Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 5:16 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

16 Lasadh bhur solus-sa ar an gcuma san os cómhair daoine, i dtreó go bhfeicfid siad bhúr ngníomhartha fóghanta agus go molfaid siad bhúr n-Athair atá ins na flathais.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

16 Go mba mar sin a bheas bhur solas-sa ag dealramh os comhair na ndaoine, ionas go bhfeice siad bhur ndea-oibreacha agus go dtuga siad an ghlóir do bhur nAthair atá ar neamh.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

16 Go mba mar sin a shoillseochas bhur solus-sa ós cómhair daoine, ionnas go bhfeicidh siad bhur ndéagh-oibreacha, agus go dtugaidh siad glóir do bhur n-Athair atá ar neamh.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

16 Bíodh bhúr solas‐sa ag deallrú ar an gcuma sin i bhfiadhnaise na ndaoine, ionnas go bhfeicfidh siad bhúr ndeaghoibreacha, agus go molfaidh siad bhúr n‐Athair atá ar neamh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

16 Go madh mar sin dhealróchus bhur soillsisi a bhfíaghnuisi na ndáione, a gcrúth go bhfaicfidh síad bhur ndeaghoibrighthe, agus do dtiobhruid glóir dá bhur Nathair atá ar neamh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

16 Sibh-se mar an gcéanna, bíodh bhur solas ag taitneamh os comhair daoine chun go bhfeicfidís bhur ndea-ghníomhartha agus go nglóireoidís bhur nAthair atá ar Neamh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

16 Sibhse mar an gcéanna, bíodh bhur solas ag taitneamh os comhair daoine chun go bhfeicfidís bhur ndeaghníomhartha agus go nglóireoidís bhur nAthair atá ar neamh.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 5:16
42 Tagairtí Cros  

Deinid siad gach obair leó, ámhthach, ionus go bhfeicfeadh na daoine iad; leathnuighid siad a bhfulactéirí agus méaduighid siad fabhraí a mbrat.


Agus ná tugaidh bhúr n-athair ar aoinne ar an dtalamh so: óir is aoinne amháin is Athair agaibh, an t-é atá ins na flathais.


Ionus go mbeadh sibh i nbhúr macaibh ag bhúr n-Athair atá ins na flathais, an t-é chuireann a ghrian ag eirighe ar dhaoine, idir olc agus maith, agus chuireann an fhearthainn ag tuitim ortha, idir cheart agus aincheart.


Agus nuair a bheidh sibh ag déanamh trosgaidh ná bídhidh gruamdha ar nós na bhfeallairí; óir doirchighid siad a gceannacha, i dtreó go samhlóchadh na daoine iad a bheith ag déanamh trosgaidh. Go deimhin adeirim libh, tá a dtuarasdal fághalta acu.


Seo, d’á bhrígh sin, mar a dhéanfaidh sibh guidhe:


Agus tháinig eagla ar an sluagh nuair a chonacadar an nídh sin, agus do mholadar Dia a thug a leithéid sin de chómhacht do dhaoinibh.


Agus dubhairt sé: Nuair a bheidh sibh chun úrnuighthe déanamh abraidh: Ár n-Athair atá ar neamh, go naomhthar t’ainim, go dtagaidh do rígheacht, go ndeintear do thoil ar an dtalamh mar a deintear ar neamh.


As so a tugtar glóire do m’Athair, sibh-se do thabhairt mór-thoradh uaibh, agus sibh a bheith i nbhúr ndeisgiobuil agam-sa.


Agus bhí i n-Ioppé bandeisgiobul agus Taibíta ab ainim di, nú, ar mhíniú, Dorcas. Agus bhí a lán deagh-ghniómhartha agus a lán déarca aici sin ’á déanamh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí