Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 5:16 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

16 Bíodh bhúr solas‐sa ag deallrú ar an gcuma sin i bhfiadhnaise na ndaoine, ionnas go bhfeicfidh siad bhúr ndeaghoibreacha, agus go molfaidh siad bhúr n‐Athair atá ar neamh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

16 Go mba mar sin a bheas bhur solas-sa ag dealramh os comhair na ndaoine, ionas go bhfeice siad bhur ndea-oibreacha agus go dtuga siad an ghlóir do bhur nAthair atá ar neamh.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

16 Go mba mar sin a shoillseochas bhur solus-sa ós cómhair daoine, ionnas go bhfeicidh siad bhur ndéagh-oibreacha, agus go dtugaidh siad glóir do bhur n-Athair atá ar neamh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

16 Go madh mar sin dhealróchus bhur soillsisi a bhfíaghnuisi na ndáione, a gcrúth go bhfaicfidh síad bhur ndeaghoibrighthe, agus do dtiobhruid glóir dá bhur Nathair atá ar neamh.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

16 Lasadh bhur solus-sa ar an gcuma san os cómhair daoine, i dtreó go bhfeicfid siad bhúr ngníomhartha fóghanta agus go molfaid siad bhúr n-Athair atá ins na flathais.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

16 Sibh-se mar an gcéanna, bíodh bhur solas ag taitneamh os comhair daoine chun go bhfeicfidís bhur ndea-ghníomhartha agus go nglóireoidís bhur nAthair atá ar Neamh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

16 Sibhse mar an gcéanna, bíodh bhur solas ag taitneamh os comhair daoine chun go bhfeicfidís bhur ndeaghníomhartha agus go nglóireoidís bhur nAthair atá ar neamh.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 5:16
42 Tagairtí Cros  

Acht is chum go bhfeicfeadh na daoine iad ghníos siad gach éinnidh: óir leathnuighid a bhfulaictéirí,


Agus ná tabhraidh athair ar aoinneach agaibh ar talamh: óir is aoinneach amháin is Athair agaibh, an té atá ins na flaitheasaibh.


ionnas go mbéidh sibh i n‐bhúr gclainn ag bhúr nAthair atá ar neamh: óir cuireann sé a ghrian ag éirghe ar na daoinibh, idir olc agus maith, agus cuireann sé an fhearthainn ag tuitim ar na daoinibh do‐ghní an chóir agus ortha‐san do‐ghní an éagcóir.


Agus nuair bhíos sibh i n‐bhúr dtroscadh, ná bidhidh gruamdha ar nós luchta an fhuar‐chrábhaidh: óir dorchuighid‐sean a gceann‐aighthe chum go bhfeicfidh na daoine go bhfuilid ’n‐a dtroscadh. Adeirim libh go fírinneach go bhfuil a luach‐saothair fághálta aca.


D’á bhrigh sin déanaidh‐se urnaighe mar seo: Ár nAthair atá ar neamh, go naomhuightear t’ainm;


Agus nuair do chonnaic na sluaighte sin, tháinig eagla ortha, agus thugadar glóir do Dhia, thug a leithéid sin de chumhacht do dhaoinibh.


Agus adubhairt sé leo, Nuair do‐ghní sibh urnaighe, abraidh, A Athair, Go naomhthar t’ainm. Go dtigidh do ríoghacht.


Sibh‐se do thabhairt mórán tortha, as sin is eadh tugtar glóir dom’ Athair; agus sibh do bheith ’n‐bhúr ndeisceablaibh agam‐sa.


Agus do bhí i nIoppé deisceabal darbh ainm Tabitá, (ainm chialluigheas, Dorcás): bean do bhí ag sír‐chleachtadh deagh‐ghníomh agus carthannachta.


agus ar mhodh go dtuitfidh sé ar a aghaidh faoi agus go n‐adharfaidh sé Dia, g‐á rádh go bhfuil Dia dá ríribh ’n‐bhur measc.


agus mar gheall ar an dearbhadh do‐bheir an congnamh so, molann siad Dia as ucht bhur n‐umhlachta do shoiscéal Chríost admhuigheas sibh, agus as ucht fairsinge bhur dtabhartais dóibh‐sean agus do’n uile dhuine;


agus thugadar glóir do Dhia im’ thaobh.


Óir is sinne obair a láimhe, do cruthuigheadh i nÍosa Críost chum deagh‐ghníomhartha, d’ullmhuigh Dia roimh ré chum go gcleachtfaimís iad.


mar sin; óir do bhíobhar ’n‐bhur ndorchacht tráth, acht atá sibh anois ’n‐bhur solas san Tighearna: siubhlaidh ar nós clainne an tsolais.


agus g’á impidhe oraibh siubhal mar d’oirfeadh dhaoibh i bhfiadhnaise Dé, do ghlaodh chum a ríoghachta agus chum a ghlóire féin sibh.


acht (mar ba cheart do mhnáibh admhuigheas cráibhtheacht) le deagh‐ghníomharthaibh.


deagh‐theist bheith uirthi ás ucht deagh‐ghníomhartha; má tá clann oilte aici: má chuir sí fáilte roimh stróinséiribh, má nigh sí cosa na naomh, má chug sí fóirithin ar lucht aindeise, má lean sí go dícheallach do gach saghas deagh‐ghnímh.


Ar an gcuma chéadna bíonn deagh‐oibreacha ann atá follusach; agus na deagh‐oibreacha nach bhfuil follusach ní féidir a gceilt.


maitheas do chleachtadh, bheith saidhbhir i ndeagh‐ghníomharthaibh, bheith fial, fairsing;


thug é féin ar ár son, chum sinn d’fhuascailt ó gach peacadh, agus pobal do ghlanadh dhó féin, pobal díoghraiseach chum deagh‐oibreacha do chleachtadh.


dod’ thaisbeáint féin ar gach slighe mar shompla i dtaobh deagh‐ghníomhartha; ag tabhairt teagaisc ghlain, chéillidhe, briathar folláin nach féidir locht d’fhágháil air;


Agus ní foláir d’ár muinntir féin a fhoghlaim cionnas deagh‐oibreacha do chleachtadh, chum gach nidh atá riachtanach do sholáthar, chum nach mbéidh siad gan toradh.


Acht nuair do nochtadh maitheas agus grádh Dé ár Slánuightheoir do’n duine,


agus tabhraimís aire d’á chéile, ag spreagadh a chéile chum grádha agus chum deagh‐ghníomhartha;


Bíodh deagh‐iomchar macánta i measc na bPágánach agaibh; chum, gidh go labhrann siad ’n‐bhur n‐aghaidh amhail mar bhéadh sibh ’nbhur lucht mí‐ghnímh, go dtugaidh siad fá deara bhur ngníomhartha maithe, agus go dtugaidh siad glóir do Dhia i ló na cuarta.


Acht cineadh toghtha is eadh sibh‐se, sagartacht ríoghdha, náisiún naomhtha, pobal atá ’n‐a shealbhachas ar leith aige féin; chum go bhfógróchadh sibh tréithe oirdhearca an té do ghlaodh as an dorchadas sibh chum a sholais iongantaigh féin:


A mhná, bidhidh‐se umhal, mar an gcéadna, d’bhur bhfearaibh féin; ionnas, má tá aon chuid aca nach n‐umhluigheann do’n bhriathar, go mbuaidhfear ortha, i n‐éagmais an bhriathair, le deagh‐iomchar a mbainchéile;


acht a dhéanamh go ciúin, ómósach, agus coinsias maith bheith agaibh; ionnas, nuair labhartar ’n‐bhur n‐aghaidh, go gcuirfear náire ortha‐san mhasluigheas bhur ndeaghiomchar i gCríost.


Má labhrann aoinneach, labhradh sé mar bhéadh sé ag labhairt briathar Dé; má ghníonn aoinneach miniostrálacht, déanadh sé é do réir an chumais do‐bheir Dia: chum glóir ins an uile nidh do thabhairt do Dhia tré Íosa Críost, ag a bhfuil an ghlóir, agus an chumhacht go saoghal na saoghal. Amen.


Má masluightear sibh ar son ainme Críost is aoibhinn daoibh, óir luigheann Spiorad na glóire, Spiorad Dé, oraibh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí