Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Matha 5 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Agus nuair chonnaic sé na sluaighte, do chuaidh sé suas ar an sléibh; agus nuair do bhí sé ’n‐a shuidhe,

2 tháinig a dheisceabail chuige: agus d’fhoscail sé a bhéal, agus do theagaisc sé iad, g‐á rádh,

3 Is aoibhinn d’á bhfuil bocht ’n‐a spioraid, mar is leo‐san ríoghacht na bhflaitheas.

4 Is aoibhinn dóibh‐sean do‐ghní dobrón, mar do‐gheobhaid sólás.

5 Is aoibhinn d’á bhfuil ceannsa, mar do‐gheobhaidsean seilbh na talmhan.

6 Is aoibhinn dóibh‐sean ar a bhfuil ocras agus tart chum fíréantachta, mar do‐gheobhaid a sáit.

7 Is aoibhinn do lucht na trócaire, mar do‐gheobhaidsean trócaire.

8 Is aoibhinn do lucht an chroidhe ghlain, mar dochífid‐sean Dia. Is aoibhinn do lucht na síothchána do dhéanamh,

9 mar glaodhfar ortha‐san clann Dé.

10 Is aoibhinn dóibh‐sean d’fhulaing géir‐leanamhain ar son fíréantachta; mar is leo‐san ríoghacht na bhflaitheas.

11 Is aoibhinn daoibh‐se nuair do‐bhéarfar tarcuisne dhaoibh, agus nuair ciapfar sibh, agus nuair adéarfar gach aon fhocal bréagach ’n‐bhúr n‐aghaidh, ar mo shon‐sa.

12 Bíodh áthas oraibh agus lúthgháir, mar is mór é bhúr luach saothair ar neamh; óir ar an gcuma chéadna is eadh do ciapadh na fáidhe tháinig rómhaibh.

13 Is sibh‐se salann na talmhan: acht má chailleann an salann a bhlas, créad le n‐a saillfear é athuair? Ní fhuil aon mhaith ann feasta acht go gcaithfidhe amach é, agus go mbéadh sé ’n‐a chosair‐easair ag na daoinibh.

14 Is sibh‐se solas an domhain. Cathair atá ar chnoc ní féidir a cheilt.

15 Agus ní lastar coinneal chum go gcuirfidhe í fá bhéal soithigh, acht chum go gcuirfidhe í ar choinnleoir; agus annsin do‐bheir sí solas d’á bhfuil sa tigh.

16 Bíodh bhúr solas‐sa ag deallrú ar an gcuma sin i bhfiadhnaise na ndaoine, ionnas go bhfeicfidh siad bhúr ndeaghoibreacha, agus go molfaidh siad bhúr n‐Athair atá ar neamh.

17 Ná measaidh gur chum na dlighe nó na bhfáidh do chur ar neamh‐nidh thánag‐sa: ní chum iad do chur ar neamh‐nidh thánag, acht chum iad do chóimhlíonadh.

18 Óir adeirim libh go fírinneach, Nó go dtéidh neamh agus talamh ar neamh‐nidh, ní rachaidh aon ghiota ná aon phonnc de’n dlighe ar neamh‐nidh nó go gcóimhlíontar gach éinnidh.

19 Ar an adhbhar sin, cibé duine bhrisfeas aithne amháin de na h‐aitheantaibh seo is suaraighe, agus mhúinfeas na daoine mar sin, glaodhfar air an duine is lugha i ríoghacht na bhflaitheas: acht cibé duine do‐ghéanas agus mhúinfeas iad, do‐bhéarfar duine mór air i ríoghacht na bhflaitheas.

20 Óir adeirim libh, muna sáruighidh bhur bhfíréantachtsa fíréantacht na scríobhaidhe agus na bhFairisíneach, nach rachaidh sibh isteach i ríoghacht na bhflaitheas ar chor ar bith.

21 Do‐chualabhar go ndubharthas leis na sinnsearaibh, ná déan marbhadh; agus cibé duine do‐ghní marbhadh, béidh sé cionntach do’n bhreitheamhnas; acht adeirim‐se libh,

22 Cibé duine atá i bhfeirg le n‐a bhráthair, béidh seisean cionntach do’n bhreitheamhnas; agus cibé duine adéarfas, Racá, le n‐a bhráthair, béidh sé cionntach do’n Árd‐chómhairle, agus cibé duine adéarfas, A phleidhce, béidh teine Gehenna tuillte aige.

23 Ar an adhbhar sin, má bhíonn tú ag tabhairt bronntanais chum na h‐altóra, agus má chuimhnigheann tú annsin go bhfuil aon chúis ag do bhráthair chugat,

24 fág annsin do bhronntanas os cómhair na h‐altóra, agus imthigh agus déan réidhteach ar dtús led’ bhráthair, agus tar ’n‐a dhiaidh sin agus tairg do bhronntanas.

25 Réidhtigh go luath led’ eascaraid, fad agus bhéas tú i n‐éinfheacht leis sa tslighe; ar eagla go dtiubhradh an eascara ar láimh do’n bhreitheamh thú, agus go dtiubhradh an breitheamh suas do’n oifigeach thú, agus go gcaithfidhe thú i bpríosún.

26 Adeirim leat go fírinneach, nach dtiocfaidh tú amach as nó go raibh an fheoirling dheiridh íoctha agat.

27 Do‐chualabhar go ndubharthas leis na sinnsearaibh,

28 Ná déan adhaltrannas: acht adeirim‐se libh, cibé duine fhéachas ar mhnaoi go h‐ainmhianach, go bhfuil adhaltrannas déanta cheana aige léi, ’n‐a chroidhe.

29 Uime sin, má bhíonn do shúil dheas ’n‐a h‐adhbhar scannail duit, srac amach í agus caith uait í: óir is fearr duit ball amháin ded’ bhallaibh do chailleamhain ’ná go gcuirfidhe do cholann ar fad i n‐ifreann.

30 Agus má bhíonn do lámh dheas ’n‐a h‐adhbhar scannail duit, gearr dhíot í, agus caith uait í; óir is fearr duit ball amháin ded’ bhallaibh do chailleamhain ’ná go gcuirfidhe do cholann ar fad i n‐ifreann.

31 Adubharthas, leis, Cibé chuirfeas uaidh a bhean, tabhradh sé billéad scaramhna dhí:

32 acht adeirim‐se libh, cibé duine chuireas uaidh a bhean, acht amháin mar gheall ar adhaltrannas, go ndéanann sé ban‐adhaltrannach dhí: agus cibé duine phósfas an bhean do scaoileadh, do‐ghní seisean adhaltrannas.

33 Do‐chualabhar, leis, go ndubharthas i n‐allód, Ná tabhair mionna éithigh, acht cóimhlíon do mhóide do’n Tighearna;

34 acht adeirim‐se libh gan dearbhú ar chor ar bith; gan dearbhú dar neamh, mar is í ríogh‐chathaoir Dé í;

35 gan dearbhú dar talamh, mar is é stól a chos é; gan dearbhú dar Iarúsalem, mar is í cathair an Ríogh Mhóir í.

36 Ná dearbhuigh dar do cheann, mar ní fhuil ar chumas duit ribe dhe do dhéanamh geal ná dubh.

37 Acht bíodh mar chainnt agaibh, Is eadh, is eadh; Ní h‐eadh, ní h‐eadh: agus cibé nidh théigheas thairis sin, is ó’n olc é.

38 Do‐chualabhar go ndubharthas, Súil i n‐éiric súile, agus fiacail i n‐éiric fiacla;

39 acht adeirim‐se libh, gan cur i n‐aghaidh an uilc: acht cibé duine bhuailfeas thú ar an leacain deis, iompuigh chuige an leaca eile, leis.

40 Agus an té gur mian leis, an dlighe do chur ort, agus do chasóg do bhaint díot, scaoil chuige do bhrat ’n‐a theannta.

41 Agus cibé duine chuirfeas d’fhiachaibh ort míle do shiubhal, siubhail dhá mhíle leis.

42 Tabhair rud do’n té iarrfas ort é, agus ná h‐iontuigh ó’n té gur mian leis rud d’fhágháil ar iasacht uait.

43 Do‐chualabhar go ndubharthas, Béidh grádh agat dod’ chómharsain, agus fuath dod’ námhaid:

44 acht adeirim‐se libh, Bíodh grádh agaibh d’bhúr námhdibh, agus guidhidh ar son na ndaoine do‐ghní géir‐leanamhain oraibh;

45 ionnas go mbéidh sibh i n‐bhúr gclainn ag bhúr nAthair atá ar neamh: óir cuireann sé a ghrian ag éirghe ar na daoinibh, idir olc agus maith, agus cuireann sé an fhearthainn ag tuitim ar na daoinibh do‐ghní an chóir agus ortha‐san do‐ghní an éagcóir.

46 Óir má thugann sibh grádh dhóibh‐sean amháin ag a bhfuil grádh dhaoibh‐se, créad atá tuillte agaibh dhá bhárr? Nach ndéanann na poibleacáin féin é sin?

47 Agus muna mbeannuigheann sibh acht do bhúr mbráithribh amháin, créad do‐ghní sibh sa mbreis ar chách? Nach ndéanann na págánaigh féin é sin?

48 Caithfidh sibh, d’á bhrigh sin, bheith gan locht, fá mar atá bhúr nAthair neamhdha gan locht.

First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932

British & Foreign Bible Society
Lean orainn:



Fógraí