Matha 5 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)CAIBIDIOL V. Seanmóin Chríost ar an gcnoc. Na h-ocht mbiatí. 1 Agus nuair a chonaic sé na sluaighte chuaidh sé suas ar an gcnoc, agus nuair a shuidh sé ann tháinig a dheisgiobuil ag triall air. 2 Agus d’osgail sé a bhéal agus do theagaisg sé iad, agus dubhairt sé: 3 Is aoibhinn dos na bochtaibh sa spioraid, mar is leó san rígheacht na bhflathas. 4 Is aoibhinn do lucht ceannsachta, mar isiad a gheóbhaidh seilbh na talmhan. 5 Is aoibhinn do lucht dubróin, mar isiad a gheóbhaidh sólás. 6 Is aoibhinn do’n mhuintir go bhfuil ocras agus tart chun fióraontachta ortha, mar ’s iad a gheóbhaidh a sáith. 7 Is aoibhinn do lucht na trócaire dhéanamh, mar isiad a gheóbhaidh trócaire. 8 Is aoibhinn do lucht an chroidhe ghlain, mar isiad a gheóbhaidh radharc ar Dhia. 9 Is aoibhinn do lucht na síothchána dhéanamh, mar is ortha tabharfar clann Dé. 10 Is aoibhinn do’n mhuintir a dh’fhuilingeann crádh ar son fióraontachta, mar is leó san rígheacht na bhflathas. 11 Is aoibhinn daoibh-se nuair a déanfar spídiú oraibh agus ciapadh, agus an uile shaghas tromaidheachta éithigh, mar gheall orm-sa; 12 Bíodh móráil agus gáirdeachas oraibh, mar is mór é bhúr luacht-saothair ins na flathais; óir sin mar a ciapadh na fáidhe rómhaibh. 13 Is sibh-se salann na talmhan. Ach má théigheann an salann i leamhas conus a déanfar salann airís de? Ní’l de mhaith ann feasta ach go gcaithfí amach é agus go ngeóbhfaí do chosaibh daoine ann. 14 Is sibh-se solus an domhain. Cathair ar chnoc ní féidir í dh’fholachadh. 15 Ní lastar coinneal chun í chur fé bhéal árthaigh, ach chun í chur ar choinnleóir, chun go dtabharfadh sí solus d’á bhfuil sa tigh. 16 Lasadh bhur solus-sa ar an gcuma san os cómhair daoine, i dtreó go bhfeicfid siad bhúr ngníomhartha fóghanta agus go molfaid siad bhúr n-Athair atá ins na flathais. 17 Ná measaidh gur chun na dlíghe ná na bhfáidh do chur ar neamhnídh a thánag-sa. Ní chun iad do chur ar neamhnídh a thánag ach chun iad do chómhlíonadh. 18 Óir deirim libh go fírinneach, go dtí go dtéidh an spéir agus an talamh ar neamhnídh ná raghaidh aon ióta amháin ná aon phúnc amháin de’n dlígh ar neamhnídh, go dtagaidh a h-iomláine chun cinn. 19 An t-é d’á bhrígh sin, a mhillfidh aithne des na h-aitheantaibh sin is lúgha, agus do mhúinfidh na daoine mar sin, tabharfar air an t-é is lugha i rígheacht na bhflathas; ach an t-é choimeádfidh iad, agus do mhúinfidh [a gcoimeád] tabharfar duine mór air i rígheacht na bhflathas. 20 Óir deirim libh mura mbeidh bhur bhfíoraontacht-sa níos lionmhaire ’ná fíoraontacht na Sgríbhneóirí agus na bhFairisíneach ní raghaidh sibh isteach i rígheacht na bhflathas. 21 Chualabhair conus mar adubhradh leis na daoine a bhí ann fadó: Ná dein marbhadh: Agus an t-é dhéanfaidh marbhadh beidh sé ciontach do’n bhreitheamhantas. 22 Ach deirim-se libh, gach duine atá i bhfeisg le n-a bhráthair beidh sé ciontach do’n bhreitheamhantas. An t-é ámhthach a déarfaidh le n-a bhráthair, Raca, beidh sé ciontach do’n chómhairle. Agus an t-é a déarfaidh, A amadáin, beidh sé ciontach cun teine ifrinn. 23 D’á bhrígh sin, má bhíonn tabharthas agat d’á thabhairt uait os cómhair na h-altórach, agus go gcuimhneóchair go bhfuil rud éigin ad’ choinnibh agat’ bhráthair; 24 Fág ansan do thabharthas os cómhair na h-altórach, agus imthigh agus dein síothcháin led’bhráthair, agus ansan tar agus bronn do thabharthas. 25 Réidhtigh le t’eascaraid go luath, an fhaid ataoí i n-aonfheacht leis sa tslígh, le h-eagla go dtabharfadh an t-eascara suas tu do’n bhreitheamh, agus go dtabharfadh an bhreitheamh suas d’á ghiolla thu, agus go gcurfaí sa charcair thu. 26 Go deimhin adeirim leat, ní thiocfair amach as san go ndíolair an fheóirling dheirineach. 27 Do chualabhair conus mar adubhradh leis an muintir fadó: Ná dein adhaltranas. 28 Ach deirim-se libh, an t-é fhéachfaidh ar mhnaoí le dúil sa droch-ghníomh, go bhfuil peacadh an adhaltranais déanta cheana aige léi i n-a chroidhe féin. 29 D’á bhrígh sin, má’s trúig pheactha dhuit do shúil dheas, strac amach í agus caith uait í; óir is fearra dhuit ball de d’bhallaibh do chailleamhaint ’ná do cholann go léir a chur go h-ifreann. 30 Agus ma’s trúig pheactha dhuit do lámh dheas, gearr anuas díot í agus caith uait í; óir is fearra dhuit ball ded’ bhallaibh do chailleamhaint ’ná do chorp go léir a dhul go h-ifreann. 31 Agus dubhradh, An t-é a chuirfidh uaidh a bhean phósta, tugadh sé sgríbhinn a díbeartha dhi. 32 Ach de rim-se libh, aoinne a chuirfidh uaidh a bhean phósta, ach mar gheall ar adhaltranas amháin, go gcuireann se i dtreó í chun adhaltranais a dhéanamh, agus an t-é a ghlacfaidh mar chéile an bhean díbeartha deineann sé adhaltranas. 33 Airís, do chualabhair conus mar a dubhradh leis an muintir fad ó. Ná tabhair leabhar éithigh, agus an nídh a dhearbhuighis cómhlíon do’n Tighearna é. 34 Ach deirim-se libh gan dearbhú i n-aon chor; gan dearbhú dar neamh, mar isé sin cathaoir ríoga Dé; 35 Ná dar talamh, mar isé stól a chos é; ná dar Ierúsalem, mar isí cathair an rí mhóir í. 36 Ná dearbhuigh dar do cheann féin mar ní’l ar do chumas ruibe ann a dhéanamh geal ná dubh. 37 Ach abraidh, Seadh, ’seadh; Ní h-eadh, ní h-eadh. An rud a théigheann thairis sin is ó’n olc é. 38 Do chualabhair conus mar adubhradh, Súil ar shúil, agus fiacal ar fhiacail. 39 Ach deirim-se libh-se gan cur i n-aghaidh uilc; ach má bhuaileann duine thú ar an leacain ndeis, iompuigh an leaca eile chuige, leis. 40 Agus má’s mian le duine an dlígh chur ort agus do chasóg do bhreith leis sgaoil leis do bhrat ’n-a teannta. 41 Agus an t-é chuirfidh fhiachaibh ort dul leis míle ’shlígh do t’aimhdheóin, eirigh dhá mhíle eile leis dod’ dheóin. 42 An t-é a dh’iarrfaidh rud ort, tabhair dó é; agus má’s mian le duine iasacht do lorg ort ná h-iompuigh uaidh. 43 Do chualabhair conus mar a dubhradh: Bíodh grádh agat do d’charaid agus fuath dod’namhaid. 44 Ach deirim-se libh-se: Bíodh grádh agaibh d’bhúr namhdaibh; deinidh maith do’n mhuintir a thugann fuath dhaoibh; agus deinidh guidhe ar son na muintire a dheineann crádh agus tromaidheacht oraibh. 45 Ionus go mbeadh sibh i nbhúr macaibh ag bhúr n-Athair atá ins na flathais, an t-é chuireann a ghrian ag eirighe ar dhaoine, idir olc agus maith, agus chuireann an fhearthainn ag tuitim ortha, idir cheart agus aincheart. 46 Óir má thugann sibh grádh do’n mhuintir a thugann grádh dhaoibh cad é an tuarasdal a bheidh agaibh? Ná deinid na puibliocánaigh féin an méid sin? 47 Agus mura ndeinidh sibh-se ach beannú d’bhúr ndrithárachaibh cad í an bhreis a dheineann sibh? Ná deinid na págánaigh féin an méid sin? 48 Bídhidh-se, d’á bhrígh sin, fíor-mhaith, fé mar atá bhúr n-Athair ins na flathais fíor-mhaith. |
historic text maintained by the Bible Society.
British & Foreign Bible Society