ar bpeacthachuibh, gur fhuiling Críosd bás air ar son.
Uime sin, sirimse air mbeith um bhráighe ar son an Tíghearna, dathchuimghe oruibh síubhal dáoibh mar is iomchubhaidh do ghairm chum ar goireadh sibh, An tí do chuáidh síos a sé an neach céudna do chuáidh súas go hard ó na huile neamhuibh, chum na nuile do líonadh dhó. Uime sin tug sé drung áirighe, na nabsdaluibh; agus drung eile, na bhfaidhibh; agus drung eile, na náodhairighibh agus na luchd teaguisg; Chum na náomh do cheangal go diongmhálta ré chéile, chum oibre na miniosdrálachda, agus chum follamnuighthe chuirp Chríosd: Go teachd dúinn uilea náondhachd an chreidimh, agus eólais Mhic Dé, mar dhuine iomlán, agus do réir mhiosúir áoise iomláine Chríosd: Ionnus nach beimís ó so amach ar leanbuibh, dár mbogadh agus dár nglúasachd, fa gcuáirt ré gach uile shuinnéun teaguísg, ré cleasradh dáoineadh, agus ris an ngliocas ceilge, an a mbíd ag luigheachan chum mealltóireachd; Achd ar mbeith dhúinn ag leanmhuin do fhírínne a ngrádh, fásam sna huile neithibh, chum an tí as ceann ann, eadhon Críosd: O na bhfaghann an corp uile ar mbeith dhó go ceart coimcheanguilte, agus dluthaighthe ré chéile tré choimhcheangal na nuile bhall ré a gcoimhlíontar é, maille ré hoibriughadh bríoghmhar do réir mhiosúir gach éunbhuill, fás iomchubhaidh cuirp chum a fhollamhuighthe féin a ngrádh. Uime sin a deirim so, agus tógbhuim an Tíghearna dfíadhnuise air, gan sibhse do shiúbhal feasda, mar shiúbhluid na Cineadhachda eíle, a ndiomháoineas a ninntinne, Agá bhfuil a dtuigse ar na dalladh, ar mbeith dhóibh na gcoimhightheachuibh do bheatha Dé do bhrígh a nainbhfis atá ionnta, tré chrúas a gcroidhe: Noch ar mbeith dhóibh gan móthughadh ionnta tug iad féin do mhíonáire, chum gach uile neamhghloine do dhéunamh maille ré saint. Maille ris a nuile úmhlachd inntinne agus cheannsachd, maille ré foighid fhada, ag iomchur ré cheile a ngrádh; Achd ní mar sin fúarabhairse foghluim Chríosd; Má chúalabhair é, agus má teaguisgeadh sibh ris, (amhuil atá a nfírinne a Níosa:) Gur coir dháoibh do réir na céud choinbhearsáide an seanduine do chur dhíbh, noch atá ar na thruáilleadh ó ainmhíanuibh seachráin; Agus bheith dháoibh ar bhur nathnúadhughadh a sbioruid bhur ninntinne; Agus an duine núadh do chur íomuibh, noch atá ar na chrúthughadh do réir Dé a bhfiréuntachd agus a bhfíornáomhthachd. Uime sin ar ndealughadh ris an mbréig dháoibh, lábhradh gach áon aguibh a nfírinne ré ná chomharsuin: óir as buill dá chéile sinn. Bíodh fearg oruibh, gidheadh ná déunuigh peacadh: ná maireadh bhur bhfearg go dul na gréine fáoi: Agus ná tuguidh áit do diábhal. An tí do rinne goid ná gadah ní sá mhó: achd go madh luáithe dheánas sé sáothar, ag oibriughadh maitheasa ré na lámhuibh féin, ionnus go mbíádh ní aige ré thabhairt don tí air bhfuil ríachdanus. Ná tigheadh bríathar ar bith thruáillighe amach as bhur mbéul, achd gidh bé bríathar fhoghnas chum follamnuighthe, ionnus go dtíubhradh grása don luchd éisdeacha. Ag déunamh díthchill air áondachd na Sbioruide do choimhéud a gcoimhcheangal siothchána.
Agus coimhéad cúram do THIGHEARNA Dé, ag siubhal iona shlighthibh, ag coimhéad a statúideadh, agus a aitheanta, agus a bhreitheamhnasa, agus a fhiaghnuiseadh, mar atá scriobhtha a ndligheadh Mhaóise, chor go mbeirigh tú buáidh ann sa nuile ní dá déana tú, agus ann gach uile tháobh a niompochuídh tú thú féin:
Uime sin gach uile ní budh mían libh daoine do dhéunamh dhíbh, deúnaidhsi a leithéide dhóibhsean mar an gcéudna: oír a sé so an dligheadh agus na faighe.
Ag déunamh miniosdralach dá chéile, gach áon réir tiodhlaice fuáir sé, mar fheadhmanntacha maithe ghrás eugsamhui; Dé.
A dubhairt Iósa ris, As misi an tslighe, agus a nfírinne, agus a bheatha: ní thig áonduine chum a Nathar, achd tríomsa.
Agus gidh bé ar bith ní do ní sibh, déunuidh é ó chroídhe, amhuil don Tíghearna, agus ní do dhaóinibh; Ar mbeith a fheasa aguibh go bhfuighe sibh ón Dtíghearna luáidheachd oighreachda: óir as don Tíghearna Críosd do ní sibh seirbhis.
Agus atá a fhios aguinn go gcomhoibrigheann gach uile ní chum maitheasa do na daóinibh ghráduigheas Día, noch atá ar na ngairm do reir a órduighesion.
Oír is cumhachdach a thrócaire oruinne: agus atá fírinne an TIGHEARNA go bráth. Moluidh an TIGHEARNA.
Agus a dubhairt Iósa ris, Gráidheóchuidh tú do Thighearna Día léd chroidhe uile, agus léd anam uile, agus léd smuáintiughadh uile. A sí so an chéad aithne, agus a naithne mhór.
Uime sin glacuidh chuguibh armáil Dé go huilidhe, chum go madh-féidir libh cur na nadhuigh a ló an ríachdanuis, agus seasamh ar gcríochnughadh, na nuile neitheann dáoibh.
Bíthí láidir agus bíodh meisneach mhór aguibh, ná himeagluidh, agus ná biodh úamhan aguibh rompa: óir sé do THIGHEARNA Día, théid libh; ní fheallfa sé ort, agus ní thréigfe sé thú.
Oír geallamhna Dé go huilidhe. A seadh annsan íad, agus Amén annsan, chum glóire Dé dhar dtáoibhne.
Líonfuidh an duine fíréanta do bheannachduibh: acht an té do ní deithnios chum bheith saidhbhir ní bhiáidh se neimhchiontach.
Táobh do shlighe ris an TTIGHEARNA; agus cuir do dhóigh ann; agus do dhéana sé é. Agus do bhéaruidh sé amach thfíreuntachd mar an solus, agus do bhreitheamhnus mar sholus an mheadhon laói.
Seachnuidh sibh féin ar shaint; go madh lór libh na neithe atá a lathair aguibh: oír a dubháirt sé, Ní dhealocha mé riot, agus ní thréigfead thú.
Fá dheóigh, bíghidh uile déininntinn, ag comhfhulang ré chéile, bíodh grádh bráthargha eadruibh, bíghidh trócaireach, sóchaidridh: Ná déunuigh olc a naghuidh uilc, ná anchaint a naghuidh anchainte: achd go contrárgha dhó sin, tuguidh bhur mbeannachd; ar mbeith a fheasa aguibh gur chuige so do goireadh sibh, ionnas go bhfuigheadh sibh féin beannachd mar oighreachd.
Agus biaidh fúath ag gach uile dhuine dhíbh ar son manmasa: achd giodh bé fhuiléongas go dtí deireadh a sé so shlainéochthar.
Uime sin bighidhse bhur luchd leanmhana Dé, mar chloinn ghrádhuigh; Ar mbeith dháoibh ag dearbhadh créd é an ní iona mbí deagthoil an Tíghearna. Agus ná bíodh cumann aguibh ré hoibrighibh neamhtharbhacha an dorchaduis, achd go madh luáithe ríbh dhá lochdughadh. Oír as gráineamhuil ré a ninnisin amháin na neithe do níd síad ós íseal. Gidheadh bíd na huile neithe follas ar mbeith dhóibh diomolta ón tsolas: óir a sé an solas do ní gach ní gach ní foillsighe. Uime sin a deir sé, Músguil a dhuine átá ad chodladh, agus éirigh ó na mharbhuibh, agus do bhéura Críosd solas duit. Uime sin tábhruidh dá bhur náire cionnas do thiucfadh ribh siúbhal go haireach: ní mar dhruing gan eagna, achd mar dhruing eagnuidhe, Ag fúasgladh na haimsire do bhrígh go bhfuilid na laethe go holc. Uime sin na bíghidh neamhghlic, achd tuigidh créd í toil an Tíghearna. Agus ná bíghidh ar meisge ó fhíon, iona bhfuil cráos; achd bíghidh ar bhur líonadh don Sbioruid; Ag lábhairt ré chéile a salmuibh agus a bhfonnuibh diagha, agus a gcaintighibh sbioradálta, ag seinm agus ag déunamh ceóil do Tíghearna ann bhur gcróidhthibh. Agus siúbhluidh a ngrádh, amhuil do ghrádhuigh Críosd sinne, agus tug sé é féin air ar son a ofráil agus na iodhbairt dheaghbhaluidh do Dhía.
Atá an duine maith grásamhuil, agus áirleacthach: ceannsochaidh sé a bhríathra le breitheamhnus. Oír ní corrochthar é choidhche: biáidh an fíréun a gcuimhne shíorruidhe.
Coimhdeochuidh tú an té sin a síothcháin iomláin, noch agá mbí a inntinn daingion ionnadsa: do bhrígh go bhfuil a dhóigh ionnad. Dóthchusáidh annsa TIGHEARNA go bráth: óir is annsa TIGHEARNA IEHOBHAH atá an neart síorruidhe:
Is díreach uile shlighe an duine iona shúilibh féin: acht measuidh an TIGHEARNA na croidhthe.
Achd a dubhairt Iósa ris, Gidh bé neach chureas a lámh ar an gcéuchd, agus fhéachas na dhíaigh, ní bhfuil se iomchubhaidh do ríoghachd Dé.
As í so máithnesi, sibhsi do ghrádhughadh a cheile, mar do ghrádhaigh misi sibhsi. Ní bhfuil grádh as mó ná so ag éinneach, ná a anam féin do thabhairt ar son a charad.
A se an TIGHEARNA mo aodhaire; agus ní bhiaidh easbhuidh orum. Do bheir sé orum luighe a ninbhear fhéir mínligh: tréoruigh sé mé láimh ris na huisgeadhuibh ciúin. Aiseoguidh sé manam: tréorochuidh sé mé a róduibh na fíréuntachda ar son a anma féin.
Uime sin is teachdaireadha sinn as uchd Chríosd, amhuil do chuirfeadh día impidhe oruibhsi thrídne: iarrmaóidni dathchuinge oruibh as uchd Chríosd, bíghidh réidh ré Día.
Dá nadmham ar bpeacuidh, atá seision fírinneach agus ceart re ar bpeacuigh do mhaitheamh dhúinn, agus ré ar nglanadh ó anuile neamhfhiréuntachd.
Gan éinní tré chonnsbóid ná tré ghlóir dhíomháoin; achd a númhlachd inntinne measadh gach áon gur fear neach eile na é féin. Do bhrígh go dtáinic sé go garr don bhás ar son oibre Chríosd, agus nár chuir suim ann a anam, ionnus go gcoimhlíonfadh sé a nuireasbhaidh do bhí oramsa a dtáobh bhur seirbhísse. Nár ab íad na neithe bheanais ris féin bhéuras gach áon dá aire, achd gach áon na neithe fós bheanas ré dáoinibh eile.
Oír ní bhfuil Día neamhchomhthrom, go mbíadh dearmud aige ar bhur nobair agus air sháothar bhur ngrádha, noch do fhoillsigheabhair dhá ainm, sa miniondrálachd do rinneabhair, agus fós do ní sibh do na náomhuibh.
Gidh bé ní seirbhís damhsa, leanadh sé mé; agus mar a mbía misi, bíaidh mo sheirbhiseach ann mar an gcéadna: gidh bé dhéanas seirbhís damh, bhéura Mathair onóir dhó.
Agus go dtugaidh Día na foighide agus na cómhfhurtachda dhaóibh bheith dáoininntin a dtáobh a chéile do réir Iósa Críosd: Ionnus go madh héidir libh go háontadhach ré hén bhéul amháin, Día Athair ar Dtighearna Iósa Críosd do mholadh.
Oír, a dhearbhráithre, as chum sáoirsi do goireadh sibh; amháin ná déunuidh an tsáoirse na cionfátha don choluinn, achd bíghidh féin ag seirbhís do chéile tré ghrádh.
Do chómhraic mé cómhrac maith, ráinic mé ceann mo choimhleanga, do choimhéid me an creaideamh:
An drong agá mbí croidhe urchóideach is adhfhúathmhaireachd don TIGHEARNA íad: acht an mhéid bhíos díreach íona slighe a síad sin a dhúil.
¶ Agus a dubhairt Samuel ris an bpobal, Ná bíodh eagla oruibh: (do rinneabhair na cionta sa uile: gidheadh ná héirghidhe do leaththaóibh ó leanmhuin an TIGHEARNA, achd adhraidh an TIGHEARNA maille re bhur nuile chroidhe;
Don trócaireach táisbeanfa tú thú féin trócaireach; ris аn duine díreach táisbeanfa tú thú féin díreach;
Uime sin, a dhearbraithre grádhacha, bíghidh comhnuigheach, neamhchorrach, ag méudughadh do shíor a nobair an Tighearna, ar mbeith a fhios aguibh nach diomháoin bhur sáothar sa Dtighearna.
Fá dheóigh, a dhearbhráithreacha, bíghidh neartmhar sa Dtíghearna, agus a gcúmhachd a neirtsion. Cuiridh iomuibh armáil Dé go huilidhe, ionnus go madh féidir libh seasamh a nadhuigh shlightheadóireachd an Díabhail.
Tigdís fós do thrócaireadha chugamsa, a THIGHEARNA, do shlánughadh, do réir do bhréithre. Agus fregéora mé focal dfhior mo choirighthe: óir atá mo dhóigh ann do bhréithir.
Tuguidh onóir do na huile dhaóinibh. Grádhuighe na dearbhráithre. Bíodh eagla Dé oruibh. Tuguidh onóir don rí.
An tádhbhar fá ndéunmuidne fós úrnuighe do shíor ar bhur sonsa, ionnus go measfadh ar Ndía gur fíu an ghairmse sibh, agus go gcoimhlíonfadh sé deaghthoila mhaitheasa go huilidhe, agus obair an chreidimh maille ré cúmhachduibh:
Oír atá a dheirbhfhios agam, nach búdh héidir lé bás, na lé beatha, na lé hainglibh, ná lé húachdaranachuibh, ná lé cúmhachduibh, ná leis na neithibh atá do láthair, ná leis na neithibh atá chum teachda, Ná lé hairde, ná lé doimhne, ná lé creatúr ar bith eile, sinne dhéalughadh ó ghrádh Dé, atá a Niósa Críosd ar Dtighearna.
Tigidh, sibhsi ler beagal Día, agus inneosad cred do rinne sé ar son manma. Chuigesion do ghoireas rem bhéul, agus do hárdughadh é rem theangaidh.
Achd ar mbeith dhúinn ag leanmhuin do fhírínne a ngrádh, fásam sna huile neithibh, chum an tí as ceann ann, eadhon Críosd: O na bhfaghann an corp uile ar mbeith dhó go ceart coimcheanguilte, agus dluthaighthe ré chéile tré choimhcheangal na nuile bhall ré a gcoimhlíontar é, maille ré hoibriughadh bríoghmhar do réir mhiosúir gach éunbhuill, fás iomchubhaidh cuirp chum a fhollamhuighthe féin a ngrádh.
Oír a sé so ar ngáirdeachaisne, fíadhnuisi ar ccoinnsiáis, gur a neamhurchóid agus a bhfíorghloine dhíadha, agus nach a ngliocas colluidhe, achd maille ré grás Dé, do bhí ar gcoinbhearsáid sa tsáoghal, agus go mórmhór eadruibhsi.
Agus a sé an creideamh as bun do na neithibh ré bhfuil dóigh, agus as foillsiughadh dearbhtha air na neithibh nach bhfaicthear.
Agus do bhéaruidh sé amach thfíreuntachd mar an solus, agus do bhreitheamhnus mar sholus an mheadhon laói.
Acht an drong fheithios air an TTIGHEARNA athnúadhuighid síad a neart; éreochuid súas le sciathánuibh amhuil iolair; riothfaid siad, agus ní bhéid coirthe; agus siubholuid, agus ní bhéid síad anbhfann.
Ag déunamh gáirdeachais tré dhóthchas; foighideach a mbuáidhearthuibh; cómhnuigheach a núrnaighe;
Agus a dubhairt sé fós cosamhlachd riú, gur ab éigin urnuighthe dhéanamh do ghnáth, agus gan a bheith leisgeamhuil.
Níor fholuigh mé thfíréuntachd a meadhon mo chroidhe; dfoillsigh mé thfírinne agus do shlánughadh: níor cheilios do chineal grádhach agus thfírinne ón ccoimhthionól mhór.
Oír is mar so do ghrádhuigh Día an domhan, go dtug sé a éighein Meic fein, ionnus gidh bé chreideas ann, nachd rachadh sé a mugha, achd go mbeith an bheatha shiorruidhe aige.
Agus tugam aire dhá chéile ionnus go mbéam dhár mbrosdughadh féin chum grádha agus deaghoibrigheadh: Gan tréigean an chomhchruinnighe do níomaóid a gceann a cheile, do réir nóis dhruinge áirighe; achd ag teagusg a chéile: agus go madh móide dhéanam sín, an mhéid as léir dhibh an lá úd ag drúd rinn.
Agus go méuduighe an Tíghearna sibh agus go dtuguidh fó deara dhibh líonadh a ngrádh dhá chéile, agus do na huile dhaóinibh, do réir mar atámuidne fós díbhse: Chum bhur gcroidheadh do dhaingniughadh neimchiontach a náomhthachd a bhfiadhnuisi Dé eadhon ar Nathar, a dteachd ar Dtíghearna Iósa Críosd maille ré na nuile náomhuibh.
Oír is grían agus scíath an TIGHEARNA Día: do bhéaraidh an TIGHEARNA grása agus glóir: ní chuinneochaidh sé maith ón luchd do shiubhlus go díreach.
Déunaidh faire, seasaidh go daingion sa gcreideamh, bíghidh fearrgha, bíghidh láidir. Déanaidh na huile neithe maillé ré grádh.
Seachuin mar an gcéudna ainmíana na hóige: agus lean dfíréuntachd, do chreideamh, do ghrádh, do shíothcháin, maille ris an druing ghoireas air an Dtíghearna ó chroidhe ghlan.
Bighidh sochroidhtheach, trócaireach dhá chéile, ag tabhairt maitheamhnuis uáibh, amhuil tug Día mar an gcéudna maitheamhnus dáoibhse a Gcríosd.
Amháín iomchruidh sibh féin go cubhaidh do shoisgéul Chríosd: ionnas dá dtigidh mé agus go bhfaicfeadh sibh, nó dá raibh mé uáibh, gi bhfuighead sgéula oruibh, go bhfuiltí ag fuireach a náoin Sbioruid, agus ag cur lé chéile déininntinn a gcreideamh an tsoisgéil;
Trocaire agus fírinne chumhduighios an rígh: agus is lé trócaire connaimhthior súas a chathaoir.
Ar a nádhbharsin ó thárrla a chomhmór sin do néull fíadhnuiseadh ar dtimchiollne mar an gceudna, ag cur gach uile thruim dhínn, agus an pheacuigh leanus din go héusguidh, riótham maille ré foighid chum chin na coimhleanga atá romhuinn, Oír do bhádarson dár smachdughadhne beagan láethe réir a dtola féin; achd chum ar leasa eision, ionnus go nglacfamaóis a náomhthachd san. Achd ní cosmhuil smachdughadh air bith ré headh na nuáire sin do bheith solásach, achd dólasach: gidheadh do bheir sé na dhiáigh sin toradh smuáimhneach na fíréuntachda don druing chleachdas é. Uime sin tógbhuidh súas na lámha díomhaóineach, agus na glúine gan sbracadh; Agus déunuidh céimniughadh díreach ré bhur gcosuibh, deagla a neithe atá bacach do chláonadh as a tslighe; ach go madh táosga leighéosaidh é. Leanuigh síothchain ris na huile dhaóinibh, agus náomhthachd, óir gan í ní fhaicfidh éinneach an Tíghearna. Tabhruidh aire ribh fá gan áoinneach aguibh do chláonadh ó ghrás Dé; fá gan fréumh shearbhuis ar bith do fhás súas dá bhur mbuáidhreadh, trés a ndéuntaói morán neamhghlan; Deagla go mbíadh éinneach na sdríopuigh, ná neimhdhíagha, mar Esau, noch do reac a cheart óighreachda ar son éinchinn amháin bídh. Oír atá a fhios aguibh an tan bá mían rís fós ná dhiáigh sin, an bheannachd fhagháil mar oighreachd, gur diultadh é: óir ní bhfuáir sé áit aithrighe, bíodh gur íarr sé í maille re déuruibh. Oír ní chum an tsléibh thangabhair ré a bhféudtar cumailt, ná chum na tíneadh lasarrgha, ná chum na sdoirme, ná an dorchaduis, na an gairbhshíain, Ná chum fuáime an sduicm bá ghótha na mbríathar; agár shireadar an dream do chúaluidh é dathchuinge gan an bhríathar do labhairt ríu féin ní sa mhó: Ag féuchuinn ar Iósa ceannphort agus fear críochnuighe an chreidimh; noch ar son an tsóláis do cuireadh as a chomhair do fhúlaing céusadh na croithe, ag gcur na masla a neamhshuim, agus do shuigh ar deis árdchathaóire Dé.
Ná connuimhsi úaim a THIGHEARNA, do thrócaire chineulta: coimhéadadh hoineach grádhach agus thfírinne do ghnáth mé.
Do bheirim áithne núa dhíbh, Grádhuighe a chéile; mar do ghrádhuigh misi sibhsi, grádhuighidh féin a chéile amhluidh sin.
A nuáir ghabhus tú thríd na huisgeadhuibh, biáidh misi ad fhochair; agus thríd na haibhnibh, ní fhoileochuid síad thú: a nuáir shíubholas tú thríd an tteine, ní loisgfighear thú; ní mó dheargfas an lasair ort.
Cred an luáidheachd do bhéaras mé don TIGHEARNA ar son a thabhartas damh? Géabha me cupán an tslánuighthe, agus goirfead air ainm an TIGHEARNA.
A né nach bhfuil a fhios aguibh, an dream bhíos ag coimhridh ré chéile go riothaid uile, bíodh gur ab éunduine bheireas an geall? Go madh hamhluidh dhéantáoisi rioth, ionnus go madh éidir libh gnodhughadh. Agus gach áon chleachdus sbáirn is measardha é sna huile neithibh. Agus is uime do níd síadsan sin chum coróine truáillighe dfagháil; achd inne chum coróine neamhthruáillighe.
Riothuim go díán chum an chomhartha do mhían luáídhéachda árdghárma Dé a Níosa Críosd.
Chúmhduighthear ré neart Dé tré chreideamh chum slánuighe atá ullamh ré a fhoillsiughadh sa naimsir dheigheanuidh. An ní ann a bhfuil sibhse ag déunamh gáirdeachais, bíodh go bhfuil sibh a nois ré sealad, má atá na riachdanus, fá thuirse a gcathuighthibh éugsamhla: Ionnus go bhfuighthigh dearbhadh bhur gcreidimh, is rouáisle na ór théid air neimhní, bíodh go ndearbhthar é lé teine, na mholadh agus na onóir agus na ghlóir an tan fhoillseóchas Iósa Críosd é féin:
Fágbhuim síodhchain aguibh, do bheirim mó shíodhcháin féin dhaóibh: ní mar do bheir an sáoghal, do bheirimsi dhaóibh. Ná buaidhearthar bhur ccroidhe, agus ná bíodh eagla air,
Ar a nadhbharsin sirim dathchuinge oraibh, a dhearbhraithreacha, tré trócaire Dé, bhur gcuirp do thabhairt na bhéo-iodhbairt, náomhtha, geanamhail do Dhía, bhur seirbhís réusúnta. Bíodh toil aguibh dhá chéile maillé ré grádh bráithreamhuil; ag tabhairt onóra uáibh gach áon ag dul roimhe a chéile; Ná bíghidh leisgeamhuil a ngnothuighibh; Bíghidh ar fiuchadh ann bhur spioraid; ag déanamh seirbhísi don Tighearna; Ag déunamh gáirdeachais tré dhóthchas; foighideach a mbuáidhearthuibh; cómhnuigheach a núrnaighe; Ag cómhroinn ris na náomhaibh iona ríachdanusaibh; ag gnáthughadh luchd áoidheachda do ghlacadh. Tabhruidh bhur mbeannachd don dreim dhíbhreas síbh: tabhruidh bhir mbeannachd dóibh, agus na malluidhe íad. Bíodh gairdeachus oráibh ma ráon ris an muinntir ar a bhfuil gairdeachus, agus bígidh ag cáoi maráon ris an muinntir do ní cáoi. Go madh háontoil dhíbh ré chéile. Ná bígidh áirdinntinneach, achd cumaidh sibh féin ris a ndreim is ísle. Nó bighidh glic ann bhur mbaramhluibh féin. Na déanaidh olc a naghaidh uilc ar éainneach. Bíodh cúram na neitheann maith oraibh a bhfíadhnuise na nuile dháoine. Mas féidir é, an mhéid thig dhíbhsé dhe, bíodh síothcháin agaibh ris na huile dhaóinibh A chairde grádhacha, ná déunaidh dioghaltus ar bhur son féin, achd fanaidh ris an bhfeirg: óir atá sgríobhtha, Is leamsa an dioghaltus; do bhéura mé cúitiughadh uáim, a deir an Tighearna. Agus na cumaidh sibh féin ris an tsáoghalsa: achd cuiridh sibh féin a natharrach crotha ré hathnúadhughadh bhur ninntinne, ionnus go mbíadh a dhearbh aguibh créud í toil mhaith, gheanamhuil, dhiongmhála Dé.
O so amach atá coróin fhíréuntachda ar na taisge fám chomhair, noch bhéuras an Tíghearna, an breitheamh cómhthrom dhámh sa ló úd: agus ní dhámhsa amháin, achd mar an gcéudna do na huile dháoine ghrádhuigheas a theachd.
Do chuirios an TIGHEARNA do ghnáth ós mo choinne: do bhrígh go bhfuil sé air mo láimh dheis, ní chorrochthar mé.
Má chómhnuigheann sibh go fonndameinteach daingean sa gcreideamh, gan bheith dhíbh ar bhur nathrughadh ó mhuinighin an tsoisgéil, noch do chúalabhair, agus do rinneadh sheanmóir dá gach uile chreatúr atá faói neamh, dá bhfuilimse Pól am mhinisdir;
Chum bhur gcroidheadh do dhaingniughadh neimchiontach a náomhthachd a bhfiadhnuisi Dé eadhon ar Nathar, a dteachd ar Dtíghearna Iósa Críosd maille ré na nuile náomhuibh.
A cháirde, bíodh grádh aguinn dá chéile: óir as ó Dhía tig an gradh; agus gidh bé neach ghrádhuigheas atá sé ar na gheineamhuin ó Dhía, agus is aithnidh dhó Día. An tí nach grádhuigheann ní bhfuil eólas Dé aige; óir as grádh é Día.