Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Matha 5 - Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara


Caibidil V Seanmóir Chríost ar an tsliabh. Na h-ocht mBeannachta.

1 Agus ar fheiceáil na sluagh do Íosa, chuaidh sé suas ar shliabh, agus nuair a shuidh sé síos, tháinic a dheisciobail chuige.

2 Agus d’fhoscail sé a bhéal, agus thug sé teagasc dóibh, ag rádh:

3 Is beannuighthe na bochta i spiorad: óir is leo ríoghacht na bhflaitheas.

4 Is beannuighthe na daoine ceannsa: óir béidh sealbh an talaimh acu.

5 Is beannuighthe lucht an dóláis: óir gheobhaidh siad sólás.

6 Is beannuighthe an dream ar a mbíonn ocras agus tart na córa: óir sásóchar iad.

7 Is beannuighthe lucht na trócaire: óir gheobhaidh siad trócaire.

8 Is beannuighthe lucht an ghlan-chroidhe: óir tchífhidh siad Dia.

9 Is beannuighthe lucht déanta na síothchána: óir goirfear clann Dé díobh.

10 Is beannuighthe an dream a fhulaingeas géirleanamhaint ar son na córa: óir is leo ríoghacht na bhflaitheas.

11 Is beannuighthe sibh-se nuair a bhéarfar achmhusán díbh, agus chuirfear géirleanamhaint oraibh, agus déarfar gach olc i bhur n-aghaidh go bréagach, mar gheall orm-sa;

12 Bíodh lúthgháir agus áthas oraibh, óir is ró-mhór bhur luach saothair ar neamh: Óir is mar sin a ghéirlean siad na fáidhe a tháinic rómhaibh.

13 Is síbh-se salann an talaimh. Acht má chailleann an salann a bhrígh, cá leis a ndéanfar salann de? Ní bhíonn de mhaith ann annsin, acht a chaitheamh amach, agus a bhrúghadh faoi chosa daoine.

14 Is síbh-se solus an domhain. Ní féidir cathair atá suidhte ar shliabh d’fholach.

15 Agus ní lasann daoine coinneal, chun í chur faoi bhocsa an phlúir, acht ar an choinnleoir, chun go dtugaidh sí solus dá bhfuil san tigh.

16 Go mba mar sin a shoillseochas bhur solus-sa ós cómhair daoine, ionnas go bhfeicidh siad bhur ndéagh-oibreacha, agus go dtugaidh siad glóir do bhur n-Athair atá ar neamh.

17 Ná measaigidh go dtáinic mise chun an dlighe, nó na fáidhe, a chur ar neimhnídh: ní chun a gcur ar neimhnídh a tháinic mé, acht chun a gcóimhlíonta.

18 Óir amén adeirim libh, go raibh deireadh le neamh agus talamh, ní rachaidh aon litir ná aon mharc as an dlighe, go dtí go dtárluighidh an t-iomlán.

19 Ar an adhbhar sin, an té a dhéanfas neimhnídh d’aon chionn de na h-aitheanta fhíor-bheaga seo, agus a mhúinfeas amhlaidh do dhaoine, goirfear an té is lugha i ríoghacht na bhflaitheas de: acht an té a chongbhóchas agus a mhúmfeas iad, goirfear duine mór de-sean i ríoghacht na bhflaitheas.

20 Óir deirim libh, muna raibh bhur bhfíréantacht níos treise ná fíréantacht na Scríobhaidhthe agus na bhFairisíneach, nach rachaidh sibh isteach go ríoghacht na bhflaitheas.

21 Chuala sibh go ndubhradh leis na sinnsir: ná déan marbhadh; cibé a ghní marbhadh, béidh sé cionntach do’n bhreitheamhnas.

22 Acht deirim-se libh: cibé a mbíonn fearg air le n-a dhearbhráthair, béidh sé cionntach do’n bhreitheamhnas. Agus cibé a déarfas le n-a dhearbhráthair, Raca, béidh sé cionntach do’n chómhairle. Agus cibé a déarfas, a amadáin, béidh sé cionntach do theinidh ifrinn.

23 Ar an adhbhar sin, má bheir tú do thabhartas chun na h-altóra, agus cuimhniughadh annsin go bhfuil rud éigin ag do dhearbhráthair i d’aghaidh.

24 Fág do thabhartas annsin ós cómhair na h-altóra, agus imthigh agus réidhtigh le do dhearbhráthair ar dtús: annsin tar, agus ofráil do thabhartas.

25 Réidhtigh le d’eascaraid go luath, nuair a bhíos tú i n-aoinfheacht leis san tslighe: ar eagla go dtabharadh an eascara ar láimh do’n bhreitheamh thú, agus go dtabharadh an breitheamh ar láimh dá ghiolla thú, agus go gcaithtí isteach i bpríosún thú.

26 Amén adeirim leat, nach rachaidh tú amach as sin go dtí go ndíolaidh tú an fheoirling dheireannach.

27 Chuala sibh go ndubhradh leis na sinnsir: Ná déan adhaltranas.

28 Acht deirim-se libh: cibé a dhearcas ar mhnaoi le n-a sanntughadh, go mbíonn adhaltranas déanta aige léi cheana féin ina chroidhe.

29 Agus má bhíonn do shúil dheas ina cúis pheacáidh agat, stróc amach í, agus teilg uait í: óir is feárr duit aon bhall de do chuid a dhul amugha, ná dá dteilgthí do chorp uilig isteach go h-ifreann.

30 Agus má bhíonn do lámh dheas ina cúis pheacaidh agat, gearr díot í, agus teilg uait í: óir is feárr duit aon bhall de do chuid a dhul amugha, ná dá dtéigheadh do chorp uilig go h-ifreann.

31 Agus dubhradh: Cibé a chuirfheas uaidh a bhainchéile, tabharadh sé litir a scaoilte dí.

32 Acht deirim-se libh: Cibé a chuirfeas uaidh a bhainchéile, acht amháin i gcás drúise, go dtabhrann sé uirthí adhaltranas a dhéanamh: agus cibé a phósfas í sin a cuireadh ar shiubhal, ghní sé adhaltranas.

33 Mar an gcéadna, chuala sibh go ndubhradh leis na sinnsir: Ná tabhair mionna bréige: acht cóimhlíon do mhóide do’n Tighearna.

34 Acht deirim-se libh gan mionna a thabhairt ar chor ar bith: ná mionnuigh dar neamh, óir is í cathaoir Dé í;

35 Ná dar an talamh, óir is é stól a choise é; ná dar Ierusalem, óir is í cathair an Ríogh Mhóir í.

36 Agus ná mionnuigh dar do cheann, mar nach dtig leat aon ruibe a dhéanamh geal ná dubh.

37 Acht bíodh seadh, seadh: ní h-eadh, ní h-eadh, mar chainnt agaibh: óir cibé nídh a bhíos níos déine ná iad sin, is ó’n olc é.

38 Chuala sibh go ndubhradh: Súil ar son súile, fiacal ar son fiacaile.

39 Acht deirim-se libh, gan cur i n-aghaidh an uile: acht má bhuaileann duine san leicinn dheis thú, tionntuigh an ceann eile chuige fhosta.

40 Agus má’s mian le duine an dlighe a chur ort, agus do chasóg a bhreith leis, leig leis do chlóca fhosta.

41 Agus cibé a chuirfeas d’fhiachaibh ort míle a shiubhal, gabh leis dhá mhíle eile.

42 Tabhair do’n té a iarras ort, agus ná tionntuigh ar shiubhal ó’n té arbh áil leis iasacht uait.

43 Chuala sibh go ndubhradh: Bíodh grádh agat ar do chómharsain, agus bíodh fuath agat ar do námhaid.

44 Acht deirim-se libh: Grádhuighigidh bhur náimhde: déanaigidh maith dóbhtha sin a bheir fhuath díbh: agus guidhigidh ortha sin a ghní géirleanamhaint agus tromaidheacht oraibh:

45 Ionnas go raibh sibh i bhur gcloinn ag bhur n-Athair atá ar neamh: an té a bheir ar a ghréin éirghe ar dheagh dhaoine agus ar dhroch-dhaoine, agus a chuireas fearthainn chuig daoine córa agus chuig éagcóraigh.

46 Óir má ghrádhuigheann sibh iad sin a bheir grádh díbh, cad é an luach saothair a bhéas agaibh? Nach ndéan na puibliocánaigh féin an méid sin?

47 Agus muna mbeannuighidh sibh acht amháin do bhur mbráithre, cad é bhíos dá dhéanamh thar an choitcheann agaibh? Nach ndéan na págánaigh féin sin?

48 Dá bhrígh sin, bígidh sár-mhaith, díreach mar atá bhur n-Athair neamhdha sár-mhaith.

rights held by the Bible Society in Northern Ireland

Bible Society in Northern Ireland
Lean orainn:



Fógraí