Matha 5:37 - An Bíobla Naofa 198137 Is é amháin is ráite daoibh: ‘Is ea, is ea.’ ‘Ní hea, ní hea.’ Focal thar an méid sin, is ón Olc é! Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)37 Ná habraigí thar ‘Is ea’ agus ‘Ní hea’; mar is den olc gach ní dá laghad a théas thairis sin. Féach an chaibidilNa Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara37 Acht bíodh seadh, seadh: ní h-eadh, ní h-eadh, mar chainnt agaibh: óir cibé nídh a bhíos níos déine ná iad sin, is ó’n olc é. Féach an chaibidilTiomna Nua 1951 (de Siúnta)37 Acht bíodh mar chainnt agaibh, Is eadh, is eadh; Ní h‐eadh, ní h‐eadh: agus cibé nidh théigheas thairis sin, is ó’n olc é. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)37 Achd go madh é bhús comhrádh dháoibh, A seadh, a seadh; Ni headh, ni headh: achd gidh bé ní bhías as a gcionn so is ó nolc atá sé. Féach an chaibidilNa Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)37 Ach abraidh, Seadh, ’seadh; Ní h-eadh, ní h-eadh. An rud a théigheann thairis sin is ó’n olc é. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 201237 Is é amháin is ráite daoibh: ‘Is ea, is ea.’ ‘Ní hea, ní hea.’ Focal thar an méid sin, is ón Olc é! Féach an chaibidil |
Is ón diabhal, mar athair, sibhse agus is iad mianta bhur n‑athar a theastaíonn uaibh a dhéanamh. Ba dhúnmharfóir é siúd ó thús, agus níor sheas sé san fhírinne, mar níl aon fhírinne ann. Nuair a labhraíonn sé an bhréag labhraíonn sé as a stór féin, mar is bréagaire é agus is é athair an bhréagaire é.