Matha 5 - An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012An tSeanmóir ar an Sliabh: Na Biáide 1 Nuair a chonaic sé na sluaite, chuaigh sé an sliabh suas. Shuigh sé síos agus tháinig a dheisceabail chuige. 2 Thosaigh sé ag caint leo dá dteagasc agus dúirt: 3 “Is méanar dóibh seo atá bocht ó spiorad, óir is leo Ríocht na bhflaitheas. 4 “Is méanar do lucht an dobróin, óir sólásófar iad. 5 “Is méanar dóibh seo atá ceansa, óir gheobhaidh siad an talamh mar oidhreacht. 6 “Is méanar dóibh seo a bhfuil ocras agus tart chun na fíréantachta orthu, óir sásófar iad. 7 “Is méanar do lucht na trócaire, óir déanfar trócaire orthu. 8 “Is méanar dóibh seo atá glan ó chroí, óir feicfidh siad Dia. 9 “Is méanar do lucht síochána a dhéanamh, óir glaofar clann Dé orthu. 10 “Is méanar dóibh seo a dʼfhulaing géar-leanúint mar gheall ar an bhfíréantacht, óir is leo Ríocht na bhflaitheas. 11 “Is méanar daoibh féin nuair a thabharfar aithis daoibh agus a ghéarleanfar sibh, agus nuair a chuirfear gach sórt droch-rud in bhur leith go bréagach mar gheall orm-sa. 12 “Bíodh áthas oraibh agus gairdeas, mar is mór é bhur dtuarastal ar Neamh; óir is mar sin a rinneadh géar-leanúint ar na fáithe a chuaigh romhaibh. Feidhm na nDeisceabal sa Saol an Sean-Dlí agus an Dlí Nua 13 “Is sibh-se salann na talún. Ach má éiríonn an salann leamh, cad a dhéanfaidh goirt arís é? Níl tairbhe ann feasta chun rud ar bith, ach é a chaitheamh amach mar a ngabhfar de chosa ann. 14 Is sibh-se solas an domhain. Cathair ar mhullach cnoic ní féidir í a cheilt. 15 Ná ní lastar lampa chun é a chur faoi bhéal na peice, ach in airde ar an gcrann solais mar a dtugann sé solas dá mbíonn sa teach. 16 Sibh-se mar an gcéanna, bíodh bhur solas ag taitneamh os comhair daoine chun go bhfeicfidís bhur ndea-ghníomhartha agus go nglóireoidís bhur nAthair atá ar Neamh. 17 “Ná bígí ag ceapadh gur chun an dlí agus na fáithe a chur ar ceal a tháinig mé. Ní dá gcur ar ceal a tháinig mé ach dá gcur i gcríoch. 18 Óir deirim libh go fírinneach, is túisce a imeoidh neamh agus talamh ná mar a imeoidh aon litir ná aon ghiota den dlí gan gach aon ní a bheith tagtha i gcrích. 19 Dá bhrí sin, an té a chuirfidh aon aithne ar ceal den chuid is lú de na haitheanta seo, agus a mhúinfidh do dhaoine eile an rud céanna a dhéanamh, measfar é sin ar an té is lú i Ríocht na bhflaitheas. Ach an té a choimeádfaidh iad agus a mhúinfidh, measfar eisean ina dhuine mór i Ríocht na bhflaitheas. 20 Óir deirim libh, mura mbíonn barr fíréantachta agaibh ar a mbíonn ag na scríobhaithe agus ag na Fairisínigh, is cinnte nach rachaidh sibh isteach i Ríocht na bhflaitheas. An Cúigiú hAithne 21 “Chuala sibh go ndúradh leis na sinsir: ‘Ná déan marú; agus má dhéanann duine marú beidh air freagairt ann don bhreithiúnas.’ 22 Ach is é a deirim-se libh, duine ar bith a bhíonn i bhfeirg lena bhráthair, beidh air freagairt ann don bhreithiúnas, agus má deir aon duine lena bhráthair ‘Ceann baoth’, beidh air freagairt ann don tsainidrín; agus má deir sé ‘Amadán’ leis, beidh air freagairt ann i dtine Ifrinn. 23 Dá réir sin, má bhíonn tú ag tabhairt dʼofrála chun na haltóra agus go gcuimhneoidh tú ansin go bhfuil cúis ghearáin éigin ag do bhráthair ort, 24 fág dʼofráil ansiúd os comhair na haltóra, imigh leat ar dtús agus déan síocháin le do bhráthair, agus tar ansin ag déanamh na hofrála. 25 An duine a chúisíonn thú, tar chun réitigh leis gan mhoill agus tú ag gabháil na slí leis, le heagla go dtabharfadh fear do chúisithe suas don bhreitheamh thú, agus an breitheamh don phóilín, agus go gcuirfí i bpríosún thú. 26 Deirim leat go fírinneach, ní thiocfaidh tú amach as sin go mbeidh an chianóigín dheireanach díolta agat. An tAdhaltranas agus an tIdir-scaradh 27 “Chuala sibh go ndúradh: ‘Ná déan adhaltranas.’ 28 Ach is é a deirim-se libh, duine ar bith a bhreathnaíonn ar bhean le dúil inti, tá adhaltranas déanta aige léi cheana féin ina chroí. 29 Más siocair pheaca duit do shúil dheas, srac amach í agus caith uait í, óir is fearr duit ball de do chorp a chailleadh ná do chorp ar fad a chaitheamh isteach in Ifreann. 30 Agus más siocair pheaca duit do lámh dheas, gearr anuas í agus caith uait í, óir is fearr duit ball de do chorp a chailleadh ná go rachadh do chorp ar fad isteach in Ifreann. 31 “Dúradh fós: ‘Má scaoileann duine a bhean uaidh tugadh sé litir idir-scartha di.’ 32 Ach is é a deirim-se libh, gach aon duine a scaoileann uaidh a bhean, taobh amuigh de chás an striapachais, ligeann sé le hadhaltranas í, agus duine ar bith a phósann bean a scaoileadh, déanann sé adhaltranas. Sárú Mionn 33 “Chuala sibh freisin go ndúradh leis na sinsir: ‘Ná sáraigh do mhionn; déan do mhionna a chomh-líonadh don Tiarna.’ 34 Ach is é a deirim-se libh, gan mionn ar bith a thabhairt: gan a thabhairt dar Neamh, óir is í rí-chathaoir Dé í; 35 ná dar an talamh, óir is é stól a chos é; ná dar Iarúsailéim, óir is í cathair an Rí mhóir í; 36 ná mionnaigh dar do cheann ach chomh beag, mar ní féidir duit aon ribe amháin de a dhéanamh geal ná dubh. 37 Is é amháin is ráite daoibh: ‘Is ea, is ea.’ ‘Ní hea, ní hea.’ Focal thar an méid sin, is ón Olc é! Díoltas 38 “Chuala sibh go ndúradh: ‘Súil ar shúil, fiacail ar fhiacail.’ 39 Ach is é a deirim-se libh gan seasamh in aghaidh an droch-dhuine: ina ionad sin, an té a thugann buille sa leiceann deas duit, iompaigh chuige an leiceann eile freisin; 40 agus an té a chuirfeadh an dlí ort chun do léine a bhreith uait, scaoil leis do bhrat chomh maith. 41 An té a chuireann dʼfhiacha ort dul aon mhíle amháin leis, gábh leis an dá mhíle. 42 An té a iarrann rud ort, tabhair dó é, agus an té arb áil leis iasacht uait, ná tabhair leis do chúl. Grá do Naimhde 43 “Chuala sibh go ndúradh: ‘Bíodh grá agat do do chomharsa agus fuath agat do do namhaid.’ 44 Ach is é a deirim-se libh, bíodh grá agaibh do bhur naimhde agus guígí ar son bhur ngéar-leantóirí; 45 sin mar a bheidh sibh in bhur gclann ag bhur nAthair atá ar Neamh, a chuireann faoi deara dá ghrian éirí ar olc agus ar mhaith, agus a fhearann báisteach ar chóir agus ar mhí-chóir. 46 Óir, má thugann sibh grá dóibh seo a thugann grá daoibh, cad é an tuarastal atá ag dul daoibh? Nach ndéanann na poibleacánaigh féin an rud céanna? 47 Agus mura mbeannaíonn sibh ach do bhur mbráithre amháin, an ndéanann sibh aon ní thar na bearta? Nach ndéanann na págánaigh féin an rud céanna? 48 Bígí foirfe, dá bhrí sin, faoi mar atá bhur nAthair neamhaí foirfe. |
© An Sagart 2012 Úsáidtear le cead. Used by permission.