Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 5:15 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

15 Ní lastar coinneal chun í chur fé bhéal árthaigh, ach chun í chur ar choinnleóir, chun go dtabharfadh sí solus d’á bhfuil sa tigh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

15 Agus ní lasann daoine lampa lena chur faoi bhéal soithigh, ach ar sheastán, agus tugann sé solas ansin dá bhfuil sa teach.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

15 Agus ní lasann daoine coinneal, chun í chur faoi bhocsa an phlúir, acht ar an choinnleoir, chun go dtugaidh sí solus dá bhfuil san tigh.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

15 Agus ní lastar coinneal chum go gcuirfidhe í fá bhéal soithigh, acht chum go gcuirfidhe í ar choinnleoir; agus annsin do‐bheir sí solas d’á bhfuil sa tigh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

15 Agus ní lasaid dáoine coinneal do, chum go gcuirfidis fa bhéul buiséal í, achd a gcoinnléoir; agus ní sí solas dá a mbíonn a stigh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

15 Ná ní lastar lampa chun é a chur faoi bhéal na peice, ach in airde ar an gcrann solais mar a dtugann sé solas dá mbíonn sa teach.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

15 Ná ní lastar lampa chun é a chur faoi bhéal na peice, ach in airde ar an gcrann solais mar a dtugann sé solas dá mbíonn sa teach.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 5:15
10 Tagairtí Cros  

Agus dubhairt sé leó: An chuige thagann an lóchrann soluis chun go gcurfí fé bhéal árthaigh é, nú fé leabaidh? Nách anáirde ar choinnleóir a curtar é?


Ní dheineann aoinne coinneal do lasadh agus ansan í chur i bhfolach, nó i chur fé bhéal árthaigh, ach ar choinnleóir, ionus go bhfeicfeadh na daoine a thagann isteach an solus.


Dá bhrígh sin, má bhíonn do chorp go léir soillseach, gan aon chuid aige de dhorchadas, beidh sé soillseach go h-iomlán, agus soíllseóchaidh sé thu mar a dhéanfadh lóchran soluis.


Ní dheineann aoinne coinneal do lasadh agus í chur fé bhéal árthaigh nó fé leabaidh, ach curtar ar choinnleóir í, i dtreó go bhfeicfeadh na daoine a thagann isteach an solus.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí