Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 5:18 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

18 Óir deirim libh go fírinneach, go dtí go dtéidh an spéir agus an talamh ar neamhnídh ná raghaidh aon ióta amháin ná aon phúnc amháin de’n dlígh ar neamhnídh, go dtagaidh a h-iomláine chun cinn.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

18 Mar deirim go fíor libh, go dtí go rachaidh neamh agus talamh as, ní rachaidh aon phonc den dlí ar neamhní go dtí go gcuirtear an t‑iomlán i gcrích.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

18 Óir amén adeirim libh, go raibh deireadh le neamh agus talamh, ní rachaidh aon litir ná aon mharc as an dlighe, go dtí go dtárluighidh an t-iomlán.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

18 Óir adeirim libh go fírinneach, Nó go dtéidh neamh agus talamh ar neamh‐nidh, ní rachaidh aon ghiota ná aon phonnc de’n dlighe ar neamh‐nidh nó go gcóimhlíontar gach éinnidh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

18 Oir a deirim ribh go firinneach, No go ndeachaidh neamh agus talamh thort, ní rachaidh éan iota na áonphunc don dligheadh thort, nó go gcoimhlíontar gach éin ní.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

18 Óir deirim libh go fírinneach, is túisce a imeoidh neamh agus talamh ná mar a imeoidh aon litir ná aon ghiota den dlí gan gach aon ní a bheith tagtha i gcrích.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

18 Óir deirim libh go fírinneach, is túisce a imeoidh neamh agus talamh ná mar a imeoidh aon litir ná aon ghiota den dlí gan gach aon ní a bheith tagtha i gcrích.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 5:18
82 Tagairtí Cros  

Go deimhin adeirim libh, is saoire a bheidh an sgéal ag tír Shodom nó ag tír Ghomorra lá an bhreitheamhantais ’ná ag an gcathair sin.


Ach nuair a déanfar géarleanmhaint oraibh sa chathair sin, imthighidh go cathair eile: Go deimhin adeirim libh, ní bheidh catharacha Israéil siúbhalta agaibh sar a dtiocfidh Mac an Duine.


Agus an t-é a thabharfaidh le n-ól do dhuine de’n chuid is suaraíghe dhíobh san fiú cupán uisge fhuair, i n-ainim deisgiobuil, go deimhin adeirim libh, ní chaillfidh sé a luacht saothair.


Go deimhin adeirim libh, níor eirigh, ar an rugadh ó mhnáibh, duine ba mhó ’ná Eóin Baiste; ach an t-é is lúgha i rígheacht na bhflathas is mó é ’ná eisean.


Óir go deimhin adeirim libh gur ’mó fáidh agus fíoraon gur mhian leó na neithe a d’fheisgint a chíonn sibh-se, agus ní fheacadar iad; agus na neithe do chlos a chloiseann sibh-se agus níor chloiseadar iad.


Go deimhin adeirim libh, tá cuid d’á bhfuil ’n-a seasamh anso agus ní bhlaisfid siad bás go bhfeicfid siad Mac an Duine ag teacht ’n-a rígheacht.


Ach ní curtar amach an sórd so ach le h-úrnuighthe agus le trosgadh.


Go deimhin adeirim libh, pé neithe a cheangalóchaidh sibh ar talamh, beid siad ceangailte ar neamh; agus pé neithe a sgaoilfidh sibh ar talamh, beid siad sgaoilte ar neamh.


Agus dubhairt sé: Go deimhin adeirim libh, mura n-iompuighidh sibh agus bheith ar nós na leanbh, ní raghaidh sibh isteach i rígheacht na bhflathas.


Agus dubhairt Íosa le n-a dheisgiobuil: Go deimhin adeirim libh, is deacair do’n duine saidhbhir dul isteach i rígheacht na bhflathas.


Agus dubhairt Íosa leó: Go deimhin adeirim libh, sibh-se do lean mé, sa n-aithgheineamhaint, nuair a shuidhfidh Mac an Duine i gcathaoir a ghradaim, súidhfidh sibh ar dhá chathaoir déag ag tabhairt breithe ar dhá threibh déag Israéil.


Agus d’fhreagair Íosa agus dubhairt sé leó: Go deimhin adeirim libh, má bhíonn creideamh agaibh, agus ná staonfaidh sibh, déanfaidh sibh, ní h-amháin an nídh seo an chrainn fíge, ach má deireann sibh leis an gcnoc so, Tóg agus caith thu féin isteach sa bhfaraige, déanfar é.


Dubhradar-san: An chéad fhear. Dubhairt Íosa leó: Go deimhin adeirim-se libh-se, raghaid na puibliocánaigh agus na striapacha isteach i bhflathas Dé rómhaibh-se.


Go deimhin adeirim libh, tiocfaidh na neithe sin go léir ar an sliocht so.


Agus dubhairt seisean leó ’ghá bhfreagra: An bhfeiceann sibh na neithe sin go léir? Go deimhin adeirim libh, ní fágfar anso cloch ar muin cloiche gan raobadh.


Go deimhin adeirim libh, cuirfidh sé os cionn a choda go léir é.


Ach d’fhreagair seisean agus dubhairt: Go deimhin adeirim libh, ní’l aon aithne agam oraibh.


Agus déarfaidh an Rí ’ghá bhfreagra: Go deimhin adeirim libh, an fhaid a dheineabhair é do dhuine de’n chuid is suaraíghe de m’bráithribh anso, do dheineabhair dómh-sa é.


Ansan déarfaidh sé ’ghá bhfreagra: Go deimhin adeirim libh, an fhaid nár dheineabhair d’aoinne de’n mhuintir suarach so é ’níor dheineabhair dómh-sa é.


Go deimhin adeirim leat, ní thiocfair amach as san go ndíolair an fheóirling dheirineach.


Agus nuair a bheidh sibh ag déanamh trosgaidh ná bídhidh gruamdha ar nós na bhfeallairí; óir doirchighid siad a gceannacha, i dtreó go samhlóchadh na daoine iad a bheith ag déanamh trosgaidh. Go deimhin adeirim libh, tá a dtuarasdal fághalta acu.


D’á bhrígh sin, nuair a bheidh déirc agat ’á dhéanamh ná bíodh adharc d’á séideadh rómhat amach agat, mar a bhíonn ag na feallairíbh ins na sinagógaibh agus ar na sráidibh, i dtreó go dtabharfadh na daoine onóir dóibh. Go deimhin adeirim libh, tá a dtuarasdal fághalta acu.


Agus nuair airigh Íosa san do dhein sé iongna dhé; agus dúbhairt se leis an muíntir a bhí ’ghá leanmhaint: Go deimhin adeirim libh, ní bhfuaras a leithéid sin de chreideamh i n-Israél.


Go deimhin a deirim libh, an t-é ná glacfaidh rígheacht Dé ar nós leinbh, ní raghaidh sé isteach ann.


Agus d’fhreagair Íosa agus dubhairt. Go deimhin adeirim-se libh-se, níl aon duine a dh’fhágfaidh a thigh, ná a dhritháracha, ná a dhriféaracha, ná a athair ná a mháthair, ná a chlann, ná a chuid tailimh, ar mo shon-sa agus ar son an tsoisgéil,


Go deimhin a deirim libh, an t-é a déarfaidh leis an gcnoc so: Tógtar thu agus caithtear sa bhfaraige thu, agus ná staonfaidh sé ’n-a chroidhe, ach go gcreidfidh sé go ndéanfar an rud adeir sé, déanfar é dhó.


Agus ghlaoidh sé chuige a dheisgiobuil agus dubhairt sé leó: Go deimhin a deirim libh gur mó a chuir an bhaintreach bhocht dhealbh so isteach sa chiste ’ná mar a chuir aoinne eile d’ár chuir rud ann;


Go deimhin a deirim libh, ní h-imtheóchaidh an tsliocht so go dtagaid na neithe seo go léir chun cinn.


Agus nuair a bhíodar ’n-a suidhe agus ag ithe, dubhairt Íosa: Go deimhin a deirim libh, tá duine agaibh-se, atá ag ithe am theannta, agus díolfaidh sé mé.


Go deimhin adeirim libh, ná h-ólfad feasda de’n toradh so na fíneamhna go dtí an lá san ’n-a n-ólfad nua é i rígheacht Dé.


Agus dubhairt Íosa leis: Go deimhin adeirim leat, sa lá so againn, anocht féin, séanfair mé fó thrí sar a nglaoidhfidh an coileach an tarna h-uair.


Go deimhin adeirim libh: sé áit ’n-a gcraobhsgaoilfar an soisgéal so ar fuid an domhain go léir, neósfar ann, mar chuimhneamh uirthi seo, an nídh atá déanta aici.


Go deimhin adeirim libh, maithfar do’n chine daona gach peacadh agus gach diamhasla d’á ndéanfaid siad;


Agus pé duine ná glacfaidh sibh nó na h-éistfidh libh, imthighidh as an áit sin agus deinidh an ceó chrothadh d’bhúr gcosaibh mar fhiadhnaise ’n-a gcoinnibh.


Agus dhein sé osna ’n-a spioraid, agus dubhairt sé: Cad ab áil leis an sliocht san ag lorg cómhartha? Go deimhin a deirim libh, ní tabharfar cómhartha do’n tsliocht san.


Agus i gceann sé lá do thóg Íosa leis Peadar agus Séamus agus Eóin agus do sheól sé iad, ’n-a n-aonar, suas ar chnoc árd, fé leith, agus d’athruigh a dhealbh os a gcómhair.


Agus aoinne thabharfaidh droch-shampla do dhuine de’n mhuintir bheag so a chreideann ionam-sa, b’fhearra dhó dá gcurtí bró mhuilinn ar a mhuineál agus é chaitheamh sa bhfaraige.


Ó fhuil Ábeil go fuil Shacariais a marbhuigheadh idir an altóir agus an teampal. Mar sin, adeirim libh, éileófar é ar an sliocht so.


Is aobhinn do sna seirbhísigh sin a gheobhaidh a dTighearna ag déanamh na faire nuair a thiocfaidh sé; go deimhin adeirim libh, cuirfidh sé a chrios uime agus cuirfidh sé ’n-a suidhe iad, agus déanfaidh sé friothálamh ortha sa tímpal.


Féach, fágfar agaibh bhúr dtigh go folamh, agus deirim libh ná feicfidh sibh mise go dtagaidh an tráth ’n-a ndéarfaidh sibh, Moladh leis an t-é atá ag teacht i n-ainim an Tighearna.


Ach is usa neamh agus talamh do dhul ar neamhnídh ’ná aon phúnc amháin de’n dlígh do dhul ar neamhnídh.


Go deimhin adeirim libh: Aoinne ná glacfidh rígheacht Dé mar a dhéanfadh leanbh ní raghaidh sé isteach ann.


Agus dubhairt sé leó: Deirim libh go fíor, ní’l aon duine a dh’fhág tigh ná muintir ná dritháracha ná bean ná clann ar son rígheachta Dé,


Agus dubhairt Íosa leis: Deirim, leat go fíos go mbeidh tú i bhflathas Dé indiu am’ fhochair-se.


Agus dubhairt sé leó: Go deimhin adeirim libh, ní glactar aoinne i n’fháidh ’n-a dhúthaigh féin.


Agus dubhairt sé leis: Go deimhin deimhin adeirim libh, chífidh sibh na flaithis ar osgailt, agus aingil Dé ag dul suas agus ag teacht anuas ar Mhac an Duine.


Go deimhin deimhin adeirim libh, an t-é ná tagann an dorus isteach i gcró na gcaorach, ach do thagann isteach ar a mhalairt de chuma le sárú, bitheamhnach iseadh é sin agus robálaidhe.


Ansan dubhairt Íosa leó airís: Go deimhin deimhin adeirim libh gur mise dorus na gcaorach.


Go deimhin, deimhin, a deirim libh, mura bhfaghaidh an gráinne arbhair a thuiteann sa talamh bás,


Go deimhin, deimhin, adeirim libh. Ní’l an seirbhíseach níos mó ’na a mháighistir, ’ná ní’l an t-aspol níos mó ’ná an t-é chuir uaidh é.


D’fhreagair Íosa é: Tabharfair t’anam ar mo shon? Go deimhin, deimhin, adeirim leat, ní ghlaodhfaidh an coileach sar a séanfair trí h-uaire mé.


Nó murab é sin é, creididh mé mar gheall ar na h-oibreacha féin. Go deimhin, deimhin, adeirim libh, an t-é a chreideann ionam-sa, na h-oibreacha a dheinim-se déanfaidh sé féin iad, agus déanfaidh sé oibreacha is mó ’ná iad; mar táim-se ag dul ag triall ar an Athair.


Go deimhin, deimhin, adeirim libh, go ndéanfaidh sibh caoi agus gol, agus go mbeidh áthas ar an saoghal; agus go mbeidh sibh-se buartha, ach iompófar bhúr mbrón chun áthais.


Agus ní fhiafróchaidh sibh aon nídh dhíom-sa an lá san. Go deimhin, deimhin, adeirim libh, má iarrann sibh aon rud ar an Athair am’ ainim tabharfaidh sé dhaoibh é.


Go deimhin, deimhin, adeirim leat, nuair a bhís níb’ óige, churthá féin do chrios umat agus do shiúbhalthá sa n-áit ba thoil leac; ach nuair a chríonóchair, sínfir amach do lámha agus cuirfidh duine eile do chrios umat agus seólfaidh sé thu sa n-áit nách toil leat.


Go deimhin deimhin adeirim leat, an nídh atá ar eólus againn gur b’é adeirimíd, agus an nídh a chonacamair gur b’air a dheinimíd fiadhnaise, agus ní ghlacann sibh an bhfiadhnaise.


Dubhairt Íosa leis ’ghá fhreagradh: Go deimhin deimhin adeirim leat, mura mbéarfar duine an tarna h-uair, ní féidir dó rígheacht Dé a d’fheisgint.


Dubhairt Íosa ’ghá fhreagradh: Go deimhin adeirim leat, mura n-aithgheintear duine ó uisge agus ó’n Spioraid Naomh, ní féidir é dhul isteach i rígheacht Dé.


Ach d’fhreagair Íosa agus dubhairt se leó: Go deimhin deimhin adeirim libh, ní féidir do’n Mhac aon nídh a dhéanamh ach an nídh a chíonn sé ag an Athair ’á dhéanamh; óir pé neithe a dheineann seisean deineann an Mac, leis, iad ar an gcuma gcéadna.


D’fhreagair Íosa iad agus dubhairt sé: Go deimhin deimhin adeirim libh, táthaoí a’m lorg-sa, agus ní mar gheall ar na mírbhúiltíbh a chonacabhair é, ach mar gheall ar na bulógaibh a dh’itheabhair agus do shásaimh sibh.


Ansan dubhairt Íosa leó: Go deimhin deimhin adeirim libh, ní h-é Maois a thug arán ó neamh daoibh, ach isé m’ Athair-se a thugann dhaoibh an t-arán fírinneach ó neamh.


Go deimhin deimhin adeirim libh, An t-é a creideann ionam-sa tá an bheatha shíoruidhe aige.


Ansan bhí na Iúdaigh ag aighneas eatartha féin, agus deiridís: Conus is féidir dó so a chuid feóla féin a thabhairt le n-ithe dhúinn?


D’fhreagair Íosa iad: Go deimhin deimhin adeirim libh, gach aoinne a dheineann an peaca tá sé ’n-a dhaor ag an bpeaca.


Go deimhin deimhin adeirim libh, má choimeádann aon duine mo bhriathar ní fheicfidh sé bás go deó.


Agus dubhairt Íosa leó: Go deimhin deimhin adeirim libh, táim-se ann ó roimh Ábraham a bheith ann.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí